Agus ṫóg sé na ċúig ḃulóga agus au dá iasg, agus d’ḟéaċ sé suas ċun na ḃflaṫas, agus ḃeannuiġ sé iad agus ḃris, agus ṫug d’á ḋeisgiobulaiḃ le cur os cóṁair na ndaoine; agus do rainn sé an dá iasg orṫa go léir. Agus d’iṫeadar go léir, agus ḃí a ndóiṫin acu. Agus ṫógadar an fuiġleaċ, ḋá ċiseán déag de ḃia ḃriste, agus des na h-iasgaiḃ.