Agus mhothuigh an Tighearna an deagh-bholadh agus dubhairt: “Ní millfidh mé (mallachtóchaidh) an talamh níos mó thar cionn an duine, óir is dual do'n duine ó n-a óige claonú in a chroidhe leis an olc; mar sin de ní mhillfidh mé, níos mó, an uile nidh beo fé mar rinne mé. An fhaid agus mhairfeas an domhan ní stadfar d'aimsir an t-síol-chur, ná de'n fhóghmhar, de'n teas ná de'n fhuacht, samhradh ná geimhreadh, oidhche ná lá.”