Eóin 12
12
CAIBIDIOL XII.
Cosa Chríost d’á n-ungadh. A dhul isteach i gcathair Ierúsalem ar muin asail. An guth ó neamh.
1Ach sé lá roim fhéile na cásga tháinig Íosa go #Mait. 26:6; Marc. 14:3.Betánia mar a bhfuair Lasarus bás agus gur thóg Íosa ó’n mbás é. 2Agus dheineadar féasta dhó ann, agus bhí Marta ag friothálamh, agus duine de’n chuideachtain a shuidh chun bídh i n’fhochair ab eadh Lasarus. 3Agus thóg Máire púnt meaghchaint d’ola ana-uasal, de spícnárd dhílis, agus chuir sí ar chosaibh Íosa é, agus ansan do chimil si a chosa le n-a gruaig; agus do líonadh an tigh de bhaluith chúmhra an spícnáird. 4Agus dubhairt duine de sna deisgiobuil, Iúdás Iscariót, an fear a bhí chun é dhíol: 5Cad ’n-a thaobh nár díoladh an ola so ar trí chéad pingin agus é thabhairt do sna bochtaibh? 6Ní tré aon speóis a bheith aige ins na bochtaibh adubhairt sé an méid sin, ámhthach, ach é bheith ’n-a bhitheamhnach, agus is aige a bhíodh an sparán, agus isé a dh’iomparadh an méid a curtí ann. 7Ansan dubhairt Íosa: Leigidh di féin, agus coimeádadh sí é sin i gcóir lae m’adhlactha. 8Bíd na boicht i gcómhnuighe i nbhúr bhfochair agaibh, ach ní bhím-se agaibh i gcómhnuighe.#12:8 ach ní bhím-se agaibh i gcómhnuighe .i. go sofheicse, mar a bhí sé anso ar an saoghal ’n-a measg, agus mar atáid na boicht againn, chun cabhruighthe leó i n-aghaidh an lae.#Mait. 26:11.
9Agus bhí fhios ag sluagh mhór de sna Iúdaígh é bheith sa n-áit, agus thanadar, ní h-amháin mar gheall ar Íosa, ach chun go bhfeicfidís Lasarus, an duine a thóg sé ó sna mairbh. 10Agus bhí uachtaráin na sagart ’ghá bheartú go marbhóchaidís Lasarus, mar an gcéadna, 11Mar bhí mórán de sna Iúdaigh ag imtheacht agus ag creideamhaint i n-Íosa mar gheall air.
12Ach amáireach a bhí chúgainn do ghluais amach sluagh mhór de sna daoine a bhí tagaithe chun na féile, mar d’airigheadar Íosa bheith ag teacht go Ierúsalem 13Agus thógadar géaga phailime agus shiubhluigheadar fé n-a dhéin agus iad ag liúirigh: Hósanna, moladh do’n t-é atá ag teacht i n-ainim an Tighearna, rí Israéil. 14Agus do fuair Íosa asal óg, agus do shuidh sé ar a mhuin, do réir mar atá sgríobhtha: 15#Zach. 9:9.Ná bíodh eagal ort, a inghean Shióin; Féach, tá do rí ag teacht agus é ’n-a shuidhe ar shearrach asail. 16Níor thuig a dheisgiobuil na neithe sin ar dtúis; ach nuair a tugadh glóire d’Íosa do chuimhnigheadar ar na neithibh sin a bheith sgríobhtha ’n-a thaobh, agus gur dheineadar na neithe sin leis. 17An tsluagh a bhí i n-a fhochair nuair a ghlaoidh sé Lasarus as an dtuama agus thóg sé ó sna mairbh é, thugadar fiadhnaise uatha. 18Agus uime sin do tháinig an tsluagh amach ’n-a choinnibh, mar d’airigheadar gur dhein sé an mhírbhúilt sin. 19Dubhairt na Fairisínigh, d’a bhrígh sin, eatartha féin: An bhfeiceann sibh ná fuil ag eirighe linn i n-aon chor? Siné an saoghal go léir imthighthe ’n-a dhiaidh.
20Bhí, ámh, geinteacha áirithe ar na daoine a tháinig go Ierúsalem chun Dia d’adhradh lá na féile. 21Thánadar san ag triall ar Philib, an fear ó Bhetsaida Gaililí, agus d’iarradar nídh air agus dubhradar: A dhuine chóir, ba mhaith linn Íosa dh’fheisgint. 22Tháinig Pilib agus d’innis sé d’Aindrias é, agus ansan d’innis Pilib agus Aindrias d’Íosa é. 23Ach d’fhreagair Íosa iad agus dubhairt sé: Tháinig an uair chun glóire thabhairt do Mhac an Duine. 24Go deimhin, deimhin, a deirim libh, mura bhfaghaidh an gráinne arbhair a thuiteann sa talamh bás, 25Ní bhíonn ann ach é féin; ach má gheibheann sé bás tugann sé toradh mór uaidh. #Mait. 10:39; 16:25; Marc. 8:35; Lúc. 9:24; 17:33.An t-é a ghrádhann a anam féin caillfidh sé é; agus an t-é a dh’fhuathuigheann a anam féin ar an saoghal so, coimeádann sé é i gcóir na beatha síoruidhe. 26Má fhriothálann duine mise, leanadh sé mé; agus an áit i n-a bhfuilim-se is ann a bheidh an t-é a fhriothálfaidh. Má dheineann duine friothálamh orm-sa tabharfaidh m’Athair onóir dó. 27Tá m’anam ar buaireamh anois. Agus cad déarfad? A Athair, dein mé shaoradh ó’n uair seo. Ach is chuige seo do thánag chun na h-uaire seo. 28A Athair, dein t’ainim do shoillsiú. Ansan do tháinig guth ó neamh: Do shoillsígheas cheana é, agus soillseóchad airís é.
29Agus na sluaighte a bhí láithreach d’airigheadar an guth agus dubhradar gur thóirthneach a deineadh. Ach dubhairt tuille acu: Do labhair aingeal leis. 30D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé: Ní mar gheall orm-sa a tháinig ag guth so, ach mar gheall oraibh-se. 31Anois atá breith tabhartha ar an saoghal so; anois a caithfar amach priúnsa an tsaoghail seo. 32Agus má árduígh-thear mise ó’n dtalamh taraiceóchad gach nídh chúgham féin. 33Agus dubhairt sé an méid sin ’ghá chur i gcéill cad é an bás a gheobhad sé. 34D’fhreagair na daoine é: D’airigheamair-ne as an ndlígh #Salm 109:4; 116:2; Isáias 40:8; Ezech. 37:25.Críost a bheith ann do shíor: agus conus a deirir-se nach foláir Mac an Duine d’árdú? Cé h-é an Mac san an Duine? 35Ansan dubhairt Íosa leó: Tá an solus agaibh tamall beag fós. Deinidh siubhal an fhaid atá an solus agaibh, i dtreó ná béarfaidh an doircheacht oraibh; agus an t-é bhíonn ag siubhal sa doircheacht ní fhea-dair sé cá mbíonn sé ag dul. 36An fhaid atá an solus agaibh creididh sa tsolus, i dtreó go mbeadh sibh i nbhúr gclann ag an solus. Do labhair Íosa na neithe sin agus d’imthigh sé agus do cheil sé é féin ortha.
37Agus bíodh gur dhein sé an oiread san mírbhúiltí os a gcómhair níor chreideadar ann; 38Ionus go gcómhlíonfaí an chaint adubhairt Isáias Fáidh: #Isáias 53:1.A Thighearna, cé chreid a gcloistear uainn? Agus cé dhó gur foill-sigheadh cuisle an Tighearna? 39Uime sin níor fhéadadar creideamhaint, óir dubhairt Isáias airís:#12:39 Ver. 39. níor fhéadadar creideamhaint, “Mar sin níor bh’áil leó.” N. Aug. Tr. 33 ar Eóin. Feic an nóta ar Marc. 4:12. 40#Isáias 6:9.Do dhall sé a súile, agus do dhúr sé a gcroidhe, sar a bhfeicfidís le n-a súilibh agus sar a dtuigfidís ’n-a gcroidhe, agus go n-iompóchaidís, agus go saorfainn iad. 41Dubhairt Isáias na neithe sin nuair a chonaic sé a ghlóire, agus nuair a labhair sé air. 42Ach sa n-am gcéadna do chreid a lán de sna h-uachtaráin féin ann; ach níor admhuigheadar é, le h-eagla roimis na Fairisínigh, sar a gcurfaí as na sinagógaibh iad. 43Óir bá mhó acu glóire daoine ’ná glóire Dé.
44Ansan do labhair Íosa do ghuth árd, agus dubhairt sé: An t-é a chreideann ionam-sa, ní h-ionam-sa a chreideann sé ach san t-é a chuir uaidh mé. 45Agus an t-é a chíonn mise, chíonn sé an t-é a chuir uaidh mé. 46Is am’ sholus do thánag ar an saoghal, ionus, an t-é a chreideann ionam, ná fanfadh sé sa doircheacht. 47Agus má airigheann aoinne mo bhréithre agus ná coimeádfaidh sé iad, ní thugaim-se breith air, óir ní chun breitheamhantais a thabhairt ar an ndomhan do thánag, ach chun an domhain do shaoradh. 48An t-é ná tugann toradh orm-sa agus ná glacann mo bhréithre, tá aige an t-é a thugann breith air; #Marc. 16:16.an briathar atá ráidhte agam-sa, tabharfaidh an briathar san breith air an lá déanach. 49Óir ní h-uaim féin do labhras-sa, ach an t-Athair a chuir uaidh mé, thug sé sin órdú dhom, cad déarfad agus cad a labharfad. 50Agus tá fhios agam gur beatha shíoruidhe a órdú. Na neithe a labhraim, d’á bhrígh sin, is mar adubhairt an t-Athair liom do labhraim iad.
Currently Selected:
Eóin 12: POL
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.

: