Eóin 14
14
CAIBIDIOL XIV.
Caint Chríost tar éis a shuipéir dhéidheanaigh.
1Ná tagadh buaireamh an bhúr gcroidhe. Creideann sibh i nDia; creididh ionam-sa leis. 2Is mó árus i dtigh m’Athar; dá mba ná beadh, do neósfainn daoibh é: óir táim ag dul ag cur áite i n-eagar dhaoibh. 3Agus má imthighim agus áit do chur in-eagar dhaoibh, táim ag teacht airís agus glacfad chúgham féin sibh, i dtreó, an áit ’na mbead-sa go mbeidh sibh-se ann, leis. 4Agus is eól daoibh cá bhfuilim ag imtheacht, agus tá eólas na slighe agaibh. 5Dubhairt Tomás leis: A Thighearna, ní h-eól dúinn cá bhfuilir ag imtheacht, agus conus is féidir dúinn an tslígh d’aithint?
6Dubhairt Íosa leis: Is mise an tslígh, agus an fhírinne, agus an bheatha; ní thagann aoinne chun an Athar ach tríom-sa. 7Dá n-aithnigheadh sibh mise d’aithneóch’ sibh m’Athair gan amhras, agus aithneóchaidh sibh é feasda, agus do chonacabhair é. 8Dubhairt Pilib leis: A Thighearna, taisbeáin dúinn an t-Athair, agus is leór dúinn san. 9Dubhairt Íosa leis: An bhfuilim an fhaid seo aimsire agaibh agus gan aithne agaibh orm? A Philib, an t-é a chíonn mise chíonn sé an t-Athair, leis; agus conus adeirir-se, Taisbeáin dúinn an t-Athair? 10Ná creideann sibh go bhfuilim-se sa n-Athair agus an t-Athair ionam-sa? Na bréithre a labhraim-se libh-se ní h-uaim féin a labhraim iad; ach an t-Athair atá ’n-a chómhnuighe ionam, isé a dheineann na mírbhúiltí. 11#14:11 Nó, Creididh mé go bhfuilim-se sa n-Athair, ⁊rl.Ná creideann sibh mise bheith sa n-Athair agus an t-Athair a bheith ionam-sa? 12Nó murab é sin é, creididh mé mar gheall ar na h-oibreacha féin.
Go deimhin, deimhin, adeirim libh, an t-é a chreideann ionam-sa, na h-oibreacha a dheinim-se déanfaidh sé féin iad, agus déanfaidh sé oibreacha is mó ’ná iad; mar táim-se ag dul ag triall ar an Athair. 13#Mait. 7:7; 21:22; Marc. 11:24.Agus pé rud a dh’iarrfaidh sibh ar an Athair am’ ainim-se déanfad-sa an rud san, i dtreó go bhfaghaidh an t-Athair glóire sa Mhac. 14Má iarrann sibh aon rud orm am’ ainim-se déanfad an rud san.
15Má tá grádh agaibh dom coimeádaidh m’aitheanta. 16Agus iarrfad-sa ar an Athair é, agus cuirfidh sé chúghaibh Sólásaidhe#14:16 Ver. 16. Sólásaidhe (Paraclét), nú, leis, comairceach, óir, nuair a spriocann sé sinn chun guidhe dhéanamh deineann sé an ghuidhe istigh ionainn mar a déarfí. eile chun fanmhaint agaibh go deó#14:16 Ver. 16. go deó d’á bhrígh sin, is léir gur gealladh an Spioraid sin na fírinne, ní h-amháin do sna h-Asbolaibh féin ach do’n eaglais n-a ndiaidh chómh maith, go dtí deire an tsaoghail.; 17Spioraid na fírinne, nách féidir do’n tsaoghal a ghlacadh, óir ní fheiceann sé é ná ní aithnigheann sé é; ach aithnéochaidh sibh-se é, mar fanfaidh sé agaibh, agus beidh sé ionaibh. 18Ní fhágfad sibh i nbhúr ndíleach-taithibh; tiocfad chúghaibh. 19Tamall beag eile agus ní fheiceann an saoghal mé feasda; ach chíonn sibh-se mé: óir táim-se beó agus beidh sibh-se beó, leis. 20An lá san aithneóchaidh sibh-se go bhfuilim-se am’ Athair, agus go bhfuil sibh-se ionam-sa, agus mise ionaibh-se.
21An t-é go bhfuil m’aitheanta-sa aige agus do choimeádann iad, siné an t-é go bhfuil grád aige dhom; agus an t-é go bhfuil grád aige dhom, beidh grádh agam’ Athair dó; agus beidh grádh agam-sa dhó agus taisbeánfad mé féin dó. 22Dubhairt Iúdás leis, níor bh’é an t-Iscariót úd: A Thighearna, cad fé ndeár go ndéanfair thu féin a thaisbeáint dúinne agus ná taisbeánfair thu féin do’n tsaoghal? 23D’fhreagair Íosa, agus dubhairt sé leis: Má tá grádh ag duine dhómh-sa coimeádfaidh sé mo bhréithre, agus beidh grádh ag m’ Athair dó, agus tiocfaimíd chuige agus déanfaimíd cómhnuighe i n-a fhochair. 24An t-é ná fuil grádh aige dhom ní choimeádann sé mo bhréithre; agus an briathar d’aireabhair ní h-é mo bhriathar-sa é, ach briathar an Athair a chuir uaidh mé.
25Do labhras an méid seo libh agus mé i nbhúr bhfochair. 26Ach an Sólásaidhe, an Spioraid Naomh, an t-é a chuirfidh an t-Athair uaidh am’ ainim-se, múinfidh sé sin daoibh gach nídh, agus cuirfidh sé i nbhúr gcuimhne gach nídh d’á ndéarfad libh.#14:26 Ver 26. múinfidh sé sin daoibh gach nídh, Gealltar anso an Spioraid Naomh, dos na h-Asboil agus don chléir’ n-a ndiaidh, chun gach fírinne do theagasg dóibh agus chun iad do chimeád ó dhul amú. 27Fágaim síothcháin agaibh; tugaim mo shíothcháin daoibh; ní mar a thugann an saoghal a thugaim-se dhaoibh. Ná bíodh buaireamh ar bhúr gcroidhe, ná eagla. 28D’aireabhair conus mar adubhart libh: Táim ag imtheacht, agus ag teacht chúghaibh. Dá mbead grádh agaibh dom, bheadh áthas oraibh toisg mé bheith ag dul ag triall ar an Athair; óir is mó an t-Athair ’ná mise.#14:28 Ver 28. óir is mó an t-athair ’ná mise. Is léir gur sa mhéid gur duine é do Labhair Críost air féin anso, óir, sa mhéid gur Dia é tá sé ar aon dul leis an Athair: (feic Philipian. Caibh. 2). Imtheóchaidh gach deacaracht tuisgiona as an gcaint seo ach na neithe do leanann í, agus do ghabhann léi, do chimeád os comhair ár n-aigne. Bhí Críost go luath chun bháis a dh’fhulag, agus chuir sé, leis an gcaint sin, a dhaonacht i n-úil dá Asbolaibh. Níor bh’fhéidir dó bhás d’fhághail sa mhéid gur Dhia é, ach ó bhí sé n-a Dhia agus n-a dhuine ba léir gur sa mhéid gur dhuine é do chaithfadh sé bás d’fhághail, agus bhi na h-Asboil chun san a dh’fheisgint agus do chreideamhaint go luath ’n-a dhiaidh san, mar adeir sé féin. 29Agus anois tá sé innste agam daoibh roim sé, i dtreó nuair a thiocfaidh sé go gcreidfidh sibh. 30Ní déarfad puinn i nbhúr bhfocair anois. Óir tá priúnsa an domhain seo ag teacht, agus ní’l nídh ar bhith aige ionam-sa. 31Ach ionus go n-aithneóchadh an domhan go bhfuil grádh agam do’n Athair; agus #Gníomh. 2:23.do réir mar a thug an t-Athair órdú dhom, is mar sin a dheinim. Eirighidh, imthighmís asso.
Currently Selected:
Eóin 14: POL
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.

: