YouVersion Logo
Search Icon

Eóin 7

7
CAIBIDIOL VII.
Téigheann Críost suas chun féile na dtabarnacul: tugann sé teagasg uaidh sa teampul.
1I n-a dhiaidh san do shiubhluigheadh Íosa sa Ghaililí, óir níor bh’áil leis siubhal i nIúdhaéa toisg na Iúdaigh a bheith a d’iarraidh é chur chun báis. 2Agus bhí féile na n-Iúdach, #Lebhit. 23:34.féile na dtabarnacul, i n-achmaireacht. 3Agus dubhairt a bhráithre féin leis: Fág an áit seo agus eirigh isteach i n-Iúdaéa i dtreó go bhfeicfid do dheisgiobuil féin na gníomhartha a dheineann tú. 4Óir ní dheineann aoinne aon nídh a gan fhios agus é a d’iarraidh é féin a bheith puibilidhe; má deineann tú na neithe seo taisbeáin tu féin do’n domhan. 5Mar níor chreid a bhráithre féin ann. 6Agus dubhairt Íosa leó: Níor tháinig mo thráth-sa fós; ach tá bhúr dtráth-sa ollamh i gcómhnuighe. 7Ní féidir do’n tsaoghal fuath a thabhairt daoibh-se; tá fuath aige dhómh-sa, ámh, mar tá fiadhnaise agam ’á dhéanamh ’n-a thaobh go bhfuil a ghníomhartha go h-olc. 8Téighidh-se suas chun na féile seo, ach ní’lim-se ag dul suas chun na féile seo, mar ní’l m’aimsir tagaithe fós. 9Nuair adubhairt sé an méid sin d’fhan sé féin i nGaililí. 10Ach nuair a bhí a bhráithre imthighthe suas, ansan do chuaidh sé féin suas chun na féile, ach níor bh’ós árd é, ach amháin fé cheilt ar shlígh.
11Agus bhí na Iúdaigh ’ghá lorg, lá na féile, agus deiridís: Cá bhfuil sé siúd? 12Agus bhí gluaireán mór ameasg na ndaoine mar gheall air. Cuid acu ’ghá rádh, Duine fóghanta iseadh é. Tuille acu ’ghá rádh, Ní h-eadh, ach ag mealladh an phobuil iseadh atá sé. 13Níor labhair aoinne amach ’n-a thaobh ámh, toisg eagla na n-Iúdach a bheith ortha.
14Ach tímpal meadhon lae na féile chuaidh Íosa suas isteach sa teampul agus bhí sé ag teagasg.
15Agus bhí na Iúdaigh ag déanamh iongna dhe, agus deiridís: Cá bhfuair sé seo an léigheann a bheith aige, agus nár fhoghluim sé é? 16D’fhreagair Íosa iad agus dubhairt sé: An teagasg so a thugaim-se, ní liom é, ach leis an t-é a chuir uaidh mé. 17Má’s mian le duine a thoil sin do dhéanamh aithneócaidh sé i dtaobh an teagaisg, an ó Dhia é, nó an uaim féin atáim ag caint. 18An t-é a labhrann uaidh féin, a ghlóire féin a loirgeann sé; ach an t-é a loirgeann glóire an t-é a chuir uaidh é, tá sé sin fírinneach agus ní’l éagcóir ann. 19#Exod. 24:3.Nár thug Maois an dlígh dhaoibh-se, agus ní chómhlíonann aoinne agaibh an dlígh? 20Cad chuige dhaoibh bheith a d’iarraidh mé chur chun báis? D’fhreagair an tsluagh agus dubhradar: Deamhan atá ionat; cia ’tá a d’iarraidh thú chur chun báis? 21D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Dheineas aon obair amháin, agus tá iongna oraibh go léir. 22Uime sin thug #Lebhit. 12:3.Maois an tímpal-ghearradh daoibh (ní gur ó Mhaois é, #Gen. 17:10.ach ó sna h-aithreachaibh), agus deineann sibh tímpal-ghearradh ar dhuine sa tsabbóid. 23Má dheineann sibh tímpal-ghearradh sa tsabbóid i dtreó ná curfí dlígh Mhaoise ar neamhnídh, an bhfuil fearg agaibh chúgham-sa mar gheall air gur dheineas an duine ar fad do leigheas sa tsabbóid? 24#Deut. 1:16.Ná tugaidh breith do réir mar a chítear, ach tugaidh breith cheart.
25Agus dubhairt cuid de mhuintir Ierúsaleim: Nác é seo an t-é go bhfuilid siad a d’iarraidh é chur chun báis? 26Agus féach tá sé ag caint go puibilidhe, agus ní deirid siad aon nídh leis. An bhfuil a fhios go fíor ag na h-uachtaráin gur b’é seo Críost? 27Ach tá aithne againn air seo, cá dtáinig sé; ach Críost, nuair a thiocfaidh sé, ní h-eól d’aoinne cá h-áit gurab as é. 28Ansan do labhair Íosa do ghuth árd, agus é ag teagasg sa teampul, agus dubhairt sé: Tá aithne agaibh orm-sa agus is eol daoibh cár ab as mé; agus ní uaim féin a thánag; ach tá an t-é a chuir uaidh mé fíor, agus ni’l aithne agaibh-se air. 29Tá aithne agam-sa air, mar is uaidh mé, agus isé féin a chuir uaidh mé. 30Ansan bhíodar a d’iarraidh beirthe air, ach níor chuir aoinne lámh ann mar ní raibh a thráth tagaithe fós.
31Do chreid a lán de’n tsluagh ann, ámh, agus deiridís: Nuair a thiocfaidh Críost an ndéanfaidh sé níos mó mírbhúiltí ’ná mar a dheineann an duine seo?
32D’airigh na Fairisínigh an tsluagh ag cur ’s ag cúiteamh n-a thaobh ar an gcuma san, agus chuir na h-uachtaráin agus na Fairisínigh oificeacha chun beirthe air. 33Agus dubhairt Íosa leó: Táim agaibh fós tamall beag aimsire; agus táim ag imtheacht ag triall ar an t-é a chuir uaidh mé. 34Beidh sibh a’m lorg, agus ní bhfaghaidh sibh mé; agus an áit ’n-a bhfuilim-se, ní féidir daoibh-se teacht ann. 35Agus dubhairt na Iúdaigh eatartha féin: Cá bhfuil sé seo ag dul agus ná faighmíd é? An ag triall ar an muintir atá sgaipithe ameasg na ngeinte atá sé ag dul, chun na ngeinte theagasg? 36Cad í an chaint seo adubhairt sé: Loirgeóchaidh sibh mé agus ní bhfaghaidh sibh mé, agus an áit ’n-a bhfuilim-se ní féidir daoibh-se teacht ann?
37Agus an lá deirineach, #Lebhit. 23:27.an lá mór d’aimsir na féile, bí Íosa ’n-a sheasamh agus é ag labhairt go h-árd, agus deireadh sé: Má tá tart ar aoinne, tagadh sé chugham-sa agus óladh sé. 38#Isáias 44:3; 58:11.An t-é a chreideann ionam-sa, mar adubhairt an Sgríbhinn: Ruithfidh as a bhroinn sruthana uisge beó. 39Agus do labhair sé an chaint sin ar an Spioraid a bhí le glacadh ag an muintir a chreidfeadh ann; óir bhí an Spioraid gan tabhairt fós, mar bhí Íosa gan dul isteach ’n-a ghlóire fós. 40Dubhairt daoine de’n tsluagh, ámh, nuair a dh’airigheadar an chaint sin uaidh: Isé seo an Fáidh gan amhras. 41Dubhairt tuille acu: Isé an Críost é seo. Agus dubhairt raint acu: An ó Ghaililí atá Críost ag teacht? 42Ná deir an Sgríbhinn gur de shíol Dáibhid, agus #Mích. 5:2.ó bhaile Bhetleheim, mar a raibh Dáibhid, atá Críost ag teacht? 43Agus d’eirigh aighneas sa tsluagh mar gheall air. 44Agus ba mhian le cuid acu breith air; ach níor chuir aoinne lámh air.
45Ansan tháinig na h-oificeacha ag triall ar na h-árdshagairt agus ar na Fairisínigh agus dubhradar-san leó: Cad ’n-a thaobh nár thugabhair libh é? 46Agus dubhairt na h-oificeacha leó: Níor labhair aon duine riamh mar a labhrann an duine seo. 47Agus d’fhreagair na Fairisínigh: Ní h-éidir go bhfuiltí-se meallta, leis? 48An dóigh go gcreideann aoinne de sna h-uachtaránaibh nó de sna Fairisínigh ann? 49Ach an tsluagh so ná fuil eólus ar an ndlígh acu, tá mallacht ortha. 50Dubhairt Nicodémus leó, #Supra 3:2.an fear úd a tháinig chuige sa n-oidhche, mar duine acu ab eadh é: 51An dtugann ár ndlígh-ne breith ar dhuine gan a dh’aireachtaint ar dtúis uaidh féin, #Deut. 17:8; 19:15.agus a dh’aithint cad a dheineann sé? 52D’fhreagradar agus dubhradar leis: An amhlaidh is Gaililiach tusa leis? Cuardaigh an Sríbhinn, agus chífir ná h-eirigheann fáidh a’ Gaililí.
53Ansan chuaidh gach aoinne acu abhaile chun a thighe féin.

Currently Selected:

Eóin 7: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in