Lúcas 4:9-12
Lúcas 4:9-12 ASN1943
Agus thug sé go h-Ierusalem é, agus chuir sé ar bheinn an teampaill é, agus dubhairt leis: Má’s Mac Dé thú, teilg thú féin síos as seo. Óir tá sé scríobhtha: Go dtug sé órdughadh dá chuid aingeal i do thaoibh, chun tú chosaint, Agus tógfaidh siad ina lámha thú, ar eagla go mbuailtheá do chos i n-éadan cloiche. Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt leis: Tá sé ráidhte: Ní chuirfidh tú féacháil ar an Tighearna, do Dhia.