1
Lúcas 10:19
Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)
Féach, thug mé cumhacht díbh saltairt ar naithreacha nimhe agus scorpioin, agus ar neart an námhad go h-iomlán, agus ní ghortóchaidh aon nídh sibh.
Compare
Explore Lúcas 10:19
2
Lúcas 10:41-42
Agus d’fhreagair an Tighearna í, agus dubhairt: A Mharta, a Mharta, tá cúram ort, agus buaidhreamh ort fá mhórán neithe. Acht is aon nídh amháin atá riachtanach. Rinne Máire an rogha is feárr, agus ní bhainfear uaithe é.
Explore Lúcas 10:41-42
3
Lúcas 10:27
D’fhreagair sé agus dubhairt: Grádhóchaidh tú an Tighearna, do Dhia, le do chroidhe go h-iomlán, agus le d’anam go h-iomlán, agus le do neart go h-iomlán, agus le d’intinn go h-iomlán; agus do chómharsa mar thú féin.
Explore Lúcas 10:27
4
Lúcas 10:2
Agus dubhairt sé leo: Tá an fóghmhar mór go dearbhtha, acht tá na h-oibridhthe gann. Ar an adhbhar sin, guidhigidh Tighearna an fhóghmhair chun go gcuiridh sé oibridhthe amach chuig a fhóghmhar.
Explore Lúcas 10:2
5
Lúcas 10:36-37
Cé acu de’n triúr seo, dar leat, a bhí ina chómharsain ag an té ar casadh na sladairí air? Acht dubhairt seisean: An té a rinne trócaire air. Agus dubhairt Íosa leis: Gabh, agus déan thusa mar an gcéadna.
Explore Lúcas 10:36-37
6
Lúcas 10:3
Imthighigidh: féach, cuirim sibh amhail uain imeasc mac tíré.
Explore Lúcas 10:3
Home
Bible
Plans
Videos