Ní mar sin ḃéas eadraiḃ‐se: aċt cibé duine go mba ṁian leis ḃeiṫ mór eadraiḃ, béiḋ sé ’n‐a ṡeirḃíseaċ agaiḃ; agus cibé duine go mba ṁian leis ḃeiṫ ar tosaċ eadraiḃ, béiḋ sé mar ḟear freastail agaiḃ: ar ċuma Ṁic an Duine naċ dtáinig ċum go ndéanfaiḋe frioṫáileaṁ air, aċt ċum go ndéanfaḋ seisean frioṫáileaṁ, agus ċum a anam do ṫaḃairt i n‐éiric móráin.