1
Lúcás 12:40
Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915, 1921 (Peadar Ua Laoghaire)
Agus bíḋiḋ-se ollaṁ, óir ni’l ḟios agaiḃ caṫain a ṫiocfaiḋ Mac an Duine.
Compare
Explore Lúcás 12:40
2
Lúcás 12:31
Loirgiḋ ar dtúis, áṁṫaċ, ríġeaċt Dé agus a ḟíoraontaċt, agus ġeoḃaiḋ siḃ mar ṫuille na neiṫe sin go léir.
Explore Lúcás 12:31
3
Lúcás 12:15
Agus duḃairt sé leó-san: Féaċ, seaċnaiḋ gaċ saint; óir ní sa ḃflúirse atá ag aoinne, de sna neiṫe is leis, atá a ḃeaṫa.
Explore Lúcás 12:15
4
Lúcás 12:34
Óir an áit ’n-a ḃfuil ḃúr stór is ann a ḃeiḋ ḃúr gcroiḋe.
Explore Lúcás 12:34
5
Lúcás 12:25
Cé’cu agaiḃ-se d’ḟéadfaḋ, le neart maċtnaiṁ air, aon ḃanlá aṁáin do ċur le n’aoirde féin?
Explore Lúcás 12:25
6
Lúcás 12:22
Agus duḃairt sé le n-a ḋeisgiobuil: Deirim liḃ, d’á ḃríġ sin, ná bíoḋ ceist oraiḃ i dtaoḃ ḃúr n-anama, cad a ḋ’íosfaiḋ siḃ, ná i dtaoḃ an ċuirp, cad a ċlúdóċaiḋ siḃ.
Explore Lúcás 12:22
7
Lúcás 12:7
Ná bíoḋ eagla oraiḃ, d’á ḃriġ sin. Is mó le rád siḃ-se ’ná a lán gealḃún.
Explore Lúcás 12:7
8
Lúcás 12:32
Ná bíoḋ eagal oraiḃ, a ṫréad ḃeag, óir isé toil ḃúr n-Aṫar an ríġeaċt a ṫaḃairt daoiḃ.
Explore Lúcás 12:32
9
Lúcás 12:24
Féaċaiḋ na fiaċa duḃa; ní ċuirid siad síol agus ní ḃainid siad fóġṁar; ní bíonn cúil stórais acu ná sgioból; agus coṫuiġeann Dia iad. Naċ mó go mór le ráḋ siḃ-se ’ná iad san?
Explore Lúcás 12:24
10
Lúcás 12:29
Ná bíḋiḋ-se ag lorg na neiṫe a ḋ’íosfaiḋ siḃ ná a ḋ’ólfaiḋ siḃ, agus ná bíoḋ eiriġe anáirde oraiḃ.
Explore Lúcás 12:29
11
Lúcás 12:28
Agus má éidiġeann Dia ar an gcuma san an féar atá indiu ar an mbán agus a caiṫfar sa teine amáireaċ, náċ mó ’ná san [éideóċaiḋ sé] siḃ-se, a luċt an ċreidiṁ ṡuaraiġ?
Explore Lúcás 12:28
12
Lúcás 12:2
Óir ní’l aon rud fé ċlúid ná noċtfar, ná i ḃfolaċ ná tiocfaiḋ ċun eóluis.
Explore Lúcás 12:2
Home
Bible
Plans
Videos