YouVersion Logo
Search Icon

Eóin 4

4
CAIBIDIOL IV.
Críost ag labhairt leis an mnaoí Shamaritánaigh. Mac an riaghaltóra á leigheas aige.
1Nuair a chonaic Íosa gur airigh na Fairisínigh go raibh níos mó deisgiobul ag Íosa ’á dhéanamh agus ’á bhaisteadh ’ná mar a bhí ag Eóin 2(bíodh nár bh’ é Íosa a bhí ag baisteadh ach a dheisgiobuil), 3D’fhág sé Iúdaéa agus d’imthigh sé airís go Gaililí. 4Agus niór bhfoláir dó gabháil tré Shamaria.
5Tháinig sé isteach go cathair i Samaria, gur bh’ ainim dí Sichar, láimh leis an bhfearann #Gen. 33:19; 48:22; Iosué 24:32.a thug Iácób d’á mhac Ióseph. 6Ansan iseadh bhí tobar Iácóib. Bhí Íosa tuirseach ó’n mbóthar agus do shuidh sé mar sin os cionn an tobair; tímpal an sémhadh h-uair ab eadh é. 7Agus tháinig bean ó Shamaria a d’iarraidh uisge. 8Dubhairt Íosa léi: Tabhair dhom deoch. Óir bhí a dheisgiobuil imthighthe isteach sa chathair ag ceannach bídh. 9Agus dubhairt an bhean leis: Conus is féidir duit-se, agus gur Iúdach tu, deoch a d’iarraidh orm-sa, agus gur bean Shamaritánach mé? Ní dheinid Iúdaigh agus Samaritánaigh cómharsanacht eatartha féin. 10D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé léi: Dá mb’eól duit tabharthas Dé, agus cé h-é a deir leat, Tabhair dhom deoch, is dóigh gur tusa a dh’iarrfadh deoch air-sean, agus thabharfadh sé dhuit uisge beó. 11Dubhairt an bhean leis: A uasail, ní’l nídh agat chun an uisge thógaint aníos, agus tá an tobar doimhinn; cá bhfuil an t-uisge beó le fághail agat? 12An amhlaidh is mó thu ’ná ár n-athair Iácób a thug dúinn an tobar so, agus gur ól se féin as, agus a chlann, agus a áirnéis? 13D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé léi: An t-é a d’ólfaidh an t-uisge seo beidh tart airís air; ach an t-é a d’ólfaidh an t-uisge a thabharfad-sa dhó, ní bheidh tart go deó airís air; 14Ach an t-uisge a thabharfad dó déanfaidh tobar uisge dhé istigh ann, ag fiaradh chun beatha síoruidhe. 15Dubhairt an bhean leis: A Thighearna, tabhair dómh-sa an t-uisge sin, i dtreó ná beidh tart orm agus ná bead ag teacht anso a d’iarraidh uisge. 16Dubhairt Íosa léi: Imthigh agus glaoidh ar t’fhear, agus fill anso. 17D’fhreagair an bhean agus dubhairt sí: Ní’l aon fhear agam. Dubhairt Íosa léi: Dubhraís go maith é, Ní’l aon fhear agam; 18Óir do bhí cúigear fear agat, agus an t-é atá anois agat ní h-é t’fhear-sa é. D’innsis an fhírinne sa méid sin. 19Dubhairt an bhean leis: A uasail, chím gur fáidh tu. 20Is ar an gcnoc so a dhein ar sínsear-ne Dia d’adhradh, agus dar libh-se #Deut. 12:5.is i n-Ierúsalem atá an áit ’n-ar ceart Dia d’adhradh.#4:20 Ver. 20. an gcnoc so .i. Garisim mar a raibh a dteampal siosmach ag na Samaritánaigh. 21Dubhairt Íosa léi: A bhean, creid-se uaim-se go bhfuil an t-am ag teacht nuair nách ar an gcnoc so ná i n-Ierúsalem a dhéanfaidh sibh an t-Athair a dh’adhradh. 22#4 Rígh. 17:29,41.Adhrann sibh-se an nídh nách eól daoibh. Adhraimíd-ne an nídh is eól dúinn, óir is ó sna Iúdaigh atá an slánú. 23Ach tig an uair, agus is anois é, ’n-a ndéanfaid na h-adhar-thóirí fírinneacha an t-Athair a dh’adhradh i spioraid agus i bhfírinne. 24#1 Cor. 3:17.Spioraid iseadh Dia, agus an mhuintir a dh’adhrann é, is i spioraid agus i bhfírinne is ceart dóibh é dh’adhradh. 25Dubhairt an bhean leis: Tá fhios agam go bhfuil an Messias ag teacht, an t-é ar a dtugtar Críost; agus nuair a thiocfaidh sé sin neósfaidh sé gach aon rud dúinn. 26Dubhairt Íosa léi: Is mise é, atá ag caint leat.
27Agus le n-a linn sin tháinig a dheisgiobuil agus bhí iongna ortha é bheith agh caint leis an mnaoi. Ní dubhairt aoinne, ámhthach, Cad tá uait? ná, Cad ’n-a thaobh duit bheith ag caint léi?
28Agus d’fhág an bhean an t-árthach ’n-a diaidh, agus d’imthigh sí isteach sa chathair agus dubhairt si leis na daoine: 29Tagaidh go bhfeicfidh sibh fear a dh’innis dómh-sa gach nídh d’ár dheineas; an féidir gur b’é an Críost é? 30Agus do ghluaiseadar amach as an gcathair agus thánadar ag triall air. 31Ach sa n-am gcéadna d’iarradar a dheisgiobuil air, agus dubhradar: A Máighistir, ith rud. 32Agus dubhairt sé leó: Tá agam-sa le n-ithe bia nách eól daoíbh-se. 33Agus dubhairt na deisgiobuil eatartha féin: An féidir gur thug aoinne rud le n-ithe chuige? 34Dubhairt Íosa leó: Isé is bia dhómh-sa go ndéanfainn toil an t-é a chuir uaidh mé, agus go gcuirfinn a ghnó chun cinn. 35Ná fuil, dar libh-se, an fóghmhar ag teacht i gceann cheithre mhí? Féach mé ’ghá rádh libh: Tógaidh bhúr súile agus féachaidh ar ná críochaibh, #Mait. 9:37.conus mar atáid siad geal cheana féin chun an fhóghmhair. 36Agus an t-é a bhaineann an fóghmhar gheibheann sé a thuarasdal, agus cruinnigheann sé toradh, chun na beatha síoruidhe; ionus go bhfaghadh idir churadóir agus buanaidhe áthas i n-aonfheacht. 37Óir is fíor sa nídh seo an radh, go gcuireann duine an síol agus go mbaineann duine eile an fóghmhar. 38Chuireas-sa sibh-se uaim ag baint an fhóghmhair nár dheineabhair a shaothrú; daoine eile a dhein an saothrú, agus chuadh-abhair-se isteach ’n-a saothar.
39Agus do chreid mórán de Shamaritánaigh na catharach san ann, mar gheall an chaint na mná ag tabhairt na fiadhnaise: D’innis sé dhom gach nídh d’ár dheineas. 40Agus tháinig na Samaritánaigh ag triall air, agus d’iarradar air fanmhaint sa n-áit. Agus d’fhan sé ann dhá lá. 41Agus do chreid mórán níba mhó dhíobh ann mar gheall an a chaint féin. 42Agus deiridís leis an mnaoi: Ní mar gheall an do chaint-se a chreidimid anois; mar tá éistithe againn féin leis agus tá fhios againn gur b’é seo go fíor Slánuightheóir an domhain.
43Ach tar é s dá lá d’fhág sé an áit agus d’imthigh sé go Gaililí. 44#Mait. 13:57; Marc. 6:4; Lúc. 4:24.Óir do thug Íosa féin fiadhnaise ná faghann fáidh onóir ’n-a dhúthaigh féin. 45Agus nuair a tháinig sé go Gaililí do ghlac muintir na Gaililí é, mar bhíodar tar éis gach nídh a d’fheisgint d’ár dhein Íosa i n-Ierúsalem lá na féile, óir bhíodar tar éis teacht chun na féile.
46Tháinig sé, d’á bhrígh sin, go Cána na Gaililí #Supra 2:9.mar ar dhein sé fíon de’n uisge. Agus bhí taoiseach áirighthe ann go raibh a mhac breóite i gCapharnaum. 47Nuair airigh sé sin Íosa bheith tagaithe ó Iúdaéa isteach i nGaililí d’imthigh sé ag triall air, agus bhí sé ’ghá iarraidh air dul síos agus a mhac do leigheas; óir bhí sé i bpúnc an bhais. 48Agus dubhairt Íosa leis: Gan fearta agus mírbhúiltí a d’fheisgint ní chreideann sibh. 49Ach dubhairt an taoiseach leis: A Thighearna, tar anuas san a bhfaghaidh mo mhac bás. 50Dubhairt Íosa leis: Imthigh leat; tá do mhac beó. Do chreid an duine an focal adubhairt Íosa leis agus d’imthigh sé. 51Agus nuair a bhí sé ar an slígh ag gabhail síos do bhuail a sheirbhísigh uime agus d’innseadar dó go raibh a mhac beó. 52Agus d’fhiafraigh sé dhíobh cad é an uair a tháinig feabhas air. Agus dubhradar leis: Indé, ar an seachtmhadh h-uair iseadh dh’imthigh an t-éagcruas de. 53Agus bhí fhios ag an athair gur le linn na h-uaire sin adubhairt Íosa leis, Tá do mhac beó; agus do chreid sé féinagus a theaghlach go léir.
54B’é sin airís an tarna gníomh mírbhúilteach a dein Íosa tar, éis teacht dó ó Iúdaéa isteach i nGaililí.

Currently Selected:

Eóin 4: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in