Marcus 7
7
Caibidil VII
Daorann Críost na Fairisínigh. Leigheasann sé inghean na mná as Canán, agus an fear a bhí bodhar agus balbh.
1Agus chruinnigh chuige na Fairisínigh, agus cuid de na Scríobhaidhthe, ag teacht ó Ierusalem dóibh.
2Agus nuair a chonnaic siad cuid dá dheisciobail ag ithe aráin le lámha coitcheanna,#Mait. 15, 2. is é sin, gan nighe, rinne siad gearán.
3Óir ní itheann na Fairisínigh agus na h-Iúdaigh uilig gan a lámha a nighe go minic, ag coimhéad sean-ghnás na sinnsear.
4Agus ag teacht ó mhargadh dóibh, muna raibh siad nighte, ní itheann siad. Agus tá mórán neithe eile a tugadh dóibh le coimhéad, nighe cupán, agus potaí, agus soithigh práis, agus leabthach.
5Agus dʼfhiafruigh na Fairisínigh agus na Scríobhaidhthe de: Cad chuige nach siubhlann do dheisciobail do réir shean-ghnás na sinnsear, acht go n-itheann siad arán le lámha coitcheanna?
6Agus dubhairt seisean leo, ghá bhfreagairt: A bhréagchráibhtheacha, is maith a rinne Isaias#Isaias 29, 13. tairngireacht oraibh-se, mar atá scríobhtha: Molann an pobal seo mé le n-a mbeola, acht is fada uaim a gcroidhe.
7Agus is i n-aiscidh a bheir siad adhradh damh, ag múineadh teagasc agus aitheanta daoine#7, 7 Teagasc agus aitheanta daoine. Féach na Nótaí ar Mait. 15, 9-11..
8Óir ag tréigin aithne Dé díbh, coimhéadann sibh sean-ghnás daoine; ghní sibh nigheachán ar photaí agus ar chupáin agus mórán neithe eile deʼn tseort sin.
9Agus dubhairt sé leo: Is maith a chuireas sibh aithne Dé ar neimhnídh chun bhur sean-ghnás a choimhéad.
10Óir dubhairt Maoise: “Tábhair onóir do dʼathair agus do do mháthair,”#Ecs. 20, 12; Deut. 5, 16; Eph. 6, 2. agus, “cibé a mhalluigheas athair nó máthair, cuirtear chun báis é.”#Ecs. 21, 17; Leibh. 20, 9; Sean-fh. 20, 20.
11Acht deir sibh-se: Má deir duine le n-a athair nó le n-a mháthair, Corban, (is é sin, tiodhlacadh) ar bith uaim-se, rachaidh sé i dtairbhe duit-se,
12Agus ní cheaduigheann sibh dó níos mó aon rud a dhéanamh dá athair ná dá mháthair,
13Ag cur briathar Dé ar neimhnídh le bhur sean-ghnás, a chleacht sibh, agus ghní sibh mórán neithe dá leithéid sin.
14Agus ar ghairm an tsluaigh chuige dó arís, dubhairt sé leo:#Mait. 15, 10. Éistigidh uilig liom, agus tuigigidh.
15Ní fhuil dadamh taobh amuigh deʼn duine, agus a théid isteach ann, a dʼfhéadfadh é a shalughadh, acht na neithe a thig amach as an duine, is iad sin a shaluigheas an duine.
16Má tá cluasa chun éisteachta ag aoinneach, éisteadh sé.
17Agus nuair a tháinic sé isteach i dtigh óʼn tsluagh, chuir a dheisciobail ceist air fáʼn fháithscéal.
18Agus deir sé leo: An bhfuil sibh-se gan tuigse mar sin fosta? Nach dtuigeann sibh nach féidir do nídh ar bith a théid isteach san duine óʼn taoibh amuigh é a shalughadh:
19Óir ní théid sé isteach ina chroidhe, acht téid sé san ghoile, agus imthigheann sé amach san chamra, ag glanadh amach gach bídh?
20Agus dubhairt sé gurab iad na neithe a thig amach as an duine a shaluigheas an duine.
21Óir is óʼn taoibh istigh amach as croidhe na ndaoine a thig na droch-smaointe,#Gein. 6, 5. adhaltranas, drúis, dúnmharbhadh,
22Goid, sainnt, rógaireacht, feall, neamhghlaine, droch-shúil, diamhasla, díomas, baois.
23Tig na droch-neithe sin uilig óʼn taoibh istigh, agus saluigheann siad an duine.
24Agus ar éirghe as an áit sin dó dʼimthigh sé go críocha na Tiora agus na Sídoine,#Mait. 15, 21. agus chuaidh sé isteach i dtigh agus níor mhian leis go mbéadh a fhios sin ag aoinneach, acht níorbh fhéidir dó folach.
25Óir bean, a raibh spiorad neamhghlan ina h-inghin, nuair a chuala sí fá dtaoibh de, tháinic sí isteach láithreach agus chaith í féin ag a chosa.
26Óir bean pháganda a bhí inntí, Síreféinigeach do réir chinidh. Agus ghuidh sí é an deamhan a theilgean amach as a h-inghin.
27Agus dubhairt sé léi: Leig a sáith a thabhairt doʼn chloinn ar dtús; óir ní fuil sé maith arán na cloinne a thógáil agus a chaitheamh chuig na madaidh.
28Agus dʼfhreagair sise agus dubhairt leis: Is fíor sin, a Thighearna, óir itheann na coileáin fosta faoiʼn tábla de ghrabhrógaí na bpáistí.
29Agus dubhairt sé léi: Mar gheall ar an chainnt sin, imthigh; chuaidh an deamhan amach as do inghin.
30Agus nuair a dʼimthigh sí abhaile chun tighe, fuair sí a h-inghean ina luighe ar an leabaidh, agus an deamhan ar shiubhal.
31Agus ag fágáil chríocha na Tiora arís dó, tháinic sé fríd an tSídoin go muir na Gailile fríd lár chríocha an Decapolis.
32Agus bheir siad chuige duine a bhí bodhar agus balbh,#Mait. 9, 32; Lúc. 11, 14. agus ghuidh siad é a lámh a chur air.
33Agus ghá thabhairt i leath taoibh óʼn tsluagh dó, chuir sé a mhéara ina chluasa, agus ag caitheamh amach seileoige dó, bhain sé le n-a theangaidh,
34Agus ag amharc suas ar neamh dó, leig sé osna, agus deir leis: Ephpheta, is é sin, bí foscailte.
35Agus ar an bhomaite foscladh a chluasa, agus scaoileadh an ceangal dá theangaidh, agus labhair sé i gceart.
36Agus dʼórduigh sé dóibh gan é dʼinnse dʼaoinneach. Acht dá mhéid a dʼórduigh sé dóibh, is amhlaidh is mó a chraobhscaoil siad é,
37Agus is amhlaidh is mó a rinne siad iongantas de, ag rádh: Rinne sé gach nídh go maith: thug sé éisteacht do na bodhair agus cainnt do na bailbh.
Currently Selected:
Marcus 7: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland

: