Geineasas 18
18
Taispeánann an Tiarna é féin i Mamrae
1Thaispeáin an Tiarna é féin dó ag Dair Mhamrae agus é ina shuí i mbéal a bhotha i mbrothall an lae. 2Dʼfhéach sé suas agus bʼshiúd triúr fear ina seasamh ina chóngar. Chomh luath agus a chonaic sé iad, rith sé ó bhéal na botha ina gcoinne agus shléacht go talamh rompu. 3“A thiarna,” ar sé, “más áil leat mé, ná gábh thar do shearbhónta, le do thoil. 4Tugtar braon uisce chugaibh agus ionlaigí bhur gcosa agus ligigí bhur scíth faoin gcrann. 5Tabharfaidh mé greim aráin chugaibh agus bíodh lón agaibh don bhóthar ar aghaidh. Chuige sin a casadh i dtreo bhur searbhónta sibh.” “Déan mar a deir tú,” ar siad.
6Bhrostaigh Abrahám don bhoth go Sárá. “Faigh,” ar sé, “agus fuin trí mhiosúr de phlúr agus déan builíní.” 7Agus rith Abrahám chun an tréada agus rug sé leis lao breá méith agus thug don searbhónta é agus dʼullmhaigh seisean é faoi dheifir. 8Thug sé leis ansin gruth agus bainne agus an lao a bhí réidh aige agus leag sé an chóir sin go léir rompu agus fad a bhíodar ag ithe sheas sé láimh leo faoin gcrann.
9Agus chuireadar ceist air: “Cá bhfuil do bhean Sárá?” “Tá sí sa bhoth,” ar sé. 10“Fillfidh mé ort,” arsa an t‑aoi, “sea, fillfidh mé um an dtaca seo an bhliain seo chugainn, agus beidh mac ag Sárá do bhean.” Bhí Sárá ag cúléisteacht ag doras na botha taobh thiar de. 11Anois bhí Abrahám agus Sárá aosta agus iad anonn go maith sna blianta, agus bhí scortha dá cúrsaí ag Sárá. 12Ansin gháir Sárá léi féin á rá: “An amhlaidh a bheidh sólás agam le mʼfhear céile anois agus mé thar aois leanbh a iompar, agus eisean aosta chomh maith?” 13Ach dʼfhiafraigh an Tiarna dʼAbrahám: “Cén fáth ar gháir Sárá á rá: ‘An amhlaidh dáiríre a bheidh leanbh agam anois i mo sheanaois?’ 14An bhfuil aon ní ró-aisteach don Tiarna? Fillfidh mé, oraibh, sea, fillfidh mé um an dtaca seo an bhliain seo chugainn agus beidh mac ag Sárá.” 15“Níor gháir mé,” arsa Sárá ag séanadh a birt mar go raibh eagla uirthi. “Ní fíor duit,” ar sé, “mar gháir tú.”
Sodom agus Gomorá
16Chuir na fir chun bóthair agus tháinig i radharc Shodom agus Abrahám in éineacht leo ag taispeáint na slí dóibh. 17Dúirt an Tiarna leis féin: “An gceilfidh mé ar Abrahám an ní atáim ar tí a dhéanamh, 18ós rud é go mbeidh Abrahám ina chine mór cumasach agus ciníocha an domhain á mbeannú féin tríd? 19[Ní dhéanfaidh mé] óir thogh mé é dʼfhonn go dtabharfadh sé aithne dá chlann agus dá theaghlach ina dhiaidh slí an Tiarna a choimeád ag déanamh an chirt agus na córa, i dtreo go dtabharfadh an Tiarna dʼAbrahám a bhfuil geallta aige dó.” 20Ansin dúirt an Tiarna: “Nach ard é an liú atá in aghaidh Shodom agus Ghomorá agus nach mór é a bpeaca agus nach trom! 21Rachaidh mé síos féachaint an ndearnadar de réir an liú a tháinig chugam ina n‑aghaidh; agus mura ndearnadar, beidh a fhios agam.” 22Dʼimigh na fir leo i dtreo Shodom, ach dʼfhan Abrahám ina sheasamh i láthair an Tiarna. 23Dhruid sé níos giorra dó agus dúirt: “An scriosfaidh tú dáiríre an fíréan mar aon leis an gciontach? 24Abair go bhfuil leathchéad fíréan sa chathair, an scriosfaidh tú í mar sin agus gan í a chaomhnú ar son an leathchéad fíréan atá inti? 25Go mba fhada uait a leithéid a dhéanamh, an fíréan a chur chun báis mar aon leis an gciontach; dʼfhágfadh sin an íde chéanna á tabhairt ar an bhfíréan agus ar an gciontach! I bhfad uait a leithéid! An amhlaidh nach ndéanfaidh breitheamh an domhain uile an ceart?” 26Dʼfhreagair an Tiarna: “Má fhaighim leathchéad fíréan i Sodom; sa chathair, ansin déanfaidh mé an áit go léir a chaomhnú ar a son.” 27“Seo mé,” arsa Abrahám á fhreagairt, “agus é de dhánaíocht ionam labhairt mar seo le mo Thiarna, agus gan ionam ach cré agus luaithreach. 28Abair go bhfuil cúigear in easnamh ar an leathchéad, an scriosfaidh tú an chathair go léir de dheasca cúigir?” “Ní dhéanfaidh mé,” ar sé, “ní scriosfaidh mé má fhaighim cúigear is daichead inti.” 29Agus labhair sé leis arís: “Abair,” ar sé, “gur daichead a gheofar inti.” “Ní dhéanfaidh mé,” ar seisean, “ar son daichead.” 30“Ná bíodh an Tiarna i bhfearg liom,” ar sé ansin, “agus labhróidh mé arís. Abair gur tríocha a gheofar inti.” Dʼfhreagair seisean: “Ní dhéanfaidh mé, má fhaighim tríocha ann.” 31“Tá sé de dhánaíocht ionam,” arsa Abrahám ansin, “labhairt leis an Tiarna. Abair gur fiche a gheofar inti.” “Ní scriosfaidh mé í, ar son fichead.” 32Ansin dúirt sé: “Ná bíodh an Tiarna i bhfearg liom agus labhróidh mé aon uair amháin eile. Abair gur deichniúr a gheofar ann.” Dʼfhreagair sé: “Ní scriosfaidh mé í, ar son deichniúir.” 33Nuair a bhí deireadh ráite aige le hAbrahám, dʼimigh an Tiarna leis, agus dʼfhill Abrahám abhaile.
Избрани в момента:
Geineasas 18: ABN
Маркирай стих
Споделяне
Копиране

Искате ли вашите акценти да бъдат запазени на всички ваши устройства? Регистрирайте се или влезте
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: