Agus d’imṫiġ Ananias, agus ċuaiḋ sé isteaċ san tiġ, agus ag cur a láṁ air, duḃairt: A Ṡauil, a ḃráṫair, An Tiġearna Íosa a ṫaisbeán é féin duit ar an ḃealaċ ar a dtáinic tú, ċuir sé ċugat mé, ċun go ḃfaġṫá aṁarc do ṡúl, agus go líontaí ṫú leis an Spiorad Naoṁ.
Agus ar an ḃall ṫuit aṁail lanntraċa ó n-a ṡúla, agus fuair sé aṁarc na súl ṫar ais: agus ar éirġe dó, baisteaḋ é.