Agus an fhaid do bhíodar ag féacain go géar ar spéir neimhe, agus é ag imtheacht, féach, do bhí beirt fhear agus éadach geal ortha ’n‐a seasamh ’n‐a n‐aice; agus adubhradar. A fheara Galiléanacha, cad chuige dhaoibh bheith ’n‐bhúr seasamh ag amharc ar spéir neimhe? an t‐Íosa so, atá tógtha suas uaibh isteach ins na flaitheasaibh, tiocfaidh sé ar an gcuma chéadna agus chonnaic sibh é ag dul suas ar neamh.