YouVersion Logo
Search Icon

Lúcás 21

21
CAIBIDIOL XXI.
Cianóg na baintríghe. Na cómharthaí a thiocfadh roim íde Ierúsalem, agus roim dheire an tsaoghail.
1Agus bhí sé ag féachaint ar na daoine a bhí saidhbhir agus iad ag cur a dtabharthas isteach sa chiste. 2Agus chonaic sé baintreach bhocht ag teacht, agus chuir sí dhá chianóig isteach ann. 3Agus dubhairt sé: Go deimhin adeirim libh, do chuir an bhaintreach bhocht san níos mó isteach ’ná mar a chuir an chuid eile go léir. 4Óir is d’á n-iomarca a chuireadar san go léir rud isteach i dtabharthas Dé, ach is d’á h-uireasba a chuir sí seo isteach rud, a raibh an tsaoghal aici.
5Agus bhí daoine éigin ’á rádh, i dcaobh an teampail, gur bh’ áluinn na clocha a bhí ann agus na tíodhlaicí, agus dubhairt sé: 6Na neithe sin a chíonn sibh, tiocfaidh na laethanta agus ní fágfar cloch ar muin cloiche dhiobh gan raobadh. 7Agus cheistigheadar é agus dubhradar: A Mháighistir, cathain a bheidh san amhlaidh, agus cad é an cómhartha a bheidh ar na neithe sin a bheith ag teacht? 8Agus dubhairt sé: Seachnaidh agus ná mealltar sibh; óir tiocfaidh a lán am’ ainim-se agus déarfaid siad: Is mise é, agus tá an t-am i bhfogus: ach ná leanaidh iad.
9Agus nuair a dh’aireóchaidh sibh cathana agus caismeartha ná biodh sgannradh oraibh, óir ní foláir na neithe sin a theacht ar dtúis, ach ní deire láithreach é fós. 10Ansan dubhairt sé leó: Eireóchaidh cine i n-aghaidh cine agus rígheacht i n-aghaidh rígheachta,
11Agus beid luascacha móra talmhan i n-a lán áiteana, agus pláigheana, agus gorta, agus neithe sgannramhla ó’n spéir, agus cómharthaí móra.
12Ach roim theacht do sna neithibh sin go léir cuirfid siad a lámha oraibh-se agus crádhfaid siad sibh, ag bhúr mbreith i láthair na sinagóg, agus ins na prísúnaibh; ag bhúr dtarang i láthair ríghthe agus i láthair uachtarán, mar gheall ar m’ainim-se. 13Beidh san i n’fhiadhnuise dhaoibh-se, ámhthach. 14Ceapaidh i nbhúr n-aigne, d’a bhrígh sin, gan machtnamh a dhéanamh roim ré ar conus a fhreagróchaidh sibh, 15Óir tabharfad-sa dhaoibh béal agus eagna ná féadfaid bhúr namhaid go léir cur ’n-a gcoinnibh ’ná labhairt ’n-a gcoinnibh. 16Agus tabharfaid bhúr n-aithreacha agus bhúr máithreacha suas d’bhúr namhaid sibh, agus bhúr ndriotháracha, agus bhúr ngaolta, agus cuirfid siad cuid agaibh chun bháis. 17Agus beidh fuath ag gach aoinne dhaoibh mar gheall ar m’ainim-se. 18Ach ruibe de ghruaig bhúr gcinn ní raghaidh amú. 19I nbhúr bhfoidhne a choimeádfaidh sibh bhúr n-anamnacha.
20 # Dan. 9:27. Ach nuair a chífidh sibh Ierúsalem d’á tímpaladh le sluagh bíodh fhios agaibh an uair sin a h-ídiú bheith buailte libh. 21Ansan na daoine atá i n-Iudaéa teithidís chun na gcnoc, agus na daoine atá ’n-a lár imthighdís amach, agus na daoine ins na tuaithibh ná téidís isteach inti; 22Óir is laethanta díbheirge na laethanta san, agus cómhlíonfar gach a bhfuil sgríobhtha. 23Is léanmhar, ámhthach, do lucht clainne dh’iompar agus do lucht banaltranais ins na laethanta san, óir beidh guais ana-dhian ar an ndúthaigh, agus fearg chun na ndaoine seo. 24Agus tuitfid siad le béal an chlaidhimh, agus béarfar i mbraighdineas iad ar fuid na ngeinte go léir, agus beidh Ierusalem treasgartha fé chosaibh na ngeinte, go dtí go gcómlíonfar tréimhseacha na ngeinte.
25 # Isáias 13:19; Ezech. 33:7; Ióel 2:10,31; 3:7. Agus bheidh cómharthaí sa ghréin agus sa rae agus ins na réiltibh; agus brúth na ngeinte ins na tíorthaibh, tré mearbhall fothraim na mara agus na dtonn. 26Daoine d’á bhfeóchadh le sgannradh, ag cuimhneamh ar cad a bheidh le teacht ar an ndomhan go léir, mar beid cómhachta na bhflathas d’á suathadh. 27Agus an uair sin chífid siad Mac an Duine ag teacht i sgamal te mór-chómhacht agus le gradam. 28Nuair a bheidh na neithe seo ag tusnú, ámhthach, déinidh-se féachaint suas agus bhúr gcinn do thógáilt, mar tá bhúr bhfuasgailt buailte libh. 29Agus do labhair sé soluíd leó: Chíonn sibh an crann fíge agus na crainn go léir; 30Nuair a bhionn a dtoradh acu d’á chur amach is eól daoibh an samhra bheith buailte libh. 31Mar sin daoibh-se; nuair a chífidh sibh na neithe seo ag teacht bíodh ’fhios agaibh rígheacht Dé bheith buailte libh. 32Abraim libh go deimhin ná beidh an tsliocht so imthighthe go gcómhlíonfar na neithe seo go léir. 33Raghaidh neamh agus talamh ar neamhnídh, ach ní raghaid mo bhréithre-se an neamhnídh.
34Ach tugaidh aire dhaoibh féin sar a raghadh bhúr gcroidhthe i ndúire le craos agus le meisge agus le cúram an tsaoghail seo, agus go dtiocfadh an lá úd go h-obann oraibh. 35Óir tiocfaidh sé ar nós gaiste ar na daoine go léir atá suidhte as uachtar an domhain uile. 36Déinidh faire, d’á bhrígh sin, ag dhéanamh úrnuighthe coitchianta, ionus gur bhfiú sibh dul ó sna neithe sin go léir atá te teacht, agus seasamh i láthair Mhic an Duine.
37Agus bhíodh sé ag teagasg sa teampul gach lá; agus d’imthigheadh sé amach agus thugadh sé an oidhche ar an sliabh ar a dtugtar Olibhet. 38Agus thagadh na daoine go léir go moch ar maidin isteach sa teampul chun bheith ag éisteacht leis.

Currently Selected:

Lúcás 21: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in