1
Maitiú 15:18-19
Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)
Aċt na neiṫe a ġluaiseas ó’n ḃéal, is ó’n ċroiḋe a ṫig siad, agus saluiġeann siad-san an duine. Óir is ó’n ċroiḋe a ṫig droċ-smaointe, dúnṁarḃaḋ, aḋaltranas, drúis, gadaiḋeaċt, fiaḋnaise ḃréige, diaṁasla
Compare
Explore Maitiú 15:18-19
2
Maitiú 15:11
Ní h-é an níḋ a ṫéid isteaċ san ḃéal a ṡaluiġeas an duine, aċt an níḋ a ṫig amaċ as an ḃéal, is é sin a ṡaluiġeas an duine.
Explore Maitiú 15:11
3
Maitiú 15:8-9
Ḃeir an pobal seo onóir daṁ le n-a mbeola; aċt is fada uaim a gcroiḋe. Is i n-aisciḋ a ḃeir siad aḋraḋ daṁ, ag múineaḋ teagaisc agus aiṫeanta daoine.
Explore Maitiú 15:8-9
4
Maitiú 15:28
Annsin duḃairt Íosa léi, ġá freagairt: A ḃean, is mór do ċreideaṁ: déantar duit mar is toil leat. Agus ḃí a h-inġean slán ó’n uair sin.
Explore Maitiú 15:28
5
Maitiú 15:25-27
Aċt ṫáinic sise agus ṡléaċt sí dó, ag ráḋ: A Ṫiġearna, cuidiġ liom. D’ḟreagair seisean, agus duḃairt: Ní cóir breiṫ ar arán na cloinne agus a ċaiṫeaṁ ċuig na madaiḋ. Agus duḃairt sise: Is fíor duit, a Ṫiġearna; óir iṫeann fiú na coileáin na graḃrógaí a ṫuiteas ó ṫábla a gcuid máiġistrí.
Explore Maitiú 15:25-27
Home
Bible
Plans
Videos