Лого на YouVersion
Иконка за търсене

Geineasas 24

24
Pósadh Íosác
1Bhí Abrahám ina sheanduine, anonn go maith sna blianta, agus bhí beannacht an Tiarna air ina chúrsaí go léir. 2Dúirt Abrahám leis an sinsear ar shearbhóntaí a theaghlaigh, an té a bhí i bhfeighil a raibh de mhaoin aige: “Cuir do lámh faoi mo cheathrú 3agus cuirfidh mé faoi bhrí na mionn thú, dar an Tiarna, Dia neimhe agus talún, gan bean a fháil do mo mhac ó iníonacha na gCanánach a bhfuil cónaí orm ina measc 4ach, ina ionad sin, dul ag triall ar mo thír dhúchais agus ar mo mhuintir féin chun bean a fháil do mo mhac Íosác.” 5Dʼfhreagair an searbhónta é: “Bʼfhéidir nárbh áil leis an mbean teacht liom chun na dúiche seo; ansin cad a dhéanfainn? An gcaithfinn ansin do mhac a bhreith ar ais chun na tíre as ar tháinig tú?” 6“Ná beir mo mhac ansiúd ar ais ar aon chúinse, féach!” arsa Abrahám. 7“An Tiarna, Dia neimhe [agus talún], thug sé mise amach ó theach mʼathar agus ó thír mo chine, agus mhionnaigh dom á rá: ‘Do do shíolsa a thabharfaidh mé an tír seo’; seolfaidh seisean a aingeal romhat amach agus gheobhaidh tú bean do mo mhac sa tír sin. 8Muran toil leis an mbean tú a leanúint, beidh tú saor ón mionn seo liomsa; ach ná beir mo mhac leat ar ais ansiúd.” 9Chuir an searbhónta a lámh faoi cheathrú Abrahám, a thiarna, dá bhrí sin agus thug sé mionn dó go ndéanfadh sé an méid sin. 10Rug an searbhónta deich gcinn de chamaill a mháistir leis agus a rogha de gach sórt de thogha maoine a mháistir agus chuir sé chun bóthair i dtreo Arám na nAibhneacha, go cathair Náchór. 11Um tráthnóna, faoin am go dtagann na mná amach ag triall ar uisce, chuir sé na camaill ina luí ar a nglúine ag an tobar fíoruisce lasmuigh den chathair. 12Agus dúirt sé: “A Thiarna, a Dhia mo mháistir Abrahám, bí faram inniu, iarraim ort, agus bí cineálta le mo mháistir Abrahám. 13Seo i mo sheasamh anseo mé láimh leis an tobar fíoruisce agus iníonacha mhuintir na cathrach ag teacht amach ag triall ar uisce. 14An cailín a ndéarfaidh mé léi dá bhrí sin: ‘Leag do chrúsca ar an talamh agus lig dom deoch a ól,’ agus a fhreagróidh: ‘Bíodh deoch agat, agus tabharfaidh mé deoch do do chamaill chomh maith,’ go mba ise, guím thú, an bhean atá roghnaithe agat do do shearbhónta Íosác. Uaidh seo beidh a fhios agam go bhfuil tú cineálta le mo mháistir Abrahám.” 15Is ar éigean a bhí na focail sin ráite aige nuair a tháinig Ribeacá amach agus crúsca ar a gualainn aici. Ba í iníon Bhatúél mac Mhilceá bean dheartháir Abrahám, Náchór. 16Ógbhean le barr sceimhe a ba ea í agus maighdean nach raibh cuid ag fear di. Chuaigh sí síos chun an tobair, líon a crúsca agus tháinig aníos. 17Rith an searbhónta ina treo ansin agus dúirt: “Tabhair dom deoch bheag uisce as do chrúsca le do thoil.” 18“Bíodh deoch agat, a thiarna,” ar sí á fhreagairt agus lig sí an crúsca anuas ar a géag gan mhoill agus thug deoch dó. 19Tar éis di an deoch a thabhairt do, dúirt sí: “Tarraingeoidh mé uisce do do chamaill chomh maith go n‑óla siad a sáith.” 20Scaoil sí a raibh dʼuisce ina crúsca isteach san umar ansin go deifreach agus rith léi go dtí an tobar arís ag triall ar uisce, agus tharraing sí dóthain a chamall go léir. 21Bhí sé siúd gan focal as ag faire uirthi, féachaint an raibh bail ón Tiarna ar a aistear nó nach raibh.
22Nuair a bhí deireadh olta ag na camaill, rug an fear ar fháinne óir a mheáigh leathsheicil [agus chuir ar a srón é]; agus chuir dhá bhráisléad a mheáigh deich seicil óir ar a lámha. 23“Cé hé do athair?” ar sé. “Abair, le do thoil! Agus an bhfuil slí i dteach dʼathar dúinn chun an oíche a chaitheamh ann?” 24Dʼfhreagair sí é: “Mise iníon Bhatúél, mac a rug Milceá do Náchór,” ar sí, 25agus lean sí uirthi: “Tá raidhse tuí agus foráiste againn agus áit lóistín.” 26Shléacht an fear ansin agus dʼadhair sé an Tiarna 27á rá: “Moladh leis an Tiarna, Dia do mháistir Abrahám! óir níor stad sé ach ag déanamh cineáltais agus maitheasa do mo mháistir. Sheol an Tiarna mé caol díreach go teach ghaolta mo mháistir!”
28Rith an ógbhean léi ansin agus dʼinis gach ar tharla do theaghlach a máthar. 29Bhí deartháir ag Ribeacá arbh ainm dó Lábán, agus bhrostaigh seisean amach chun an tobair mar a raibh an fear. 30A luaithe a chonaic sé an fáinne agus na bráisléid a bhí á gcaitheamh ag a dheirfiúr, agus gur chuala sé a ndúirt Ribeacá a dheirfiúr: “A leithéid seo ar sé liom,” chuaigh sé go dtí an fear; agus, féach! bhí seisean ina sheasamh lena chamaill ag an tobar. 31“Tar isteach,” ar sé, “tusa a bheannaigh an Tiarna; cad a ba áil leat i do sheasamh anseo amuigh? óir tá an teach i gcóir duit agus áit do do chamaill.” 32Chuaigh an fear isteach; scoir Lábán na camaill agus thug dó tuí agus foráiste do na camaill agus uisce chun a chosa agus cosa a chompánach a ionladh.
33Leagadar bia os a chomhair, ach dúirt sé: “Ní bhlaisfidh mé greim nó go mbeidh mo theachtaireacht inste agam.” “Abair leat,” arsa [Lábán]. 34“Searbhónta Abrahám mise,” ar sé. 35“Is éachtach mar a bheannaigh an Tiarna mo mháistir; is an-saibhir an fear anois é. Thug sé dó táinte agus tréada, airgead agus ór, daoir agus daoirseacha, camaill agus asail. 36Sárá, bean mo mháistir, rug sí mac dó ina seanaois; thug sé a bhfuil aige dósan. 37Chuir mo mháistir mise faoi bhrí na mionn á rá: ‘Ní bhfaighidh tú bean do mo mhac ó iníonacha na gCanánach, a bhfuil cónaí orm ina measc. 38Ach ina ionad sin, rachaidh tú go teach mʼathar agus go dtí mo mhuintir féin agus bean a fháil do mo mhac.’ 39Dúirt mé le mo mháistir: ‘Bʼfhéidir nárbh áil leis an mbean teacht liom.’ 40Ach dʼfhreagair sé: ‘An Tiarna, a siúlaim ina fhianaise, seolfaidh sé a aingeal farat dʼfhonn go n‑éireodh do bhóthar leat agus gheobhaidh tú bean do mo mhac ó mo mhuintir agus ó theach mʼathar. 41Mar seo a bheidh tú saor ó dheasca mo mhionna: rachaidh tú go dtí mo mhuintir; agus má dhiúltaíonn siad duit í, beidh tú saor ó dheasca mo mhionna.’ ”
42“Tháinig mé inniu dá réir sin go dtí an tobar agus dúirt mé: ‘A Thiarna, a Dhia mo mháistir Abrahám, taispeáin dom an bhfuil do bhail á cur agat ar an ród ar a dtriallaim. 43Seo mé i mo sheasamh ag an tobar fíoruisce: an ógbhean dá bhrí sin a thiocfaidh amach ag triall ar uisce agus a ndéarfaidh mé léi: Tabhair dom deoch bheag uisce as do chrúsca, le do thoil, agus a déarfaidh: 44Bíodh deoch agat, agus tarraingeoidh mé uisce do do chamaill chomh maith–gurab í sin an bhean a roghnaigh an Tiarna do mhac mo mháistir.’ 45Sula raibh deireadh ráite agam liom féin, ba sheo amach Ribeacá agus a crúsca ar a gualainn; síos léi chun an tobair agus tharraing. ‘Tabhair dom deoch le do thoil,’ arsa mise léi. 46Lig sí a crúsca dá gualainn gan mhoill agus dúirt: ‘Bíodh deoch agat, agus tabharfaidh mé deoch do do chamaill chomh maith.’ Dʼól mé deoch dá bhrí sin agus thug sí deoch do na camaill leis. 47Chuir mé ceist uirthi: ‘Cé hé dʼathair?’ ‘Mise iníon Bhatúél, mac a rug Milceá do Náchór,’ ar sí. Chuir mé an fáinne dá bhrí sin ar a srón agus na bráisléid ar a lámha. 48Ansin shléacht mé agus dʼadhair mé an Tiarna, agus mhol mé an Tiarna, Dia mo mháistir Abrahám, a threoraigh mé le barr cineáltais chun iníon bhráthair mo mháistir a thoghadh dá mhac. 49Anois mar sin, más mian libh a bheith dílis ionraic le mo mháistir, insigí dom é; agus mura bhfuil sibh, abraigí–ionas go gcasfainn deiseal nó tuathal.”
50Dʼfhreagair Lábán agus Batúél: “Ón Tiarna é seo! ní féidir linne sea ná ní hea a rá leat. 51Sin í Ribeacá os do chomhair. Tóg leat í agus imigh agus bíodh sí mar bhean ag mac do mháistir, faoi mar a dúirt an Tiarna.” 52Arna chlos sin do shearbhónta Abrahám, shléacht sé go talamh agus dʼadhair sé an Tiarna. 53Thóg sé amach seoda óir agus airgid agus éadaí agus thug do Ribeacá iad; thug sé ornáidí luachmhara dá deartháir agus dá máthair chomh maith. 54Bhí bia agus deoch aige féin agus ag a chomhluadar agus chaitheadar an oíche ansiúd. Ar n‑éirí dóibh ar maidin dúirt sé: “Scaoiligí ar ais chun mo mháistir mé.” 55Dúirt an deartháir agus an mháthair: “Fanadh an ógbhean farainn tamall, deich lá ar a laghad; ní miste di imeacht ansin.” 56“Ná cuirigí moill orm,” ar sé leo, “mar is é an Tiarna a chuir bail ar mʼaistear. Scaoiligí liom ag triall ar mo mháistir.” 57“Glaofaimid ar an ógbhean,” ar siad, “agus cuirfimid ceist uirthi.” 58Agus ghlaodar ar Ribeacá agus chuireadar ceist uirthi: “An rachaidh tú leis an bhfear seo?” “Déanfaidh mé,” ar sí. 59Scaoileadar chun siúil dá bhrí sin Ribeacá a ndeirfiúr agus a buime, agus searbhónta Abrahám agus a chuid fear. 60Chuireadar beannacht ar Ribeacá agus dúradar léi:
“A dheirfiúr linn, bíodh an rath ort!
Go raibh na mílte de dheich mílte ar do shliocht!
Go raibh seilbh ag do shíol
Ar gheataí a naimhde.”
61Ansin dʼéirigh Ribeacá agus a hionailtí agus chuaigh ar muin na gcamall agus lean an fear: rug an searbhónta Ribeacá leis ar an tslí sin agus dʼimigh. 62Bhí Íosác ag cur faoi sa Neigib agus é tagtha um an dtaca sin go dtí fásach Thobar an Bheo a Fheiceann. 63Le fuineadh an lae chuaigh Íosác amach ag siúl sna bánta; dʼardaigh sé a shúile agus dʼfhéach uaidh agus chonaic camaill chuige. 64Agus dʼardaigh Ribeacá a súile agus nuair a chonaic sí Íosác tháinig anuas dá camall 65agus dúirt leis an searbhónta: “Cé hé an fear úd thall ag siúl an bháin inár dtreo?” “Siúd é mo mháistir,” arsa an searbhónta á freagairt. Thóg sí an fial ansin agus chuir thar a ceannaithe é. 66Dʼinis an searbhónta do Íosác gach a raibh déanta aige. 67Rug Íosác Ribeacá leis isteach ina bhoth, rinne a chuid féin di, agus thug grá di. 68Fuair Íosác sólás ar an gcuma sin tar éis bhás a mháthar.

Избрани в момента:

Geineasas 24: ABN

Маркирай стих

Споделяне

Копиране

None

Искате ли вашите акценти да бъдат запазени на всички ваши устройства? Регистрирайте се или влезте