Eóin 21
21
CAIBIDIOL XXI.
Críost ’á thaisbheáint féin d’á dheisgiobulaibh ar bruach na faraige agus cúram a thréad ’á chur aige ar Pheadar.
1I n-a dhiaidh san do thaisbeáin Íosa é féin airís do sna deisgiobulaibh ag muir Thiberias, agus seo mar a thaisbeáin. 2Bhí Símón Peadar, agus Tomás an a dtugtar Didimus, agus Natanaél, an fear ó Chána na Gaililí, agus clann Sebedé, agus bheirt eile deisgiobul, agus iad i bhfocair a chéile. 3Agus dubhairt Símón Peadar leó: Táim-se ag dul ag iasgaireacht. Dubhradar leis: Raghaimíd-ne leat. Agus d’imthigheadar agus chuadar ar bórd luinge; agus i gcaitheamh na h-oidhche sin níor rugadar as aon iasg. 4Ach nuair a tháinig an mhaidean, bhí Íosa ’n-a sheasamh ar an dtráigh; ach ní raibh fhios ag na deisgiobuil gur bh’ é Íosa é. 5Agus dubhairt Íosa leó: An bhfuil aon bhia agaibh, a bhuachaillí? D’fhreagradar: Ní’l. 6Dubhairt sé leó: Cuiridh an líon amach an dheis na luinge agus geóbhaidh sibh. Chuireadar; agus láithreach bhí ag teip ortha an líon do tharang isteach, bhí oiread san iasg ann. 7Ansan, an deisgiobul san dob’ ionmhuin le h-Íosa, dubhairt sé le Peadar: Isé an Tighearna é. Nuair airigh Símón Peadar gur bh’ é an Tighearna é, do chuir sé a bhrat uime (oir bhí sé nocht) agus chaith sé é féin sa bhfaraige. 8Ach tháinig na deisgiobuil eile ar an luing, mar ní rabhadar abhfad ó’n dtír, ach tímpal dhá chéad cúbat, agus tharaingeadar ’n-a ndiaidh an líon lán d’iasgaibh. 9Agus nuair a thánadar i dtír chonacadar gríosach ann, agus iasg anuas air, agus arán. 10Dubhairt Íosa leó: Tugaidh anso cuid de sna h-éisg a thógabhair anois. 11Chuaidh Símón Peadar suas, agus tharraing sé an líon i dtír agus é lán d’iasgaibh móra, céad agus caogad agus a trí. Agus bíodh go raibh oiread san ann dióbh, níor briseadh an líon. 12Dubhairt Íosa leó: Tagaidh agus ithidh rud. Agus níor leómhaigh aoinne d’á raibh ag caitheamh an bhídh a fhiafraighe dhe: Cé h-é thusa? Mar bhí fhios acu gur bh’é an Tighearna é. 13Agus tháinigh Íosa, agus thóg sé an t-arán, agus thug sé dhóibh é, agus an t-iasg mar an gcéadna. 14B’shiné an trímhadh h-uair ag Íosa ’ghá thaisbheáint féin d’á dheisgiobulaibh agus é eirighthe ó sna mairbh.
15Ansan, nuair a bhí bia caithte acu, dubhairt Íosa le Símón Peadar: A Shímóin mhic Eóin, an mó do ghrádh-sa dhom ’ná a ngrádh so? Dubhairt seisean leis: Iseadh, á Thighearna, is eól duit go bhfuil grádh agam duit. Dubhairt sé leis: Dein m’uain do chothú. 16Dubhairt sé airís leis: A Shímóin mhic Eóin, an bhfuil grádh agat dom? Dubhairt sé leis: Tá, a Thighearna, is eól duit go bhfuil grádh agam duit. 17Dubhairt sé leis: Dein m’ uain do chothú. Dubhairt sé leis an trímhadh h-uair: A Shímóin mhic Eóin, an bhfuil grádh agat dom? Tháinigh buairt ar Pheadar, toisg é ’ghá rádh leis an trímhadh h-uair: An bhfuil grádh agat dom? Agus dubhairt sé leis: A Thighearna, tá fios gach uile nídh agat-sa; tá ’fhios agat go bhfuil grádh agam duit. Dubhairt sé leis: dein mo chaoire do chothú.#21:17 Ver. 17. dein mo chaoire do chothú. Do gheall Críost uachtaránacht spiridáltha do Pheadar (Marc. 16:19). Do cómhlíon sé an gheallamhaint sin anso, agh cur cúraim a thréada go léir air, .i. cúram na h-eagailse go léir, idir chléir agus tuath.
18Go deimhin, deimhin, adeirim leat, nuair a bhís níb’ óige, churthá féin do chrios umat agus do shiúbhalthá sa n-áit ba thoil leac; #2 Pead. 1:14.ach nuair a chríonóchair, sínfir amach do lámha agus cuirfidh duine eile do chrios umat agus seólfaidh sé thu sa n-áit nách toil leat. 19Dubhairt sé an méid sin ’ghá chur i n-iúil cad é an saghas bháis go dtabharfa sédh glóire do Dhia leis. Agus nuair a bhí an méid sin ráidhte aige dubhairt sé leis: lean mise.
20D’iompuigh Peadar agus chonaic sé an deisgiobul eile, an t-é dob’ ionmhuin le h-Íosa, ag leanmhaint, #Supra 13:23.an t-é do luigh ar a ucht ag an suipéar agus adubhairt: A Thíghearna, cé h-é an fear a dhíolfaidh thú? 21Nuair a chonaic Peadar é sin dubhairt sé le h-Íosa: Agus, a Thighearna, cad mar gheall air seo? 22Dubhairt Íosa leis: Má’s toil liom-sa é dh’fhanmhaint go dtagad, cad é sin duit-se sin? Lean-sa mise. 23Ansan do chuaidh an focal amach ameasg na mbráithre ná faghadh an deisgiobul san bhas. Agus ní dubhairt Íosa leis, Ní bhfaghaidh sé bhas; ach, Má’s toil liom-sa é dh’fhanmhaint go dtagad, cad é sin duit-se sin?
24Sidé an deisgiobul a thugann fiadhnaise ins na neithibh seo, agus do sgríbh na neithe seo: agus is eól dúinn gur fíor an fhiadhnaise a thugann sé.
25Ach #Supra 20:30.tá a lán neithe eile do dhein Íosa, agus dá sgríbhtí síos i leabhraibh iad i ndiaidh chéile, measaim ná beadh slígh sa domhan féin do sna leabhraibh nár bh’ fhuláir a sgrí.
Currently Selected:
Eóin 21: POL
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.

: