1
Marcas 2:17
An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)
Agus dúirt Íosa leo, nuair a chuala sé sin, “Níl feidhm dhochtúra ar an dream atá ina sláinte, ach ar na daoine atá breoite; níor tháinig mise leis na fíréin a ghairm, ach leis na peacaigh a ghairm.”
Compare
Explore Marcas 2:17
2
Marcas 2:5
Agus nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu, ar seisean leis an bpairiliseach, “A mhic liom, tá do pheacaí maite.”
Explore Marcas 2:5
3
Marcas 2:27
Agus dʼinis seisean dóibh, “Is ar son an duine a cruthaíodh an tsabóid, ach ní ar son na sabóide a cruthaíodh an duine
Explore Marcas 2:27
4
Marcas 2:4
Agus nuair nár fhéad siad druidim leis tríd an slua, thóg siad an ceann den teach a bhí os a chionn; agus nuair a bhí oscailt déanta acu ann, lig siad anuas an tsráideog sin a raibh an pairiliseach ina luí uirthi.
Explore Marcas 2:4
5
Marcas 2:10-11
Ach chun go mbeidh a fhios agaibh go bhfuil údarás ag Mac an duine ar talamh leis na peacaí a mhaitheamh”—ar seisean leis an bpairiliseach— “Deirim leat, éirigh, ardaigh do shráideog agus gabh abhaile.”
Explore Marcas 2:10-11
6
Marcas 2:9
Cé acu is fusa, a rá leis an bpairiliseach go bhfuil a pheacaí maite, nó a rá leis, ‘Éirigh, agus ardaigh do shráideog agus siúil leat?’
Explore Marcas 2:9
7
Marcas 2:12
Agus dʼéirigh sé, agus dʼardaigh sé an tsráideog agus dʼimigh leis os comhair a raibh i láthair; sa dóigh go raibh iontas orthu agus gur thug siad glóir do Dhia, agus iad á rá os ard, “Ní fhacamar a leithéid riamh!”
Explore Marcas 2:12
Home
Bible
Plans
Videos