1
Marcus 2:17
Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915, 1921 (Peadar Ua Laoghaire)
D’airiġ Íosa san, agus duḃairt sé leó: Ní h-ag daoine slána atá gáḋ le doċtúir aċ ag daoine gan sláinte. Ní ċun na ḃfíoraon do ġlaoḋaċ a ṫánag-sa aċ ċun na bpeacaċ do ġlaoḋaċ.
Compare
Explore Marcus 2:17
2
Marcus 2:5
Agus nuair a ċonaic Íosa an creideaṁ a ḃí acu, duḃairt sé leis an nduine: A ṁic, táid do ṗeacaí maiṫte ḋuit.
Explore Marcus 2:5
3
Marcus 2:27
Agus duḃairt sé leó: Níor deineaḋ an duine ar son na sabbóide, aċ do ceapaḋ an tsabbóid ar son an duine.
Explore Marcus 2:27
4
Marcus 2:4
Agus nuair ná féadfaidís é ṫaḃairt ’n-a láṫair, mar ġeall ar an mbrúṫ, do noċtadar bara an tiġe sa n-áit ’n-a raiḃ sé, agus ḋeineadar osgailt agus do leigeadar síos tríd an osgailt, ’n-a luiġe ar leabaiḋ, an duine a bí gan lúṫ.
Explore Marcus 2:4
5
Marcus 2:10-11
Aċ, ionus go mbeaḋ a ḟios agaiḃ go ḃfuíl ag Mac an Duine ar an dtalaṁ so cóṁaċt ċun peacaí ṁaiṫeaṁ (duḃairt sé leis an nduine gan lúṫ:) Deirim-se leat-sa, Eiriġ, agus tóg suas do leabaiḋ, agus imṫiġ ċun do ṫiġe féin.
Explore Marcus 2:10-11
6
Marcus 2:9
Cé ’cu is usa a ráḋ: Táid do ṗeacaí maiṫte ḋuit; nó a ráḋ: Eirig, agus tóg suas do leabaiḋ agus siuḃluiġ?
Explore Marcus 2:9
7
Marcus 2:12
Agus d’eiriġ an duine láiṫreaċ agus ṫóg sé suas an leabaiḋ agus d’imṫiġ sé, os cóṁair a súl go léir, i treó go raiḃ iongna orṫa go léir agus gur ṫugadar onóir do Ḋia, agus, Ní ḟeacamair riaṁ a leiṫéid, a deiridís.
Explore Marcus 2:12
Home
Bible
Plans
Videos