Dimthigh Ananías ann sinm agus do chúaidh sé a steach don tighsin; agus ar gcur a lámh airsion a dubhairt sé, A Shaúil a dhearbhráthair, an Tighearna, Iósa, do táibhreadh dhuit sa tslighe iona dtáinic tú, do chuir sé misi, chum aisig do radhairc dfagháil duit, agus do bheith líonta don Spiorad Náomh. Agus ar an mball do thuiteadar ó na shúilibh mar do bheith sgamail: agus fúair sé a radhaírc gan fhuireach, agus ar néirghe dho, ghabh sé baisdeadh.