1
Eóin 19:30
Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915, 1921 (Peadar Ua Laoghaire)
Agus nuair a ġlac Íosa an ḟínéigir, duḃairt sé: Tá críoċnuiġṫe. Agus do ċrom sé a ċeann, agus ṫug sé a anam uaiḋ.
Compare
Explore Eóin 19:30
2
Eóin 19:28
I ’n-a ḋiaiḋ san, ó ḃí ḟios ag Íosa go raiḃ gaċ níḋ críoċnuiġṫe, ionus go gcóṁlíonfaí an scriptiúir, duḃairt sé: Tá tart orm.
Explore Eóin 19:28
3
Eóin 19:26-27
Agus nuair a ċonaic Íosa a ṁáṫair agus an deisgiobul ab ionṁuin leis ’n-a ṡeasaṁ, duḃairt sé le n-a ṁáṫair: A ḃean, siné do ṁac! Ansan deir sé leis an ndeisgiobul: Féaċ do ṁáṫair. Agus ó’n uair sin amaċ do ġlac an deisgiobul ċun a ṫeaġlaiġ féin í.
Explore Eóin 19:26-27
4
Eóin 19:33-34
Aċ nuair a ṫánadar ċun Íosa, ċonacadar go raiḃ sé marḃ ċeana féin, agus níor ḃriseadar a ċosa; Aċ d’osgail duine de sna saiġdiúiríḃ a ṫaoḃ le sleaġ, agus ṫáiniġ amaċ as, láiṫreaċ, fuil agus usge.
Explore Eóin 19:33-34
5
Eóin 19:36-37
Óir do deineaḋ na neiṫe sin ionus go gcóṁlíonfaí an scriptiúir: Ní ḃrisfiḋ siḃ aon ċnáṁ ann. Agus airís deir scriptiúir eile: Ċífid siad an t-é a ṡádadar.
Explore Eóin 19:36-37
6
Eóin 19:17
Agus ag iompar a ċroise ċuaiḋ sé amaċ ċun na h-áite ar a dtugtar Áit an ċloiginn, agus Golgota sa teangain Eaḃra
Explore Eóin 19:17
7
Eóin 19:2
Agus d’ḟíġeadar na saiġdiúirí coróinn ḋeilgneaċ, agus ċuireadar ar a ċeann í, agus ċuireadar éadaċ corcra uime.
Explore Eóin 19:2
Home
Bible
Plans
Videos