Eóin 21:15-17
Eóin 21:15-17 POL
Ansan, nuair a bhí bia caithte acu, dubhairt Íosa le Símón Peadar: A Shímóin mhic Eóin, an mó do ghrádh-sa dhom ’ná a ngrádh so? Dubhairt seisean leis: Iseadh, á Thighearna, is eól duit go bhfuil grádh agam duit. Dubhairt sé leis: Dein m’uain do chothú. Dubhairt sé airís leis: A Shímóin mhic Eóin, an bhfuil grádh agat dom? Dubhairt sé leis: Tá, a Thighearna, is eól duit go bhfuil grádh agam duit. Dubhairt sé leis: Dein m’ uain do chothú. Dubhairt sé leis an trímhadh h-uair: A Shímóin mhic Eóin, an bhfuil grádh agat dom? Tháinigh buairt ar Pheadar, toisg é ’ghá rádh leis an trímhadh h-uair: An bhfuil grádh agat dom? Agus dubhairt sé leis: A Thighearna, tá fios gach uile nídh agat-sa; tá ’fhios agat go bhfuil grádh agam duit. Dubhairt sé leis: dein mo chaoire do chothú.