1
Na Sailm 37:4
An tSaltair, nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)
OC1965G
Go mba é an Tiarna dʼaoiḃneas: agus taḃarfaiḋ sé ḋuit mian do ċroí.
Compare
Explore Na Sailm 37:4
2
Na Sailm 37:5
Gaḃ i gcionn do ṡlí faoi ċoimrí an Tiarna, agus cuir do ṁuinín ann: agus cuirfiḋ sé i gcríċ é.
Explore Na Sailm 37:5
3
Na Sailm 37:7
Tagaḋ ciúnas ort ón Tiarna, agus fan leis go foiġneaċ: agus ná bí ag ceasaċt faoin té a mbíonn an séan ar a ṡlí, faoin duine a ċleaċtas claonċoṁairlí.
Explore Na Sailm 37:7
4
Na Sailm 37:3
Cuir do ḋóċas sa Tiarna, agus cleaċt dea‑ġníoṁarṫa: fan i do ċónaí sa tír, agus dar mʼḟírinne ġeoḃaiḋ tú do ḃia.
Explore Na Sailm 37:3
5
Na Sailm 37:23-24
Bíonn imeaċta an dea‑ḋuine á rialú ag an Tiarna: agus soirḃíonn sé a ṡlí ċun a ṡásaiṁ féin. Siúd is go dtiteann sé, ní ḟágfar ar lár é: ó bíonn láṁ an Tiarna ag cur taca leis.
Explore Na Sailm 37:23-24
6
Na Sailm 37:6
Déanfaiḋ sé dʼḟíréantaċt ċoṁ soiléir leis an solas: agus dʼionracas le lár an lae.
Explore Na Sailm 37:6
7
Na Sailm 37:8
Éiriġ as dʼḟearg, agus cuir uait an colg: ná cuir imní ort féin, nó má ċuireann, is caṫú ċun oilc duit é.
Explore Na Sailm 37:8
8
Na Sailm 37:25
Ḃí mé óg, agus táim aosta anois: aċ ní ḟaca mé riaṁ an fíréan fágṫa, ná a ṡlioċt ag cruinniú a gcoda.
Explore Na Sailm 37:25
9
Na Sailm 37:1
Ná bí ag cur imní ort féin ar son an droċḋuine: agus ná bí ag éad le luċt an oilc.
Explore Na Sailm 37:1