Salm Leabhar na Salm
Leabhar na Salm
Brollach
Na Gaeil agus na Sailm
“’Oisín, is fada do shuan; éirigh suas is éist an salm.” Briathra sin Phádraig, as Agallamh Oisín agus Phádraig, tugann siad le tuiscint dúinn cé chomh domhain agus a chuaigh na Sailm agus an tSalmaireacht i bhfeidhm ar mhuintir na hÉireann agus ar a haos dána. Thug an focal salm féin téarmaí dúinn amhail salmchiallach, salmcheadal, salmchráifeach. Is í is bunbhrí le “saltair” do Chríostaí ón Iarthar ná an Duanaire le céad caoga salm. Sa Ghaeilge, áfach, tugadh “saltair” mar theideal ar chnuasaigh seachas Duanaire Dháiví, e.g. Saltair Chaisil, Saltair na Teamhrach, Saltair na Muice.
Ní hionadh, i slí, gur fíodh Salm agus Saltair chomh domhain sin isteach i meon agus litríocht na nGael. Ba trí na Sailm, as Laidin, a fhoghlaim an mac leinn an léamh agus an léann, ag tosú dó ar a sheacht mbliain dʼaois. An píosa scríbhneoireachta is sine atá againn in Éirinn, ó thús an tseachtú céad, téacs de na Sailm as Laidin atá ann, scríofa ar thabhaill céarach amhail is dá mbeadh sé dá úsáid ag daltaí scoile. Mar leis an manach, bhí an tSaltair taobh leis ar feadh a shaoil go léir, mar leabhar urnaithe agus mar ábhar léinn. Tá againn mar oidhreacht ó luathré na hEaglaise in Éirinn, ó A.D. 600 go 1200, téacsanna den tSaltair a scríobh na manaigh, na réamhráite agus na gluaiseanna mínithe a chuireadar leis na Sailm, agus an méid sin go léir as Laidin agus as Gaeilge. Bhí meas ag na manaigh ar an tSaltair agus grá acu di. Ba bhinn leo na Sailm a chanadar, mar a deirtear le Pádraig san Fhiannaíocht. Tá againn ó pheann Mhaoil Íosa Uí Bhrolchán (11ú céad) dán álainn do “Chríonóg”, sean-Saltair a bhí aige mar mhac léinn (“maccán mall secht mbliadan mbinn”) gur tháinig sé arís uirthi na blianta fada níos déanaí agus é sean. Bhí grá aige di, a “lí lasrach lán dá searc”. Labhraíonn sé léi mar seo: “Tá an domhan mór lán de do chlú; is iontach do thuras ar gach slí; má leanaim do theagasc gach lá, tiocfaidh mé slán chun Dé. Tugann tú fianaise shoiléir do gach duine ar thalamh nach díomhaoin guí dhúthrachtach chun Dé.” Tá briathra sin Mhaoil Íosa ag moladh na Saltrach ar aon dul le fianaise na hEaglaise ó thosach anall.
An tSaltair: Tús agus Fás
Duan diaga is ea Salm; dán a cumadh lena chanadh do cheol téide (cláirsí cruite, etc.), sin é is brí le psalmos na Gréigise agus psalmus na Laidine as ar tháinig chugainn an focal salm; dán is ea é le canadh le psalterion, psalterium, le saltair, arb uirlis cheol téide í. Is ionann brí do mizmor, an focal Eabhraise ar “salm”. Duanaire 150 dán, is ea an tSaltair. Ní hé nach bhfuil dánta dá leithéid le fáil taobh amuigh den tSaltair. Tá Salm 18 arís in 2 Sam. 22, agus tá dánta a bhféadfaí Sailm a ghairm díobh sa Bhíobla taobh amuigh den tSaltair, e.g. Ís. 38:10-20; Ióna 2:3-10. Is gnáth “cainticí” a thabhairt ar a leithéid de dhán, áfach.
Céad is caoga líon na Salm sa tSaltair–“na Trí Caogaid” mar a thug na Gaeil uirthi. Tá fíorlíon na Salm níos lú ná sin, áfach, de bhrí go bhfuil roinnt Salm ann faoi dhó, .i. Sm. 14 = Sm. 53; 70 = 40:14-18; 108 = 57:8-12 + 60:8-14. Chomh maith leis sin ba aon Salm amháin Sm. 42 agus 43, mar is léir ón luinneog in 42:5, 11 agus 43:5. Bíodh gurb ionann líon na Salm sa tSaltair, sa bhun-Eabhrais agus sna haistriúcháin éagsúla, ní ionann an uimhir atá ar na Sailm idir Sm. 8 agus 148. Tá an téacs Eabhraise agus na haistriúcháin a leanann é ceann chun tosaigh ar aistriúchán Gréigise an tSeachtóid agus ar na haistriúcháin a leanann é (e.g. an Vulgáid Laidine, agus roinnt aistriúchán Caitliceach). Is é is fáth leis sin ná go bhfuil dhá Shalm san Eabhrais do Sm. 9 sa Seachtód agus dhá Shalm sa Seachtód do Sm. 147 na hEabhraise. Ní miste a rá chomh maith go bhfuil éagsúlacht bheag maidir le huimhriú na véarsaí sna Sailm ar leith de réir mar a ghlactar nó nach nglactar le teideal an tSailm mar chuid den chomhaireamh.
Tá cuma sheachtrach cúig leabhar ar an tSaltair faoi mar atá sí againn anois agus ainteafan molta Dé mar fhoircheann ar an gcéad ceithre cinn mar seo a leanas: (I) Sailm 1-41; (II) Sm. 42-72; (III) Sm. 73-89; (IV) Sm. 90-106; (V) Sm. 107-150. Is leor scagadh a dhéanamh ar an bhfriotal, ar na duibléidí luaite ó chianaibh agus ar fhianaise eile lena dhéanamh deimhin de nach bhfuil an leagan amach seo bunúsach, go raibh bailiúcháin eile, duanairí eile, ann atá níos ársa agus gur de réir a chéile a tiomsaíodh na cnuasaigh sin leis an tSaltair is eol dúinn a thabhairt dúinn. Seo iad na bailiúcháin bhunúsacha atá aimsithe taobh thiar den tSaltair: (I) Sm. 3-41, ar a dtugtar An Mhór-Dhíolaim Dháivídeach, de bhrí go leagtar na Sailm go léir ar Dháiví sna teidil. (II) Sm. 42-83, ar a dtugtar An Díolaim Eilóihisteach, de bhrí go seachnaítear úsáid Iáivé (= “An Tiarna”), naomhainm Dé Iosrael, agus go mbaintear úsáid as an bhfocal Elohím (= “Dia”) ina áit. Atheagrú, is dócha, is cúis le naomhainm Iáivé bheith fágtha ar lár. Déantar comparáid idir na téacsanna céanna i Sm. 14 agus 53; Sm. 40:14-18 agus Sm. 70. Ní foláir gur bailiúchán de dhíolamaí eagsúla atá anseo: (a) 42-49: Sailm Chlann Chorach, agus an Teampall mar phríomh-théama; (b) 50, 73-83: Sailm leagtha ar Ásáf, agus claonadh chun teagaisc iontu; (c) 51-72: Miondíolaim Dháivídeach (an t‑iomlán acu, cé is moite de 4 cinn, leagtha ar Dháiví). (III) Sm. 84-89, Sailm a leagtar ar dhaoine éagsúla; sórt aguisín é seo don díolaim i Sm. 42-83. (IV) Sm. 90-150, ar a dtugtar An Díolaim Iáivisteach gan Ainm, de bhrí go bhfuil an naomhainm Iáivé comónta ann agus nach bhfuil ainm údair ná eile leis na Sailm. Tá an cnuasach seo curtha le chéile ó mhiondíolamaí éagsúla: Sm. 92-100; 104-118; 120-134 (Amhráin Oilithreacha), 135-137, 146-150 (Sailm Hallel).
De réir na fianaise, mar sin, tá stair fhada, chasta, ag an tSaltair mar is eol dúinn í. I dtosach báire, ar ndóigh, bhí na Sailm aonair ann. Ansin, rinneadh Sailm aonair a bhailiú le chéile i nduanairí. Is dócha go raibh díolamaí éagsúla dá n‑úsáid san am céanna agus, bʼfhéidir i sanctóirí éagsúla, nó chun úsáide ceoltóirí claisceadail (clann Chorach, Ásáf). Na teidil atá mar thús ag formhór na Salm, ní mheastar anois gur chuid bhunúsach de na Sailm iad, ó mheabhair agus ó pheann údar na Salm. Cuireadh leis na Sailm níos déanaí iad, de réir dealraimh, nuair a bhí na Sailm dá gcur le chéile i nduanairí, bʼfhéidir. Na teidil seo, ní dʼaon mhianach iad go léir. Luann cuid acu ainm dílis (“Salm le Dáiví, le hÁsáf”, “le clann Chorach …”) mar údar, nó bʼfhéidir mar chantaire an tSailm. Uaireanta tá téarmaí teicniúla ann, de réir dealraimh le nádúr an tSailm a chur in iúl (e.g. mictam, mascíl, siggayon). Uaireanta eile bíonn téarmaí teicniúla ceoil iontu; nodanna mar “do stiúrthóir an chóir”; tagairt do na gléasanna ceoil ba chóir a úsáid–téada ceoil, gaothuirlisí (Sm. 5), nó an fonn gur chóir an Salm áirithe a chanadh chuige. Ní mór a rá go bhfuil cuid de na téarmaí seo doiléir go leor, agus nach féidir thar buille faoi thuairim a thabhairt maidir le haistriú. Mar an gcéanna leis a téarma selah, go mbaintear feidhm as 71 uaire i gcorp na Salm agus faoi 3 i leabhar Habacúc. I gcéad trí leabhar na Salm a faightear é (67 uaire) ach go háirithe. Dʼaistrigh an Seachtód é mar diapsalma (= idircheol?), agus Iaróm mar “go deo”. Níltear fós ar aon tuairim faoi cad is brí leis an téarma: (an guth) “níos airde”, nó de réir scoláirí eile, “síneadh” (chun adhartha). Fágtar an téarma ar lár i roinnt de na nua-aistriúcháin.
Dáiví Rí agus an tSaltair
Sna teidil atá ag gabháil leis an téacs Eabhrach leagtar 73 de na Sailm ar Dháiví, agus sa Tiomna Nua i gcás 6 Shalm (2, 16, 32, 69, 109, 110) deirtear gurb é Dáiví atá ag labhairt iontu. Glacann an Tiomna Nua le traidisiún na nGiúdach a mheas gurb é Dáiví rí údar formhór mór na Salm. Is deacair a chinneadh cad í an bhaint a bhí ag Dáiví leis an tSaltair nó cé mhéid Salm atá uaidh nó óna ré. Bhí claonadh ann an céad seo ghabh tharainn a mheas gur ar éigin atá Salm ar bith ann ó aimsir Dháiví nó na ríthe, go mbaineann siad leis an ré tar éis deoraíocht na Bablóine agus sciar maith díobh le ré na Macabaech (165 go 100 R.Ch.). Is beag duine anois a ghlacfadh go bhfuil aon Salm chomh déanach le ré na Macabaech, nó ó dháta tar éis 300 R.Ch. Is é is dóiche ná go bhfuil na Sailm atá ag cur síos ar an rí Dáivídeach ó aimsir na ríthe (roimh 586 R.Ch.) agus roinnt áirithe Salm eile chomh maith. Seans maith go bhfuil roinnt Salm againn ó aimsir Dháiví, agus, bʼfhéidir, roinnt ó Dháiví féin, rud a bheadh deacair a chruthú trí ghnáthmhodhanna staire nó litríochta ar ndóigh. Ach bheadh sé deacair a shéanadh go raibh baint dhlúth ag Dáiví le salmaireacht agus le hord agus eagar a chur ar chultas Iosrael. Maidir leis an tsalmaireacht féin, is ársa í ná ré Dháiví. Bhí duanta agus sailm dá gcumadh sa Mheaspatáim agus san Éigipt roimh aimsir Dháiví, agus fiú roimh laethe Mhaois, agus is féidir linn feidhm a bhaint as litríochtaí na dtíortha sin le filíocht na Salm a mheas.
Buntéacs agus Aistriúcháin
Is san Eabhrais, an teanga naofa, a céadscríobhadh na Sailm go léir. Ní gá a rá nach bhfuil téacs ar bith de na Sailm atá gar do dháta na bunscríbhinne. Ón deichiú céad den ré Chríostaí, nó mar sin, an téacs iomlán Eabhraise is sine atá againn de na Sailm. Tá blúirí den tSaltair againn, áfach, atá i bhfad níos aosta ná sin, e.g. na codanna di i lámhscríbhinní na Mara Mairbhe ón chéad aois R.Ch. agus ón chéad aois A.D. Rinneadh an t‑aistriúchán Gréigise, an Seachtód, sa dara haois roimh Chríost. Bhain an Tiomna Nua úsáid leathan as an leagan sin. Tá aistriúcháin eile Ghréigise againn ó Siomachas, Teodotion agus Acuila–ón dara haois A.D. cé go bhfuil fréamhacha níos sine ná sin ag cuid acu. Ón nGréigis a rinneadh an leagan Sean-Laidine. Cheartaigh Iaróm Naofa leagan amháin de seo de réir na hEabhraise, agus glacadh lena leagan leasaithe siúd i Vulgáid Eaglais an Iarthair. (Tugtar an Gallicanum ar an leagan seo chomh maith.) Rinne Iaróm leagan nua díreach ón Eabhrais chomh maith, ar a dtugtar an Iuxta Hebraeos nó an Hebraicum, ceann a bhí níos oiriúnaí do scoláirí ná don liotúirge. Tá cóipeanna againn as Éirinn de dhá leagan sin Iaróim, agus is soiléir gur baineadh úsáid astu araon abhus. (Ní miste a rá chomh maith go raibh scoláirí áirithe Éireannacha sa Mhór-Roinn sa naoú haois ag baint feidhm as an tSaltair Ghréigise; tá fiú Saltair Ghréigise againn ó pheann Sedulius Scottus.) Rinneadh leagan nua Laidine ón bhunEabhrais faoi ordú Pius XII agus foilsíodh é sa bhliain 1945. Ní dócha go raibh aon aistriúchán Gaeilge den tSaltair ar fáil roimh an ceann a rinneadh faoi threoir Uilliam Bedell, Sasanach agus Easpag Protastúnach na Cille Móire, mar chuid dá aistriúchán den Sean-Tiomna. Ó Bhéarla an Authorized Version (1611) a rinneadh an t‑aistriúchán seo agus Muircheartach Ó Cionga agus Séamas Neangail mar aistritheoirí. Bíodh go raibh an leagan seo réidh faoi 1640, níor foilsíodh é go 1685. Clóbhuaileadh an téacs go minic ina dhiaidh sin, agus glacadh isteach i Leabhar na nUrnaithe Coiteanna é. In 1690 foilsíodh leagan de curtha in oiriúint do Ghaeilge na hAlban ag Roibeard Kirke. Foilsíodh aistriúchán nua, leis an Canónach Cosslett Quin, de Shaltair Leabhar na nUrnaithe Coiteanna sa bhliain 1965. Ó Bhéarla an Great Bible, 1539, an t‑aistriúchán. Ní dócha go raibh aon aistriúchán Gaeilge ar na Sailm go léir ag Caitlicigh go dtí ár linn féin. Sna lámhscríbhinní tá aistriúchán fileata Gaeilge ar Shailm na hAithrí ón 17ú haois ar fáil. Tá leagan próis de na Sailm chéanna i lámhscríbhinní ón 17ú céad i leith, leagan bunaithe ar Bhíobla Bhedell. Aistriúchán díreach ó théacs na hEabhraise é seo.
Filíocht na hEabhraise
I bhfilíocht atá an tSaltair scríofa, ach i bhfilíocht an Oirthir atá neamhchosúil go maith le filíocht an Iarthair. Ní miste eolas éigin a chur ar rialacha bunúsacha na filíochta sin le meas cóir a chur uirthi. Dar ndóigh, ní gá a rá go bhfuil filíocht sa Bhíobla seachas an tSaltair. Tá sí le fáil chomh maith, taobh amuigh di, i Leabhair na bhFáithe, sna hOlagóin, in Iób, na Seanfhocail agus in áiteanna eile nach iad. Gné bhunúsach, agus gné shuntasach, de fhilíocht na hEabhraise is ea an chomhthreomhaireacht .i. líne nó leathvéarsa ag freagairt do líne nó do leathvéarsa eile ó thaobh smaoinimh agus friotail de. Sainghné í seo nach gcailltear in aistriúchán. Bíodh is nach bhfuil na scoláirí go léir ar aon fhocal faoi fhoranna na comhthreomhaireachta, is féidir linn dhá phríomhroinn di a aithint, .i. comhthreomhaireacht chomhchiallach agus comhthreomhaireacht fhritéiseach. Tá comhthreomhaireacht chomhchiallach nuair a deirtear an rud céanna i malairt focal sa dara líne nó leathvéarsa agus a dúradh sa céad cheann, e.g. “Tháinig tine as Heisbeon/lasair as chathair Shíochón” (Uimh. 21:28; ionann “lasair” agus “tine”, “cathair (an rí) Shíochón” agus “Heisbeon”). Nó arís: “Cad is duine ann go dtógfá ceann de?/nó mac an duine go ndéanfá cúram de?” (Sm. 8:5; ionann “mac an duine” agus “duine”). Tá an saghas seo comhthreomhaireachta an-choitianta i bhfilíocht an Bhíobla–agus i bhfilíocht Chanán chomh maith, mar is léir ó théacsanna Ugarit a fuarthas sna fichidí. Tá comhthreomhaireacht fhritéiseach againn nuair atá codarsnacht an chéad líne nó leathvéarsa sa dara ceann, e.g. “Cuireann mac eagnaí gliondar ar a athair/ach is cúis bhróin dá mháthair amadán mic” (Seanfhocail 10-1); “Óir is cúram don Tiarna slí na bhfíréan,/ach rachaidh slí na n‑éagráifeach ar ceal” (Sm. 1:6). Tá an saghas seo comhthreomhaireachta go minic i litríocht na heagna. Tá aicmí eile comhthreomhaireachta ann chomh maith, agus ar uairibh tugtar isteach iad faoin teideal leathan comhthreomhaireacht shintéiseach. Gné de seo an chomhthreomhaireacht neamhiomlán le cúiteamh, nuair nach mbíonn ach cuid de na téarmaí comhthreomhar, ach an líon céanna focal i ngach líne, e.g. “Scriosfaidh tú: a sliocht: den talamh/agus a gclann: as líon: na ndaoine” (Sm. 21:11). Gné atá gaolmhar leis seo an chomhthreomhaireacht fhorchéimneach nó athráiteach, ina déantar an smaoineamh a sheoladh chun cinn trí athrá, e.g. “Tugaigí don Tiarna a chlann mhac Dé/tugaigí don Tiarna glóir agus cumhacht,/tugaigí don Tiarna an ghlóir is díol dá ainm” (Sm. 29:1-2). Tá an chomhthreomhaireacht áirithe seo feiliúnach do dhán ina bhfuil gluaiseacht i gceist. Tá comhthreomhaireacht gan chúiteamh againn nuair is giorra an dara líne ná an chéad cheann, e.g. “A Thiarna, ná lochtaigh mé i dʼfhearg/agus ná smachtaigh mé i dʼfhraoch” (Sm. 6:2).
Rithim agus Meadaracht
Tá meadaracht rithimeach i bhfilíocht an Bhíobla .i. meadaracht nach bhfuil ag brath ar áireamh na siollaí féin ach ar líon na siollaí aiceanta nó na bhfocal le béim an ghutha. De réir a líon siúd tá meadaracht nó rithimí éagsúla againn, e.g. 3+2; 3+3; 4+4 (.i. trí siollaí aiceanta sa chéad line agus dhá shiolla aiceanta sa chéad cheann eile, etc.). Oireann meadaracht dá leithéid seo do reacaireacht nó léitheoireacht phoiblí agus is minic a dhéanann nua-aistriúcháin aithris uirthi, go háirithe aistriúcháin don liotúirge.
Gné eile de fhilíocht na hEabhraise, cé nach róchoitianta í, ná an t‑aibítreachas. I gcás na Salm ciallaíonn sé Salm cumtha de réir 22 litreacha aibítir na hEabhraise. Is duanta aibítreacha Olagóin Irimia caib. 1-4; Seanfhocail 31:10-31; Sailm 9-10; 25; 34; 37; 111; 112; 119; 145. Tá éagsúlacht teicníce le sonrú sna dánta sin, ach sé Sm. 119 an ceann is casta díobh, le hocht véarsaí do gach litir den aibítir, agus ceann de ocht dtéarmaí an ndlí i ngach véarsa.
Foirm Liteartha na Salm
Sa tSaltair tá roinnt de na Sailm bailithe le chéile de réir caighdeáin áirithe, pé acu seachtrach (ainm Dháiví sa teideal, Sm. 3-41), nó inmhéanach (e.g. an teampall mar théama ag Sailm Chlann Chorach, Sm. 42-49). Ba nós san Eaglais chomh maith é Sailm a rangú i slite áirithe, de ghnáth de réir ábhair, e.g. Sailm na hAithrí, na Sailm Mheisiasacha. Inniu, áfach, is gnáth na Sailm a rangú de réir ábhair agus foirme liteartha agus iarracht a dhéanamh suíomh an tSailm, an úsáid a baineadh as, i gcomh-thionól phobal Iosrael a aimsiú. Tá ceangal go minic idir ábhar agus foirm, agus leanann na Sailm patrún áirithe mar le struchtúr. Ní dócha gur cumadóireacht phríobháideach atá sna Sailm. Is dóichí gur ó inspioráid agus ó pheann filí, agus Salmairí oilte proifisiúnta iad, filí a chum de réir traidisiúin agus a thug an struchtúr a dʼoir don ábhar. Seo leanas na móraicmí ina rangaítear na Sailm de ghnáth anois.
1 Duanta Mholta Dé
Áirítear na Sailm seo a leanas mar Dhuanta Molta: 8; 19; 29; 33; 65; 96; 100; 103; 104; 111; 113-115; 117; 135-136; 145-150. Tá struchtúr simplí ag na Sailm seo: (a) cuireadh le moladh a thabhairt do Dhia; (b) corp an tSailm le fáthanna an mholta; agus (nuair is ann dó), (c) dúnadh an tSailm, ar uairibh sna briathra céanna lenar thosaigh sé (teicníc an inclusio). Sna Sailm seo tá teagasc saibhir againn faoi Dhia na glóire, a cháilíochtaí iomadúla, a mhaitheas mar chruthaitheoir agus mar stiúrthóir an domhain, an cúram atá air i leith gach ar chruthaigh sé, go háirithe an duine daonna agus an pobal a roghnaigh sé dó féin. Ní fios go beacht cá háit sa chultas ar baineadh úsáid as na duanta molta. Bʼfhéidir gur baineadh feidhm astu ar ócáidí éagsúla.
1(a) Amhráin Shíón
Tá an teideal tógtha as Sm. 137:3. San fhoghrúpa seo áirítear Sm. 46; 48; 76; 84; 87 agus 122; bíodh nach bhfuil 122 ar aon dul leis na cinn eile. Foghrúpa de na Duanta Molta iad Amhráin Shíón, go bhfuil cathair naofa Shíón (Iarúsailéim) mar théama acu. Mar aon leis sin tá téarmaíocht faoi leith acu (Sm. 122 as an áireamh), atá gaolmhar i slite le friotal an chéad foghrúpa eile, Sailm Ríogacht an Tiarna: tugtar “an té is Airde” ar Dhia; deirtear go bhfuil sé “uamhnach” (uafásach, creathnach), gur naofa í a rí-chathaoir, a theach, a ainm, a shliabh naofa, go bhfuil a fhlaitheas gan teora, gur díol molta é. Sna Sailm seo, agus in áiteanna eile sa Bhíobla, tá coimpléacs dʼidéanna faoi Shíón, mar shliabh diaga. “Croílár an tuaiscirt” í. Cúis lúcháire agus muiníne aici Dia a bheith ina lár, agus dá bharr sin ní féidir í a threascairt. Roghnaigh Dia í faoi mar a roghnaigh sé rí-theaghlach Dháiví. Dʼeascair an friotal seo as diagacht a cuireadh le chéile faoin gcathair naofa. Réitigh an diagacht seo an tslí do theagasc an Tiomna Nua faoin eaglais agus neamh–an Iarúsailéim Nua.
1(b) Sailm Ríogacht Iáivé
Foghrúpa iad seo chomh maith de na Duanta Molta, ina áirítear Sm. 47; 93; 96-99. Ríogacht agus ríocht Iáivé, Dia Iosrael, atá mar théama ag na Sailm seo. Deirtear iontu go bhfuil Iáivé ina rí, nó go bhfuil sé tar éis teacht i réim (níltear dʼaon tuairim faoi conas ba chóir na briathra Eabhraise Yahweh malak a aistriú); gur rí é toisc gur chruthaigh sé an domhan; gur rug sé an bhua ar a naimhde (an t‑anord, chaos) ag cruthú dó; toisc gur chruthaigh sé pobal dó féin ag an Exodus. Is rí ar an domhan uile é agus cúis lúcháire a ríogacht, óir “ceart agus cóir is bonn lena rí-chathaoir” (Sm. 97:2); tá sé le teacht chun breith a thabhairt ar an domhan le ceart agus cóir. Ní fios go beacht conas a thuig an salmaire ríogacht agus teacht seo Iáivé–i stair Iosrael trí mhóréacht éigin; go spioradálta sa chultas; sa todhchaí. Níltear ar aon tuairim ach oiread fao in dháta na Salm seo, ach tá seans maith ann gur ó chríoch na deoraíochta nó ina dhiaidh sin iad. Tá cosúlacht eatarthu agus diagacht Dara Íseáia (cf. e.g. Ís. 52:7).
2 Sailm Achainí
Is Sailm Achainí (nó Sailm Chaointe) thart ar thrian den tSaltair. Sna Sailm seo léiríonn an salmaire an staid thruamhéileach ina bhfuil sé féin nó pobal Dé agus impíonn sé trua agus cabhair Dé. Tá dhá ghné de na Sailm Achainí ann: achainí an duine aonair agus achainí an phobail. Tá éagsúlacht mhór le sonrú i Sailm Achainí an Duine Aonair: achainí ghinearálta (Sm. 5; 25; 70), achainí ghinearálta dhuine sna cúngracha (Sm. 90; 115; 123), urnaí ghinearálta i gcoinne naimhde (Sm. 3; 55; 56; 59; 64; 71; 140; 142), guí i gcoinne cúiseoirí bréige (Sm. 7; 17; 26; 27; 57; 108A; 109; 139; 19-24); achainí dhuine bhreoite (Sm. 6; 28; 31; 38; 39; 54; 69; 88), achainí dhuine chráifigh (13; 22A; 35; 86), urnaí ag lorg maithiúnais ón bpeaca (51; 130). Ó thaobh struchtúir de: (a) tosaítear trí ghlaoch ar Dhia, uaireanta le briathra láidre; (b) i gcorp an tSailm (mura Salm glan do mhaithiúnas é) léiríonn an t‑achainíoch a bhfuil dá fhulaing aige, ag impí ar Dhia teacht i gcabhair air. Amanta geallann sé faoi mhóid go n‑ofrálfaidh sé íobairt altaithe má dhéantar rud air (cf. Sm. 61:9; 33:13-19; 116:12-19). In ainneoin an chaointe, tá féith an dóchais go láidir sna Sailm seo, agus, ar uairibh, athraíonn an port ó chaoineadh go haltú, agus deirtear go bhfuil Dia tar éis éisteacht a thabhairt. Ní fios go beacht cad is brí leis an gcasadh obann seo: freagra faighte ó Dhia, trí fháidh, sa chultas; Salm caointe dá úsáid mar Shalm altaithe; dhá Shalm (Salm caointe agus Salm altaithe measctha le chéile)–mínithe iad siúd a thugtar. Ach is dócha gur bhain a leithéid dʼiompú tobann leis an saghas seo urnaí; tá sé le fáil i gcaoineadh de chuid Irimia (Ir. 20:11-13).
Maidir le suíomh agus feidhm na Salm seo i saol chlann Iosrael, guíodh in am an ghátair iad. Ní dócha gurb é an t‑easlán nó an té a bhí i gcrua-chás a chum iad, ach go raibh Sailm Achainí shamplacha ar fáil, ar bhain sé úsáid astu (cf. Iób 33:13-28). Ó thaobh teagaisc de, tá léargas le fáil iontu ar thuiscint na nGiúdach ar Dhia in am an ghátair, “nach díomhaoin guí dhúthrachtach chun Dé”. Ba fhairsing é sna cúngraigh; ba ghaire cabhair Dé ná an doras. Bhí Dia tuisceanach, cabhraitheach. Ba spéis leis agus ba chúram dó gnáthfhadhbanna an duine (gnáthfhadhbanna ábhar formhór mór na Salm seo), go háirithe ainnise na hísealaicme, na bochtáin (na trúáin, na daoine dearóile), na anawim. Tá creideamh agus dóchas láidir le sonrú iontu; ní chuirtear an milleán ar Dhia faoin gcruatan, amhail is dá mba éagóir é. Tuigtear gur de dheasca pheaca an duine an t‑olc. Tá tuiscint domhain thar an ngnáth ar an bpeaca, an aithrí agus an maithiúnas le fáil i Sm. 51 (An Miserere) agus i Sm. 130 (An De profundis); tá Sm. 51 go tréan faoi thionchar na bhfáithe, go háirithe an teagaisc in Eizic. 36:25-27.
Is ó na Sailm seo a thógtar an chuid is mó de Shailm na hAithrí. Ach ina measc chomh maith tá na Sailm Eascaine. Maidir leis an olc a ghuíonn an salmaire ó Dhia ar a naimhde sna Sailm seo, ní mór a rá go mbaineann cuid de le meon an tSean-Tiomna, ag léiriú mianta nach ceadaithe do Chríostaithe (cf. Matha 5:21-48). Ar an taobh eile den scéal is é a bhí ó na salmairí go príomha ná go léireofaí an cothrom agus an chóir, agus de bhrí nach raibh léargas géar acu ar chúiteamh sa saol eile, leag siad an bhéim air sa saol seo. Mar Shailm Achainí an Phobail, ag guí do leas an phobail in am an ghátair, áirítear Sm. 60; 74; 79; 80; 83; 90; 124; agus bʼfhéidir 137 agus 144. Bhí áit sa chultas oifigiúil dá leithéid dʼachainí (cf. 1 Ríthe 8:31-51), i gcás bhua ó namhaid, triomaigh, gorta etc. Is ionann an struchtúr atá ag na Sailm seo agus ag Sailm Achainí an Duine Aonair.
3 Sailm Mhuiníne
Tá tréith na muiníne as Dia go láidir sna Sailm Achainí, mar a dúradh thuas. Tá Sailm áirithe ann, áfach, ina bhfuil an mhuinín as Dia mar phríomhthéama: Sm. 4; 11; 16; 23; 27; 62; 131 (Sailm Mhuiníne an Duine Aonair); Sm. 125 (Salm Muiníne an Phobail).
4 Sailm Altaithe
Dʼfhéadfaí na Sailm seo a rangú faoi na Duanta Molta Dé, agus déantar amhlaidh uaireanta, toisc gurb ionann an briathar san Eabhrais ar “Dia a mhóradh (a mholadh)” agus “buíochas a ghabháil le Dia”. Ó thaobh suíomh agus feidhm sa saol, áfach, tháinig siad tar éis crua-chás agus na Sailm Achainí mar is léir ó Iób 33:26-28. Is dealraitheach gur lean altú de ghnáth éisteacht achainí a fháil ó Dhia. Tá seo intuigthe ó théacs Iób a tugadh ó chianaibh. Sa Bhíobla féin (Léiv. 7:12-13; 27:29-30; cc. 16-17; 22:18-23) tá treoracha leagtha síos dʼíobairtí faoi leith sa Teampall ina bhféadfaí buíochas a ghabháil go poiblí le Dia. Is dócha gur baineadh úsáid as na Sailm Altaithe sna searmanais sin. Ar a shon sin is uile, níl líon na Salm Altaithe atá againn sa tSaltair rómhór. Mar Shailm Altaithe Duine Aonair tá Sm. 9-10, 18, 22, 32, 34, 92, 116, 118 agus 138; mar Shailm Altaithe an Phobail, Sm. 124 agus bʼfhéidir Sm. 66:18-22, 67 agus 129. Ó thaobh struchtúir de: mar thús glaotar ar ainm Dé agus luaitear rún an tsalmaire buíochas a ghabháil. I gcorp an tSailm tugtar cúis an altaithe .i. an cúnamh a thug Dia. Mar dhúnadh bíonn altú ann an athuair, sin nó cuireadh chun altaithe. Uaireanta i gcorp an tSailm, mar bhonn don altú, léirítear an ainnise ina raibh an duine, agus, chun sin a dhéanamh, baintear úsáid as an Salm Achainí a ghuigh sé, cf. Ís. 38:10-20; Sm. 22. Dá bharr seo, ar uairibh níltear cinnte an Salm Achainí ann féin nó Salm Achainí dá úsáid mar Shalm Altaithe, nó meascán den dá rud, a bhíonn i Salm áirithe.
5 Sailm Ríoga
Rangaítear na Sailm seo a leanas de ghnáth mar Shailm Ríoga: Sm. 2, 18, 20, 21, 45, 72, 101, 110, 132 agus bʼfhéidir 89 agus 118. Ní toisc go bhfuil foirm liteartha do Shalm Ríoga ann a dhéantar an rangú seo ach toisc go bhfuil an rí mar ábhar acu. Ó thaobh genre liteartha de, baineann na Sailm seo le foirmeacha éagsúla: duan oirnithe rí (Sm. 2, 110), dán pósta (45), Salm Achainí (10, 72), altú (18, 21, 118), liotúirge (101, 110, 132) nó le genre measctha (89).
Le roinnt de na tagairtí sna Sailm seo a thuiscint, ní miste súil a chaitheamh ar léargas an tSean-Tiomna ar ionad Dháiví rí, ionad theaghlach Dháiví agus an rí Dháivídigh, i bplean Dé. Roghnaigh Dia Dáiví agus rinne sé conradh sollúnta leis go raibh a rí-theaghlach le bheith buan (cf. Sm. 89:20-38; 132:11-13). Ba ungthach an Tiarna, Meisias, gach rí Dáivídeach; mac altrama Dé a bhí ann. Bhí gaol faoi leith aige le Dia, agus dá bhrí sin níor mhór dó creideamh láidir a bheith aige agus muinín as Dia Iosrael (Sm. 21). I dteaghlach Dháiví, i ndualgas an rí, chonaic Iosrael a dhán féin, misean phobal Dé ar domhan. Agus iad ag machnamh ar an rí agus ag scríobh nó ag labhairt faoi, bhí an figiúr idéalach, diagachta, os comhair a n‑aigne oiread agus a bhí an duine áirithe daonna a bhí i réim nó ag teacht chun réime san am, nó níos mó ná sin. Mar sin ní áiféis oirthearach nó stíl na cúirte amháin is cúis le ráitis faoi réimeas uilí an rí agus rudaí eile dá leithéid.
Na Sailm seo faoin rí, is dócha gur i ré na ríthe a cumadh iad .i. roimh dheireadh a réimeas sa bhliain 586 R.Ch. An fhallaing órga a fhígh na salmairí don rí Dáivídeach, ba róshaibhir í le bheith in oiriúint do rí ar bith díobh. Níor comh-líonadh a ndúradh sna Sailm seo i nduine ar bith acu. Agus de bhrí gurb fhíor a ndúradh, briathar Dé féin, rinneadh tairngreacht de; níorb fholáir go gcomhlíonfaí lá éigin iad. Bhí ionad mór ag na Sailm seo, mar sin, i mbuanú agus i dtreisiú dhóchas Iosrael sa té úd a bhí le teacht, mac Dháiví, go raibh an réimeas geallta dó.
6 Sailm Eagnaíochta agus Theagaisc
Téann traidisiún na heagna in Iosrael i bhfad siar. Bhí bláth air in aimsir Sholaimh féin. Ceisteanna móra do eagnaithe Iosrael ab ea an sonas agus ceist an chúitimh, an luach saothair ó Dhia ar olc agus maith. Tá roinnt Salm ann a bhfuil sin mar théama acu agus rangaítear mar Shailm Eagnaíochta iad: Sm. 1, 32, 34, 37, 49, 112, 128. Tá roinnt Salm eile ann a chuireann síos go machnamhach ar stair Iosrael (e.g. Sm. 73, 127, 133) nó ar an dlí (Sm. 18B, 119). Tréith sheachtrach de chuid de na Sailm seo is ea iad a bheith cumtha de réir ord aibítre (Sm. 34, 37, 112, 119). Meastar nach bhfuil na Sailm seo ró-aosta, ón deoraíocht nó ón ré iardheoraíochta. Bʼfhéidir gur don scoil nó dʼúsáid phríobháideach a cumadh iad.
7 Foirmeacha Measctha
Tá roinnt Salm ann nach féidir a rangú i gceann ar bith de na móraicmí thuasluaite, nó go bhfuil meascán de fhoirmeacha éagsúla iontu. Dʼfhéadfadh sé seo bheith amhlaidh toisc gur Sailm dhéanacha iad, ó ré ina raibh an inspioráid chun cumadóireachta spíonta agus na genres dá meascadh. Ach ansin arís, nílimid deimhin de go raibh na foirmeacha chomh “glan” sin i dtosach báire.
Na Sailm: Urnaí Shíoraí
Tá na Sailm dá nguí leis na cianta anois ag Giúdaigh agus ag Críostaithe, cuid acu thar thréimhse 2500 bliain. Ach in ainneoin a n‑ársaíochta, tá úire ag roinnt leo i gcónaí; labhraíonn siad le hanam agus croí gach aoise. Teist an méid sin ar fhírinne a ndúirt Aithreacha na hEaglaise faoi na Sailm. Mar a dúirt Athanáis Naofa, is sórt scátháin iad na Sailm, scáthán inar féidir le gach duine a chanann iad mothúcháin a anama féin a aireachtáil. An té a chloiseann iad dá léamh, measann sé gur dó féin a cumadh iad. Nó, mar a deir Baisil Naofa, is stóras de thogha agus rogha theagasc an Bhíobla na Sailm; tugann siad chun cuimhne an stair atá caite, tugann siad treoir don saol atá ann agus tá fáistiní iontu faoina bhfuil i ndán dúinn.
An mórmheas a bhí riamh anall san Eaglais ar na Sailm, tá sé léirithe arís i slite úra inniu, go háirithe sa liotúirge–sa leicseanáir nua ina bhfuil Salm cuí curtha le gach léacht tosaigh den Aifreann, agus sa phortús nua mar a bhfuil leagan amach nua ar na Sailm agus mar a bhfuil úsáid nua dá baint as sean-nósanna, amhail ainteafain, teidil agus orthaí, le brí na Salm do na Chríostaithe a dhéanamh níos soiléire. Is urnaí shíoraí na Sailm de bhrí go bhfreagraíonn siad do mhianta doimhne an anama i ngach aois agus toisc gur bhain creidmhigh feidhm astu i ngach aois ag moladh mórgachta Dé dóibh agus ag ardú a n‑impíocha chuige. Ní hamhlaidh go bhfuil na Sailm éasca le tuiscint. Teist dá mhalairt an lear mór leabhar agus gluaiseanna mínithe atá cumtha ar na Sailm síos trí na haoiseanna. Ach níor mothaíodh gur bhac dosháraithe aon doiléire sna Sailm ar iad a úsáid i gcaidreamh le Dia. Bhí bua mór acu i gcónaí gur faoi inspioráid an Spioraid Naoimh a cumadh iad; gurb iad briathra Dé féin atá iontu. Tuigeadh ag creidmhigh an méid a dúirt Agaistín Naofa: “Ionas go molfaí Dia go cuí ag an duine, rinne Dia é féin a mholadh i dtosach báire. Agus toisc gur dheonaigh Dia é féin a mholadh, fuair an duine eolas ar conas é a mholadh.”
Currently Selected:
Salm Leabhar na Salm: ABN2012
ማድመቅ
Share
Copy
ያደመቋቸው ምንባቦች በሁሉም መሣሪያዎችዎ ላይ እንዲቀመጡ ይፈልጋሉ? ይመዝገቡ ወይም ይግቡ
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.