Agus deir Dia leis: “Agus tá fhios agam gur le deágh-chroidhe rinne tú é, agus mar sin de choimhead mé thú ó'n pheaca a dheanamh i m'éadán. Agus niór leig mé duit baint léithe. Anois, tabhair ar ais a bhean-cheile do'n fhear, óir is fáidh é, agus guidhfidh sé ar do shon, agus mairfidh tú. Acht, mura dtugann tú ar ais í, bíodh fhios agat go bhfuighidh tú bás go cinnte, tú féin agus do chine uilig.”