YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 3

3
Caibidil III
Leigheasann sé fear a raibh lámh leis seargtha: toghann sé an dáréag: agus bréagnuigheann sé diamhasla na bhFairisíneach.
1Agus chuaidh sé isteach arís san tsineagóig, agus bhí fear annsin a raibh lámh leis seargtha.#Mait. 12, 10; Lúc. 6, 6.
2Agus bhí siad ag faire air, féachaint an ndéanfadh sé leigheas ar an tsabóid, chun go gcionntuigheadh siad é.
3Agus deir sé leis an fhear a raibh an lámh sheargtha air: Éirigh amach i lár báire.
4Agus deir sé leo: Cé acu is dlisteannach ar an tsabóid, maith nó olc a dhéanamh? Anam a shabháil, nó a mhilleadh? Acht dʼfhan siad ina dtost.
5Agus ag amharc thart dó ortha le feirg, agus brón áir mar gheall ar dhaille a gcroidhe, deir sé leis an fhear: Sín amach do lámh. Agus shín, agus fágadh an lámh slán aige.
6Acht ar dhul amach do na Fairisínigh, chuaidh siad i gcómhairle#Mait. 12, 14. ar an bhall ina aghaidh le muinntir Ioruaidh, fáʼn chaoi ina gcuireadh siad chun báis é.
7Acht dʼimthigh Íosa go dtí an fhairrge le n-a dheisciobail, agus lean sluagh mór é óʼn Ghailile agus ó Iudaia,
8Agus ó Ierusalem, agus ó Idumea, agus óʼn taoibh thall deʼn Iordáin, agus sluagh mór acu sin a bhí thart fáʼn Tior agus fáʼn tSídoin, nuair a chuala siad na neithe a ghníodh sé, tháinic siad chuige.
9Agus dubhairt sé le n-a dheisciobail bád a bheith fá réir dó mar gheall ar an tsluagh, ar eagla go mbrúigheadh siad é;
10Óir bhí mórán dá leigheas aige, ionnas go mbíodh gach aoinneach dá raibh leathtrom air ina rith isteach air le cuimilt leis.
11Agus nuair a tchíodh na spioraid neamhghlana é, chaitheadh siad iad féin síos roimhe, agus ghlaodhadh siad amach, ag rádh:
12Is tú Mac Dé. Agus bhagair sé go dian ortha gan é chur i n-aithne.
13Agus ar dhul suas ar an tsliabh dó, ghoir#Mait. 10, 1; Lúc. 6, 13, agus 9, 1. sé chuige na daoine a ba toil leis féin, agus tháinic siad chuige.
14Agus shocruigh sé go mbéadh dáréag leis, agus go gcuirfeadh sé a sheanmóir iad.
15Agus thug sé cumhacht dóibh galair a leigheas agus deamhain a theilgean amach.
16Agus ar Shíomon thug sé Peadar mar ainm:
17Agus Séamus, mac Shebede, agus Eoin, dearbhráthair Shéamuis, agus thug sé Boanerges, is é sin, clann na tóirnighe, ortha-san:
18Agus Aindrias, agus Pilip, agus Partholán, agus Maitiú, agus Tomás, agus Séamus, mac Alpheuis, agus Taddeus, agus Síomon, an Cananéach,
19Agus Iúdas Iscariot fosta, an té a bhraith é.
20Agus tig siad chun tighe, agus cruinnigheann an sluagh i gcionn a chéile arís, ionnas nárbh fhéidir dóibh fiú biadh a chaitheamh.
21Agus nuair a chuala a mhuinnitir seo, chuaidh siad amach le breith air; óir dubhairt siad: Go ndeachaidh sé as a chéill.
22Acht deireadh na Scríobhaidhthe a tháinic anuas as Ierusalem: Tá Beelsebub ann,#Mait. 9, 34, agus 12, 24. agus is tré phrionnsa na ndeamhan a theilgeas sé amach na deamhain.
23Agus nuair a ghoir sé chuige iad dubhairt sé leo i bhfáithscéalta: Cad é mar is féidir do Shatan Satan a theilgean amach?
24Agus má bhíonn ríoghacht roinnte ina h-aghaidh féin, ní féidir doʼn ríoghacht sin seasamh,
25Agus má bhíonn teach roinnte ina aghaidh féin, ní féidir doʼn tigh sin seasamh.
26Agus má éirigheann Satan suas ina aghaidh féin, tá sé roinnte, agus ní féidir dó seasamh, acht tá deireadh leis.
27Ní féidir do dhuine ar bith dul isteach i dtigh an fhir láidir agus a threalamh dʼfhuadach, muna gceanglaidh sé an fear láidir ar dtús, agus annsin sladfaidh sé a theach.
28Amén adeirim libh, go maithfear do chloinn na ndaoine#Mait. 12, 31; Lúc. 12, 10; 1 Eoin 5, 16. na h-uile pheacaidhe, agus gach diamhasla dá ndéanfaidh siad:
29Acht cibé a dhéanfas diamhasla i n-aghaidh an Spioraid Naoimh, ní fhuighidh sé maitheamhnas a choidhche, acht béidh sé cionntach i bpeacadh síorraidhe.
30Óir dubhairt siad: Is Spiorad neamhghlan atá aige.
31Agus tháinic a mháthair agus a bhráithre,#Mait. 12, 46; Lúc. 8, 19. agus ina seasamh amuigh dóibh, chuir siad scéala chuige ag glaodhach air.
32Agus bhí sluagh ina suidhe fá dtaoibh de, agus deir siad leis: Féach, tá do mháthair agus do bhráithre amuigh agus iad do chuartughadh.
33Agus dubhairt seisean leo, ghá bhfreagairt: Cé h-iad mo mháthair agus mo bhráithre?
34Agus ag amharc thart dó ortha sin a bhí ina suidhe fá dtaoibh de, deir sé: Féach mo mháthair agus mo bhráithre.
35Óir an té a dhéanfas toil Dé, is é sin mo dhearbhráthair agus mo dheirbhshiúr agus mo mháthair.

Currently Selected:

Marcus 3: ASN1943

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in