Maitiú 26
26
Caibidil XXVI
Na h-Iúdaigh ag ceapadh ceilge i n-aghaidh Chríost. Críost dá ungadh ag Máire. Feall Iúdais. An suipéar deireannach. An urnaighe san gharrdhadh. Beirtear ar Íosa; agus gheibh sé droch-íde i dtigh Chaiphais.
1Agus thárla, nuair a chríochnuigh Íosa na briathra seo uilig, dubhairt sé le n-a dheisciobail:
2Tá a fhios agaibh go mbéidh an Cháisc ann#Marc. 14, 1; Lúc. 22, 1. i gcionn dhá lá, agus bhéarfar suas Mac an Duine chun a chéasta.
3Annsin chruinnigh uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail isteach go halla an árdshagairt, darbh ainm Caiphas:
4Agus ghlac siad cómhairle le chéile chun breith ar Íosa le ceilg, agus é chur chun báis.
5Acht dubhairt siad: Ná déantar é lá na féile, ar eagla go mbéadh gleo imeasc na ndaoine.
6Agus nuair a bhí Íosa i mBetánia, i dtigh Shíomoin, lobhar,
7Tháinic bean chuige, a raibh bocsa alabastair d’ungadh luachmhar aice, agus dhoirt sí ar a chionn é, agus é ag cáitheamh bídh.#Marc. 14, 8; Eoin 11, 2, agus 12, 3.
8Ar a fheiceáil sin dá dheisciobail, bhí fearg ortha, agus dubhairt siad: Cad chuige an cur amugha seo?
9Óir d’fhéadfaidhe seo a dhíol ar mhórán, agus é thabhairt do na bochta.
10Agus ar a thuigsin seo do Íosa, dubhairt sé leo: Cad chuige a mbodhrann sibh an bhean seo? Óir tá déagh-obair déanta aice orm.
11Óir bíonn na bochta agaibh i gcómhnaidhe#26, 11 Ní bhíonn mise agaibh i gcómhnaidhe. Is é sin le rádh, i riocht duine mar a bhí sé san am sin ar talamh; béidh na bochta acu i gcómhnaidhe go so-fhaicsionnach, agus tiocfaidh leo cabhair agus faoiseamh a tabhairt dóibh gach uile lá dá saoghal., acht ní bhíonn mise agaibh i gcómhnaidhe.
12Óir ar dhortadh an ungtha seo ar mo chorp dí, is chun m’adhlaicthe a rinne sí é.
13Amén adeirim libh, cibé áit ar fud an domhain go h-iomlán a ndéanfar an soiscéal seo a sheanmóir ann, an nídh seo a rinne sí, innseochar mar an gcéadna é mar chuimhne uirthí.
14Annsin chuaidh duine de’n dáréag, arbh ainm dó Iúdas Iscariot,#Marc. 14, 10; Lúc. 22, 3. chuig uachtaráin na sagart,
15Agus dubhairt leo: Cad é is toil libh a thabhairt damh, agus braithfidh mé díbh é? Agus shocruigh siad-san leis ar dheich bpíosaí fichead airgid.
16Agus ó’n am sin amach bhíodh sé ar lorg caoi chun é a bhrath.
17Agus ar an chéad lá d’fhéile an aráin gan deascaidh, tháinic na deisciobail chuig Íosa, ag rádh:#Marc. 14, 12; Lúc. 22, 7. Cá h-áit ar toil leat go ndéanfamaois fá réir duit leis an Cháisc#26, 17 Cháisc. An t-uan cásca. a chaitheamh?
18Agus dubhairt Íosa: Téighigidh isteach chun na cathrach chuig fear áirithe, agus abraigidh leis: Deir an Máighistir: Tá m’am buailte liom; is i do thigh-se a ghním an Cháisc mar aon le mo dheisciobail.
19Agus rinne na deisciobail mar a d’órduigh Íosa dóibh, agus d’ullmhuigh siad an Cháisc.
20Agus nuair a bhí sé ina thráthnóna, shuidh sé síos#Marc. 14, 17; Lúc. 22, 14. le n-a dhá dheisciobal déag.
21Agus le linn dóibh a bheith ag ithe, dubhairt sé: Amén adeirim libh, go bhfuil duine agaibh ar tí mé a bhrath.#Eoin 13, 21.
22Tháinic buaidhreamh an-mhór ortha, agus thoisigh gach duine acu a rádh: An é mise é, a Thighearna?
23Acht d’fhreagair seisean, agus dubhairt: An té a thomas a lámh san mhéis liom-sa, is é sin a bhraithfeas mé.
24Go dheimhin téid Mac an Duine do réir mar atá scríobhtha fá dtaoibh de:#Sailm 40, 10. acht is mairg do’n té sin le n-a mbraithfear Mac an Duine: ba mhaith do’n fhear sin dá mbéadh sé gan a theacht ar an tsaoghal ariamh.
25Acht d’fhreagair Iúdas, a bhraith é, agus dubhairt: An é mise é, a Rabbi? Deir sé leis: Dubhairt tú é.
26Agus le linn dóibh a bheith ag suipéar, ghlac Íosa arán,#1 Cor. 11, 24. agus bheannuigh, agus bhris, agus thug dá dheisciobail é, agus dubhairt: Glacaigidh, agus ithigidh: Is é seo mo chorp#26, 26 Is é seo mo chorp. Ní abrann sé: Is é seo figiúir mo chuirp, act: Is é seo mo chorp. (Cómhairle na Neice, 2 Acht 6.) Agus ní abrann sé: Tá mo chorp annseo, na ina theannta seo; acht deir sé gan aon choingheall: Is é seo mo chorp. Léirigheann na focla sin go soiléir gur tárla bríogh-atrughadh..
27Agus ag breith ar an chailís dó, thug sé buidheachas, agus thug dóibh, ag rádh: Ólaigidh uilig dí seo#26, 27 Ólaigidh uilig dí seo. Ba leis an dáréag abstal a dubhradh seo, óir b’iad-san amháin a bhí i láthair: agus d’ól siad uilig dí, deir N. Marc. 14, 23. Achth ní cóir a thuigbheáil ó na briathra seo a dubhradh leis na h-Abstail, go bhfuil órdughadh ag na creromhigh uilig an chailís d’ól; ní fhuil, acht oiread agus tá órdughadh acu an coisreacadh a dhéanamh agus an t-Aifreann d’ofráil, nó an tSacramaint a thabairt, as siocair gur órduigh Críost do na hAbstail an an ócáid seo, agus ag an am seo, an méro sin a dhéanamh: Déanaigidh seo mar chuimhne orm-sa. (Lúc. 22, 19.).
28Óir is í seo m’fhuil na tiomna nua#26, 28 fhuil na tiomna nua. Mar a rinne Maoise an Sean Tiomna, nó an connradh eadar Dia agus a phobal, a séalughadh agus a thoirbhirt i bhfuil na n-íodhbairt a h-ofráileadh, leis na briathra seo: Is í seo fuil an chonnartha (Eabh. 9, 20); mar an gcéadna, shéaluigh agus bhunuigh Críost an Tiomna Nua le n-a chuid fola féin, fuil a doirteadh annseo go rúindiamhrach, leis na focla seo: Is í seo m’fhuil na tiomna nua, &c. a dhoirtfear ar son móráin chun maitheamhnas na bpeacaidhe.
29Agus deirim libh, ní ólfaidh mé feasta de’n toradh seo na fíneamhna#26, 29 Toradh seo na fíneamhna. Do réir chunntas N. Lúc. 22, 18, ní thagrann na focla seo do chailís na Sacramainte, acht do’n fhíon a h-óladh leis an uan cásca. San am chéadna, d’fhéadfaidhe toradh na fíneamhna a thabhairt an an tSacramaint san chailís fosta, de bhrígh gur fíon a bí annsin ar dtús, agus go maireann cosamhlacht, aicídí, agus cáilí an fhíona san tSacramaint., go dtí an lá sin nuair a ólfas mé go nua mar aon libh-se é i ríoghacht m’Athar.
30Agus i ndiaidh dán a ghabháil, d’imthigh siad amach go Sliabh na gCrann Ola.
31Annsin deir Íosa leo: Gheobhaidh sibh uilig scainneal#26, 31 Gheobhaidh sibh uilig scainneal. De bhrígh go dtabharfhaidh mo ghabháil oraibh uilig teicheadh agus mé a thréigin.#Marc. 14, 27; Eoin 16, 32. ionnam-sa anocht. Óir tá sé scríobhtha:#Sac. 13, 7. Buailfidh mé an t-aodhaire, agus scaipfear caoirigh an tréada.
32Acht i ndiaidh m’eiséirghe, rachaidh mé rómhaibh go dtí an Ghailile.#Marc. 14, 28, agus 16, 7.
33Acht dubhairt Peadar leis, ghá fhreagairt: Bíodh go bhfaghadh gach aoinneach scainneal ionnat, ní fhuighidh mise scainneal a choidhche.
34Dubhairt Íosa leis: Amén adeirim leat, go séanfaidh tú mé trí h-uaire anocht féin sul a scairtidh an coileach.#Marc. 14, 30; Eoin 13, 38.
35Deir Peadar leis:#Marc. 14, 31; Lúc. 22, 33. Bíodh go mb’éigean damh bás d’fhagháil i n-aoinfheacht leat, ní shéanfaidh mé thú. Agus ba mar an gcéadna a labhair na deisciobail go h-uile.
36Annsin tháinic Íosa leo go dtí an áit, dá ngoirtear Getsemani; agus dubhairt sé le n-a dheisciobail: Suidhigidh annseo, go dtéighidh mise anonn annsiúd a dhéanamh urnaighe.
37Agus thug sé leis Peadar agus beirt mhac Sebede, agus thoisigh sé a éirghe buaidheartha agus brónach.
38Annsin deir sé leo: Tá brón an bháis féin ar m’anam; fanaigidh annseo, agus déanaigidh faire liom.
39Agus ar dhul giota beag chun tosaigh dó, thuit sé ar a aghaidh, ag guidhe, agus ag rádh: A Athair, má’s féidir é, gabhadh an chailís seo tharm. Acht cidheadh, ná bíodh mar is toil liom-sa, acht mar is toil leat-sa.
40Agus tig sé chuig a dheisciobail, agus gheibh sé ina gcodladh iad, agus deir sé le Peadar: An amhlaidh nach dtiocfadh leat faire a dhéanamh liom ar feadh aon uaire amháin?
41Coimhéadaigidh agus guidhigidh nach dtéighidh sibh isteach i gcathughadh. Tá an spiorad, leoga, toilteannach, acht tá an cholann lag.
42D’imthigh sé arís an dara h-uair, agus ghuidh sé, ag rádh: A Athair liom, muna féidir do’n chailís seo dul thart, acht go gcaithfidh mé a h-ól, go ndéantar do thoil.
43Agus tig sé arís, agus gheibh sé ina gcodladh iad: óir bhí a súla trom.
44Agus ghá bhfágáil dó, d’imthigh sé arís, agus ghuidh sé an tríomhadh h-uair, ag rádh an bhriathair chéadna.
45Annsin tig sé chuig a dheisciobail, agus deir sé leo: Codluighigidh anois, agus déanaigidh bhur scíste: féach, tá an uair druidte linn, agus bhéarfar Mac an Duine isteach i lámha na bpeacach.
46Éirighigidh, téighimís: féach, tá an té a bhraithfeas mé i n-aice linn.
47Agus le linn é a bheith ag cainnt, féach, tháinic Iúdas,#Marc. 14, 43; Lúc. 22, 47; Eoin 18, 3. duine de’n dáréag, agus i n-aoinfheacht leis sluagh mór a chuir uachtaráin na sagart agus seanóirí an pobhail, agus claidhmhe agus bataí leo.
48Agus an té a bhraith é, thug sé cómhartha dóibh, ag rádh: Cibé a dtabharfaidh mé póg dó, is é sin é: beirigidh air.
49Agus ar an bhall tháinic sé chuig Íosa, agus dubhairt: Go mbeannuighthear duit, a Rabbi. Agus phóg sé é.
50Agus dubhairt Íosa leis: A charaid, cad chuige a dtáinic tú? Annsin tháinic siad-san ar aghaidh, fuair greim ar Íosa, agus ghabh siad é.
51Agus féach, duine acu suíd a bhí le h-Íosa, shín sé a lámh, agus tharraing amach a chlaidheamh: agus ag bualadh seirbhíseach an árdshagairt dó, ghearr sé an chluas de.
52Annsin deir Íosa leis: Cuir do chlaidheamh thar ais ina áit féin: óir gach aoinneach a ghlacfas an chlaidheamh, is leis an chlaidheamh a thuitfeas sé.#Gein. 9, 6; Taidhbh. 13, 10.
53An síleann tú nach dtig liom iarraidh ar m’Athair, agus bhéarfaidh sé damh ar an bhomaite níos mó ná dhá léigiún déag aingeal?
54Cad é an dóigh, mar sin, a gcóimhlíonfar na Scrioptúirí,#Isaias 53, 10. óir is mar sin is éigean a bheith?
55San uair sin dubhairt Íosa leis na sluaighte: Tháinic sibh amach amhail chuig gadaidhe le claidhmhe agus bataí le breith orm; bhí mé mo shuidhe gach lá i bhur measc ag teagasc san teampall, agus ní rug sibh orm.
56Agus thárla seo uilig ionnas go gcóimhlíontaí scrioptúirí na bhfáidh.#Caointe 4, 20. Annsin d’fhág a dheisciobail uilig é, agus theich siad.#Marc. 14, 50.
57Acht chongbhuigh siad-san greim ar Íosa, agus thug siad leo chuig Caiphas,#Lúc. 22, 54; Eoin 18, 24. an t-árdshagart, é, áit a raibh na Scríobhaidhthe agus na seanóirí cruinnighthe.
58Agus lean Peadar i bhfad uaidh é, fiú go cúirt an árdshagairt. Agus ag dul isteach dó, shuidh sé imeasc na searbhóntaí, go bhfeiceadh sé an deireadh.
59Agus bhí uachtaráin na sagart agus an chómhairle go léir ag iarraidh fiadhnaise bhréige d’fhagháil i n-aghaidh Íosa, chun é chur chun báis:
60Acht ní fhuair siad, gidh go dtáinic mórán fiadhnaiseach bréige i láthair. Acht fá dheireadh tháinic dhá fhiadhnaiseach bhréagacha.
61Agus dubhairt siad-san: Dubhairt an fear seo: Tig liom-sa teampall Dé a leagan,#Eoin 2, 19. agus é thógáil arís i gcionn thrí lá.
62Agus ar éirghe ina sheasamh do’n árdshagart, dubhairt sé leis: Nach dtugann tú freagair ar bith ar na neithe fá n-a dtug siad seo fiadhnaise i d’aghaidh?
63Acht d’fhan Íosa ina thost. Agus dubhairt an t-árdshagart leis: Agraim thú as ucht an Dé Bhí innse dúinn má’s tú an Críost, Mac Dé.
64Deir Íosa leis: Dubhairt tú é. Cidheadh deirim libh,#Rómh. 14, 10; 1 Teas. 4, 15. ina dhiaidh seo, tchífidh sibh Mac an Duine ina shuidhe ar dheas-láimh chumhacht Dé, agus ag teacht ar néallta neimhe.
65Annsin réab an t-árdshagart a chuid éadaigh, ag rádh: Rinne sé diamhasla; cad é an feidhm atá againn le n-a thuilleadh fiadhnaiseach? Féach, chuala sibh an diamhasla anois:
66Cad é bhur mbaramhail? Acht d’fhreagair siad-san, agus dubhairt: Is airidhe air an bás.
67Annsin chaith siad seileogaí san aghaidh air,#Isaias 50, 6; Marc. 14, 63. agus thug siad duirn dó; agus bhuail cuid eile acu le n-a mbosa san aghaidh é,
68Ag rádh: Tairngir dúinn, a Chríost, cé h-é a bhuail thú?
69Acht bhí Peadar ina shuidhe amuigh#Lúc. 22, 55; Eoin 18, 17. san chúirt, agus tháinic cailín aimsire chuige, agus dubhairt: Bhí tusa fosta le h-Íosa, an Gaililéach.
70Acht shéan seisean i láthair a raibh ann, ag rádh: Ní fhuil a fhios agam cad é atá dá rádh agat.
71Agus ag dul amach ar an gheafta dó, chonnaic cailín eile é, agus deir sí leis na daoine a bhí annsin: Bhí an fear seo fosta le h-Íosa as Nasair.
72Agus shéan sé arís le mionna: Ní fhuil aithne agam ar an fhear.
73Agus i gcionn tamaill bhig tháinic na daoine a bhí ina seasamh thart i láthair, agus dubhairt le Peadar: Ar ndóighe is duine acu siúd thusa, óir nochtann do chainnt féin thú.
74Annsin thoisigh sé a mhallughadh agus a mhionnughadh nach raibh aithne aige ar an fhear. Agus ar an bhall scairt an coileach.
75Agus chuimhnigh Peadar ar an fhocal a dubhairt Íosa: Sul a scairtidh an coileach, séanfaidh tú mé trí h-uaire. Agus chuaidh sé amach agus ghoil sé go géar.
Currently Selected:
Maitiú 26: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland

: