1
Lúcás 15:20
An Bíobla Naofa 1981
Chuir sé chun bóthair ag triall ar a athair. Ach le linn dó fós bheith i bhfad uaidh, chonaic a athair é agus ghabh trua é, agus rith sé chuige, á chaitheamh féin ar a bhráid agus á mhúchadh le póga.
Compare
Explore Lúcás 15:20
2
Lúcás 15:24
óir bhí an mac seo agam marbh agus tá sé beo arís, bhí sé caillte agus fuarthas é.’ Agus thosaigh siad ag déanamh aoibhnis.
Explore Lúcás 15:24
3
Lúcás 15:7
Deirim libh, is amhlaidh sin a bheidh níos mó áthais sna flaithis faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí ná faoin naoi bhfíréin nóchad nach mbíonn gá le haithrí acu.
Explore Lúcás 15:7
4
Lúcás 15:18
Cuirfidh mé chun bóthair agus rachaidh mé chun m'athar agus déarfaidh mé leis: A athair, pheacaigh mé in aghaidh na bhflaitheas agus i do láthairse
Explore Lúcás 15:18
5
Lúcás 15:21
Dúirt an mac leis: ‘A athair, pheacaigh mé in aghaidh na bhflaitheas agus i do láthairse; ní fiú mé feasta go dtabharfaí mac duit orm.’
Explore Lúcás 15:21
6
Lúcás 15:4
“Cén duine agaibh a mbíonn céad caora aige agus go gcaillfidh sé aon cheann amháin acu, nach bhfágann an naoi nóchad eile san fhásach agus dul ina diaidh siúd a bhí caillte nó go bhfaigheann í?
Explore Lúcás 15:4
Home
Bible
Plans
Videos