1
Lúcás 9:23
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
Agus aduḃairt sé leo uile, Má’s áil le h‐aoinneaċ mise do leanṁain, diúltaḋ sé ḋó féin, agus tógaḋ sé a ċros gaċ lá, agus leanaḋ sé mé.
Compare
Explore Lúcás 9:23
2
Lúcás 9:24
Óir cibé duine gur maiṫ leis a anam do ṡaoraḋ, caillfiḋ sé é; aċt cibé duine ċaillfeas a anam ar mo ṡon‐sa, is é sin ṡaorfas é.
Explore Lúcás 9:24
3
Lúcás 9:62
Aċt aduḃairt Íosa leis, Aoinneaċ do ċuir a láṁ ar an gcéaċta, agus do ḋearc siar ’n‐a ḋiaiḋ sin, ní ḟuil sé oireaṁnaċ do ríoġaċt Dé.
Explore Lúcás 9:62
4
Lúcás 9:25
Óir caidé a ṫairḃe do ḋuine an doṁan mór do ġnóṫú, agus a anam féin do ċailleaṁain nó do ċur ar fán?
Explore Lúcás 9:25
5
Lúcás 9:26
Óir cibé duine gur nár leis mise agus mo ḃriaṫra, buḋ nár le Mac an Duine eisean, nuair ṫiocfas sé ’n‐a ġlóir féin, agus i nglóir a Aṫar agus na naoṁ‐aingeal.
Explore Lúcás 9:26
6
Lúcás 9:58
Agus aduḃairt Íosa leis, Atá pluaiseaċa ag na sionnaċaiḃ, agus atá neadaċa ag éanlaiṫiḃ an aeir; aċt ní ḟuil áit ag Mac an Duine ar a leagfaḋ sé a ċeann.
Explore Lúcás 9:58
7
Lúcás 9:48
agus aduḃairt sé leo, Cibé duine ġlacfas ċuige an leanḃ beag so im’ ainm‐se, glacann sé mise: agus cibé duine ġlacfas mise ċuige, glacann sé ċuige an té do ċuir uaiḋ mé: óir an té is luġa eadraiḃ uile, is é is mó.
Explore Lúcás 9:48
Home
Bible
Plans
Videos