Agus níor ḟan sé ina measc ní ba ṁó ná oċt nó deiċ laeṫe, agus ċuaiḋ sé síos go Caesarea, agus lá ar n-a ḃáraċ, ar ṡuiḋe dó i gcaṫaoir an ḃreiṫeaṁnais, d’órduiġ sé Pól a ṫaḃairt i láṫair.
Agus nuair a tugaḋ i láṫair é, ṡeasuiġ na h-Iúdaiġ a ṫáinic anuas ó Ierusalem ṫart fá dtaoiḃ de, agus ċuir siad ina leiṫ mórán de neiṫe troma naċ dtáinic leo a gcruṫuġaḋ.