Eóin 18
18
CAIBIDIOL XVIII.
Tuairisg ar Pháis Chríost.
1Nuair a bhí an chaint sin ráidhte ag Íosa chuaidh sé amach, mar aon le n-a dheisgiobuil #2 Rígh. 15:23.thar sruth Chedrón, mar a raibh gáirdín, agus chuaidh sé féin agus a dheisgiobuil isteach sa gháirdín: 2Agus bhí fios na h-áite ag Iúdas, leis, an fear a dhíol é, mar do chuaidh Íosa ann go minic i n-aonfheacht le n-a dheisgiobulaibh. 3Agus nuair a fuair Iúdas buidhean saighdiúirí agus oificeacha ó sna h-árd-shagairt agus ó sna Fairisínigh, tháinig sé cun na h-áite agus lóchranna aige, agus tóirsí, agus airm. 4Agus ó bhí fhios ag Íosa gach nídh d’á raibh le teacht air, chuaidh sé amach agus dubhairt sé leó: Cé ’tá uaibh? 5D’fhreagradar é: Íosa an Nasarénach. Dubhairt Íosa leó: Is mise é. Agus bhí Iúdas, an fear a dhíol é, ’n-a sheasamh ’n-a dteannta. 6Agus chómh luath agus adubhairt sé leó, Is mise é, chuadar i ndiaidh a gcúl agus thuiteadar ar an dtalamh. 7Ansan d’fhiafraigh sé dhíobh airís: Cé ’tá uaibh? Agus dubhradar-san: Íosa an Nasarénach. 8D’fhreagair Íosa iad: Dubhart libh gur mise e; agus má’s mise atá uaibh leigidh dóibh seo imtheacht. Ionus go gcómhlíonfaí an focal adubhairt sé: 9#Supra 17:12.An mhuintir a thugais dom níor chailleas aon duine acu. 10Agus bhí claidheamh ag Símón Peadar, agus tharaing sé an claidheamh, agus bhuail sé seirbhíseach an árd-shagairt, agus bhain sé an chluas dheas de. Agus Malcus ab ainim do’n tseirbhíseach. 11Agus dubhairt Íosa le Peadar: Cuir do chlaidheamh n-a thruaill taisge. An chailís a thug an t-Athair dom, an amhlaidh ná h-ólfad í?
12Ansan do rug an bhuidhean agus an captaén agus seirbhísigh na n-Iúdach ar Íosa, agus do ghabhadar é.
13Agus do rugadar i láthair Annas ar dtúis é, óir bh’é sin athair céile Cháiphais, árdshagairt na bliana san. 14#Supra 11:49.Agus b’é Cáiphas an t-é thug an chómhairle úd do sna Iúdaigh, gur bh’ é a leas aon duine amháin d’fhághail bháis ar son an phobuil.
15Do lean Símón Peadar, ámhthach, agus deisgiobul eile, Íosa. Agus bhí aithne ar an ndeisgiobul eile sin ag an árdshagart, agus chuaidh sé isteach i bhfochair Íosa i halla an árdshagairt. 16Agus bhí Pheadar ’n-a sheasamh i n-aice an doruis lasmuigh. Ansan, an deisgiobul eile sin go raibh aithne ag an árdshagart air, d’imthigh sé amach agus do labhair sé le cailín an doruis agus thug sé Peadar isteach. 17Agus dubhairt cailín an doruis le Peadar: Nách duine de dheisgiobulaibh an fhir úd tusa, leis? Deir seisean: Ní h-eadh. 18Agus bhí na seirbhísigh agus na h-oificeacha ’n-a seasamh i n-aice na teine, ’ghá dtéidh féin, mar bhí sé fuar; agus bhí Peadar ’n-a dteannta, leis, agus é ’n-a sheasamh, ’ghá théidh féin.
19Agus do cheistigh an t-árdshagart Íosa i dtaobh a dheisgiobul agus i dtaobh a theagaisg. 20D’fhreagair Íosa é: Do labhras go h-osgailte leis an ndomhan; dheineas teagasg i gcómhnuighe sa tsinagóig, agus sa teampul, mar a gcruinníghid na Iúdaigh go léir; agus níor labhras aon nídh fé cheilt. 21Cad ’n-a thaobh duit mise cheistiú? Ceistigh na daoine a bhí ag éisteacht le u-ar labhras leó; féach, is eól dóibh seo cad ’dubhart.
22Nuair adubhairt sé an méid sin do bhuail seirbhíseach a bhí láithreach buille bhais an Íosa agus dubhairt sé; An mar sin a thugann tú freagra ar an árdshagart? 23D’fhreagair Íosa é: Má’s olc mo chaint, tabhair fiadhnaise ar an olc; má’s maith í, cad chuige dhuit mé bhualadh? 24#Mait. 26:57; Marc. 14:53; Lúc. 22:54.Ansan do chuir Annas uaidh é gabhtha ag triall ar Cáiphas an t-árdshagart.
25Ach bhí Símón Peadar ’n-a sheasamh ’ghá théidh féin #Mait. 26:69; Marc. 14:67; Lúc. 22:56.agus dubhradar leis: Nách duine d’á dheisgiobuil siúd thusa leis? Do shéan seisean agus dubhairt sé: Ní h-eadh. 26Ansan dubhairt duine de sheirbhísigh an árdshagairt, gaol do’n fear gur bhain Peadar an chluas de: Ná feaca-sa thu sa gháirdín i n’fhochair? 27Do shéan Peadar airís: agus do ghlaoidh an coileach láithreach.
28Ansan do rugadar Íosa leó ó Cháiphas go dtí an #18:28 Nó, halla an ghoibhearnóra.Praetórium. Bhí sé ’n-a mhaidin an uair sin, agus níor chuadar féin isteach sa halla, i #Gníomh. 10:28; 11:3.dtreó ná truailleófaí iad, agus go n-íosfaidís an cháisg. 29Uime sin do chuaidh Pílát amach ag triall ortha, agus dubhairt sé: Cad ’tá agaibh ’á chur i leith an duine seo? 30D’fhreagradar agus dubhradar leis: Mura mbeadh é seo bheith ’n-a chuirptheach ní thabharfaimís ag triall ort-sa é. 31Dubhairt Pílát leó: Tógaidh féin é agus tugaidh breith air do réir bhúr ndlighe féin. Agus dubhairt na Iúdaigh leis: Ní’l ceaduighthe dhúinne aoinne chur chun bháis. 32#Mait. 20:19.Ionus go gcómhlíonfaí focal Íosa, an focal adubhairt sé ’ghá chur i n-iúil cad é an bás a gheobhadh sé.
33Ansan #Mait. 27:11; Marc. 15:2; Lúc. 23:3.do chuaidh Pílát isteach sa chúirt airís, agus ghlaoidh sé chuige Íosa agus dubhairt sé leis: An tusa rí na n-Iúdach? 34D’fhreagair Íosa: An uait féin a deirir-se an nídh sin, nó an daoine eile d’innis duit é am’ thaobh-sa? 35D’fhreagair Pílát: An Iúdach mise? Do dhaoine féin agus na h-árdshagairt isiad a thug suas dómh-sa thú. Cad ’tá déanta agat? 36D’fhreagair Íosa: Ní bhaineann mo rígheacht-sa leis an saoghal so. Dá mbaineadh mo rígheacht leis an saoghal so ní baoghal ná go dtroidfeadh mo mhuintir ionus ná tabharfaí suas do sna Iúdaigh mé: ach anois ní h-as so atá mo rígheacht-sa. 37Ansan dubhairt Pílát: An rí thu, mar sin? D’fhreagair Íosa: Mar adeirir, is rí mé. Is chuige do rugadh mise, agus is chuige do thánagh ar an saoghal, chun go ndéanfainn fiadhnaise do’n bhfírinne. Gach n-aon a bhaineann leis an bhfírinne, éisteann sé le m’ ghlór-sa. 38Deir Pílát leis: Cad is fírinne ann? Agus nuair adubhairt sé an focal san d’imthigh sé amach airís chun na n-Iúdach, agus dubhairt sé leó: Ní bhfaghaim-se coir ar bhith ann. 39#Mait. 27:15; Marc. 15:6; Lúc. 23:17.Ach is nós agaibh-se go leigfinn duine saor chúghaibh uim Cháisg; an mian libh, mar sin, go leigfinn saor chúghaibh rí na n-Iúdach? 40Ansan do liúghadar go léir airís agus dubhradar: Ná leig saor é seo, ach Barabbas. Agus bitheamhnach ab eadh Barabbas.
Currently Selected:
Eóin 18: POL
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.

: