Eoin 19
19
Caibidil XIX
Tuairisc ar pháis Chríost ar leanamhaint
1Ar an adhbhar sin, ghabh Pioláit Íosa annsin, agus sciúrsáil#Mait. 27, 26; Marc. 15, 16. sé é.
2Agus shnaidhm na saighdiuirí coróin spíona, agus chuir siad ar a chionn í: agus chuir siad éadach corcra fá dtaoibh de:
3Agus thigeadh siad chuige, agus deireadh siad: Go mbeannuighthear duit, a rí na n-Iúdach: agus bhuail siad duirn air.
4Ar an adhbhar sin, chuaidh Pioláit amach arís, agus deir leo: Féach, tá mé ghá thabhairt amach chugaibh chun go raibh a fhios agaibh nach bhfaghaim aon choir ann.
5(Ar an adhbhar sin, tháinic Íosa amach, agus an choróin spíona agus an t-éadhach corcra air). Agus deir sé leo: Féach, an duine.
6Nuair a chonnaic na h-árdshagairt agus na h-oificigh é, dá bhrígh sin, scairt siad amach, ag rádh: Céas é, céas é. Deir Pioláit leo: Beirigidh féin libh é, agus céasaigidh é: óir ní fhaghaim-se coir ar bith ann.
7D’fhreagair na h-Iúdaigh é: Tá dlighe againne, agus do réir an dlighe sin is cóir dó bás d’fhagháil, de bhrígh go ndearna sé Mac Dé de féin.
8Ar an adhbhar sin, nuair a chuala Pioláit an chainnt sin, tháinic tuilleadh eagla air.
9Agus chuaidh sé isteach san chúirt arís; agus dubhairt le h-Íosa: Cá h-as duit-se? Acht ní thug Íosa aon fhreagair air.
10Deir Pioláit leis, dá bhrígh sin: Nach labhrann tú liom-sa? Nach bhfuil a fhios agat go bhfuil cumhacht agam-sa thu a chéasadh, agus go bhfuil cumhacht agam thú a leigin saor?
11D’fhreagair Íosa: Ní bhéadh aon chumhacht agat i m’aghaidh-se, muna dtugtaí duit ó neamh í. Ar an adhbhar sin, an té a thug suas duit mé, is mó an peacadh atá air.
12Agus as sin amach bhí Pioláit ag iarraidh é leigin saor. Acht scairt na h-Iúdaigh amach, ag rádh: Má leigeann tú saor é seo ní cara do Chaesar thú, óir gach aoinneach dá ndéan rí de féin, bíonn; sé ag cur i n-aghaidh Chaesair.
13Agus nuair a chuala Pioláit na focla sin, thug sé amach Íosa: agus shuidh sé san chathaoir bhreitheamhnais, san áit ar a dtugtar Lithostrótos, acht Sabbata, san Eabhrais.
14Agus b’é ullmhughadh na Cásca#19, 14 Ullmhughadh na Cásca. Is é sin, an lá roimh sabóid na Cásca. Bheirtí an t-ullmhughadh, nó lá an ullmhuighthe, ar an lá a thigeadh roimh gach sabóid. Acht ba lá roimh shabóid mhóir é seo, óir thárla sé i seachtmhain na Cásca. é, tuairim na seiseadh h-uaire, agus deir sé leis na h-Iúdaigh: Féach, bhur rí.
15Acht scairt siad-san amach: Beir uainn é, beir uainn é, céas é. Deir Pioláit leo: An gcéasfaidh mé bur rí? D’fhreagair na h-árdshagairt: Ní fhuil aon rí againn, acht Caesar.
16Ar an adhbhar sin, thug sé dóibh annsin é le céasadh. Agus rug siad-san ar Íosa, agus thug siad leo é.
17Agus ag iomchar a chroise féin dó, chuaidh sé amach go dtí an áit, dá ngoirtear Calbhaire,#Mait. 27, 33; Marc. 15, 22; Lúc. 23, 33. acht Golgota san Eabhrais,
18Ait ar chéas siad é, agus beirt eile ma theannta, duine ar gach taoibh, agus Íosa i lár.
19Agus scríobh Pioláit tiodal fosta: agus chuir sé ar an chrois é. Agus bhí scríobhtha: ÍOSA NASARDHA, RÍ NA N-IÚDACH.
20Léigh mórán de na h-Iúdaigh, ar an adhbhar sin, an tiodal seo: óir bhí an áit, mar ar céasadh Íosa, i ngaobhar do’n chathair. Agus bhí sé scríobhtha i n-Eabhrais, i nGréigis, agus i Laidin.
21Dá bhrígh sin, dubhairt árdshagairt na n-Iúdhach le Pioláit: Ná scríobh: Rí na n-Iúdhach: acht gur dhubhairt sé: Is mise rí na n-Iúdach.
22D’fhreagair Pioláit: An rud a scríobh mé, tá sé scríobhtha agam.
23Ar an adhbhar sin, nuair a chéas na saighdiuirí é, ghlac siad a chuid éadaigh,#Mait. 27, 35; Marc. 15, 24; Lúc. 23, 34. (agus rinne siad ceithre chuid díobh, cuid do gach saighdiuir) agus a chóta. Agus bhí an cóta gan fuagháil ann, acht é fighte anuas ar fad.
24Ar an adhbhar sin, dubhairt siad le n-a chéile: Ná strócamaois é, acht cuirimís ar chrainn cé aige a mbéidh sé. Chun go gcóimhlíontaí an Scrioptúir, a deir:#Sailm 21, 19. Roinn siad mo chuid éadaigh eatortha, agus ar mo chulaith chaith siad chrainn, Agus leoga rinne na saighdiúirí na neithe sin.
25Agus bhí a mháthair, agus deirbhshiuir a mháthar, Máire Chleophais, agus Máire Magdailéin ina seasamh i n-aice le crois Íosa.
26Ar an adhbhar sin, nuair a chonnaic Íosa a mháthair, agus an deisciobal a b’ionmhuin leis, ina seasamh ann, deir sé le n-a mháthair: A bhean, féach, do mhac.
27Annsin deir sé leis an deisciobal: Féach, do mháthair. Agus ó’n uair sin amach ghlac an deisciobal chun a theaghlaigh féin í.
28Ina dhiaidh sin, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh gach nídh críochnuighthe, chun go gcóimhlíontaí an Scrioptúir, dubhairt sé: Tá tart orm.#Sailm 68, 22.
29Agus bhí soitheach curtha annsin, lán de fhínéigir. Agus ar chur machduail, agus é lán de fhínéigir, thart fá isóip, shín siad chuigh a bhéal é.
30Ar an adhbhar sin, nuair a ghlac Íosa an fhínéigir, dubhairt sé: Tá críochnuighthe. Agus ag cromadh a chinn dó, thug sé suas a spiorad.
31Ar an adhbhar sin (mar go raibh an t-ullmhughadh ann) chun nach bhfanadh na cuirp ar an chrois le linn na sabóide (óir ba lá sabóide mór é siúd) d’iarr na h-Iúdhaigh ar Phioláit a láirceacha a bhríseadh acu, agus iad a thógáil ar shiubhal.
32Tháinic na saighdiuirí, dá bhrígh sin: agus bhris siad láirceacha an chéad duine, agus an dara duine, a céasadh ina theannta.
33Acht nuair a tháinic siad fhad le h-Íosa, agus chonnaic siad go raibh sé marbh cheana féin, níor bhris siad a láirceacha,
34Acht d’fhoscail duine de na saighdiuirí a thaobh le sleagh, agus ar an bhomaite tháinic fuil agus uisce amach.
35Agus an té a chonnaic, thug sé fiadhnaise: agus tá a fhiadhnaise fíor. Agus tá a fhios aige go bhfuil sé ag innse na fírinne: chun go gcreididh sibh-se fosta.
36Óir thárla na neithe sin chun go gcóimhlíontaí an Scrioptúir: Ní bhrisfidh sibh cnámh ann.#Ecs. 12, 46; Uimh. 9, 12.
37Agus arís deir Scrioptúir eile: Béidh siad ag amharc ar an té a pholl siad.#Sac. 12, 10.
38Agus ma dhiaidh seo d’iarr Ióseph as Arimatea ar Phioláit, (óir ba dheisciobal de chuid Íosa é, acht fá cheilt, ar eagla roimh na h-Iúdaigh) leigin dó corp Íosa a thabhairt leis. Agus thug Piolái an cead. Tháinic sé, dá bhrígh sin, agus thug sé corp Íosa leis.#Mait. 27, 57; Marc. 15, 43; Lúc. 23, 50.
39Agus tháinic Nicodemus fosta, an cé a tháinic ar dtús chuig Íosa san oidhche, agus meascán de mhiorr agus fuathfhionach leis, tuairim ar chéad punta meadhachain.
40Ghlac siad corp Íosa, dá bhrígh sin, agus chuach siad é i línéadaighe mar aon leis na spíosraí, amhail mar is gnáthach leis na h-Iúdaigh adhlacadh a dhéanamh.
41Agus bhí garrdhadh san áit i n-ar céasadh é: agus san gharrdhadh bhí tuamba nua, nár cuireadh aoinneach go fóill ann.
42Ar an adhbhar sin, mar gheall ar Ullmhughadh na n-Iúdach, chuir siad Íosa annsin, de bhrígh go raibh an tuamba i ngaobhar do’n áit.
Currently Selected:
Eoin 19: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland

: