Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Is deiṁin go ḃfaca misi scíursa mo ṗobuil, noċ atá sa Négipt, agus do ċúala mé a néiġṁe, do bríġ a maiġistreaḋ tascuiḋ: óir atá fiós a ndoilġis agam.
Agus ṫáinic mé a nuas dá sáoraḋ as láṁuiḃ na Négiptaċ, agus dá mbreiṫ súas as an tír sin, go fearann maiṫ fairsing, go fearann do ḃeir tuile ḃainne agus ṁeala; go háit na Ccanaaniteaċ, agus na Hititeaċ, agus na Iebusiteaċ, agus na Namoríteaċ, agus na Bperisíteaċ, agus na Hiḃiteaċ.