YouVersion Logo
Search Icon

Lúcás 8

8
CAIBIDIOL VIII.
Parabal an tsíl. An stoirm d’á ciúnú ag Críost. An legion deamhan d’á gcur amach aige. An ghluaiseacht fola d’á leigheas, agus inghean Iaíruis d’á tógaint ón mbás aige.
1Agus do thárla, ’n-a dhiaidh san, é féin a bheith ag gabhail tré chatharachaibh agus tré bhailtibh, ag seanmóin agus ag craobhsgaoileadh rígheachta Dé agus an dáréag i n-aonfheacht leis. 2Agus raint ban a saoradh ó annspridíbh agus ó ghalaraibh: Máire, ár a dtugtar Magdalén, n-ar imthigh; na seacht ndeamhain aisti, 3Agus Ióanna, bean Chúsa, stíobhard Héróid, agus Súsanna, agus a lán eile ban, agus iad ag friothálamh air as a ngustal féin.
4Agus tráth d’á raibh sluagh ana-mhór cruinnighthe, agus iad ag ruith amach ag na catharachaibh ag triall air, dubhairt sé, i bhfuirm soluíde:
5Chuaidh curadóir amach ag cur a chod’ síl; agus nuair a bhí sé ag cur an tsíl do thuit cuid de i n-aice an bhóthair; agus do gabhadh do chosaibh ann, agus d’itheadar éanlaithe an aeir é. 6Agus do thuit tuille dhe ar an gcaraig; agus d’fheóch sé sa bhfás, mar ní raibh an úrmhaireacht aige. 7Agus do thuit tuille dhe ameasg na sgeach; agus d’fhás na sgeacha i n-aonfheacht leis, agus mhúchadar é. 8Agus do thuit tuille de sa talamh fóghanta agus d’fhás sé, agus thug sé toradh fó chéad. Nuair a dubhairt sé an méid sin do labhair sé árd: An t-é go bhfuil cluasa le h-éisteacht air cloiseadh sé.
9Agus d’fhiafraigh a dheisgiobuil de cad í an tsolúid í sin. 10Agus dubhairt sé leó: Do tugadh daoibh-se rúndiamhar rígheachta Dé a dh’aithint; do’n chuid eile, ámhthach, i bhfuirm soluídí, #Isáias 6:9; Gníomh. 28:26.i dtreó go bhfeicfidís agus ná feicfidís, agus go gcloisfidís agus ná tuigfidís.#8:10 Ver 10. go bhfeicfidís agus ná feicfidís, (Feic an nóta, Marc. 4:12.) 11Sidí an tsoluíd. Isé briathar Dé an síol. 12An chuid a thuiteann i n-aice an bhóthair, siniad na daoíne a chloiseann, agus tagann an diabhal ’n-a dhiaidh san agus tógann sé an focal as a gcroidhe, i dtreó ná creidfidís agus ná saorfaí iad. 13Agus an chuid a thuiteann ar an gcaraig, siniad an mhuintir a ghlacann an focal le h-áthas nuair airighid siad é; ach ní bhíd na préacha acu san; creidid siad ar feadh tamaill agus i n-am an chatha téighid siad ar gcúl. 14An chuid ámhthach, a thuit ameasg na sgeach, siniad an mhuintir a d’airigh an focal, ach ag dul dóibh i ndiaidh cúraim agus saidhbhris agus pléisiúir an tsaoghail múchtar iad agus ní thugaid siad toradh. 15Ach an chuid a thuiteann ar an dtalamh fóghanta, siniad an mhuintir a ghlacann an focal leis an ndeagh-chroidhe is fearr nuair a chloisid siad é, agus coimeádaid siad é, agus tugaid siad toradh uatha le fadfhulang.
16Ní dheineann aoinne coinneal do lasadh agus í chur fé bhéal árthaigh nó fé leabaidh, ach curtar ar choinnleóir í, i dtreó go bhfeicfeadh na daoine a thagann isteach an solus. 17#Mait. 10:26; Marc. 4:22.Óir ní’l rud i bhfolach ná nochtfar, ná rud fé cheilt ná h-aithneófar agus ná tiocfaidh amach go h-osgailte. 18Féachaidh, d’á bhrigh sin, conus a chloiseann sibh. Óir an t-é go bhfuil aige tabharfar dó; agus an t-e ná fuil aige, tógfar uaidh gach a measann sé atá aige.
19Agus tháinig chuige a mháthair agus a bhráithre, agus níor fhéadadar teacht ag triall air mar gheall ar an sluagh. 20Agus do h-innseadh dó: Tá do mháthair agus do bhráithre ’n-a seasamh amuigh, agus ba mhaith leó thu d’fheisgint. 21Agus d’fhreagair sé agus dubhairt leó: An mhuintir a dh’éisteann le briathar Dé agus a dheineann beart d’á réir, siniad mo mháthair agus mo bhráithre.
22Agus do tharla, lá de sna laethibh sin, go ndeaghaidh sé féin agus a dheisgiobuil ar bórd luinge, agus dubhairt sé leó: Téighmís treasna an locha. Agus chuadar ar aghaidh. 23Agus an fhaid a bhíodar-san ag cur na slíghe dhiobh do chuaidh seisean a chodla. Agus tháinig stoirm gaoithe ar an loch, agus bhiodar d’á líonadh agus bhíodar i gcontabhairt. 24Agus thánadar chuige agus dhúisigheadar é agus dubhradar: A Mháighistir, tá an dár againn. Agus d’eirigh sé agus do labhair sé leis an ngaoith agus leis na tonnaibh uisge, agus do stadadar agus tháinig ciúnas. 25Agus dubhairt sé leó-san: Cá bhfuil bhúr gcreideamh? Mar bhí eagal ortha agus iongna, agus iad ’ghá rád le n-a chéile, Cad é mar dhuine é seo, go smachtuigheann sé gaoth agus faraige agus go ndeinid siad rud air?
26Agus do sheóladar an long go tír na nGerasénach atá ar aghaidh Ghaililí anonn. 27Agus chómh luath agus thánadar i dtír do rith chuige fear n-a raibh deamhan ann ar feadh mórán aimsire, agus ní raibh éadach uime, ná ní fhanadh sé i dtigh, ach ins na tuamaíbh. 28Agus nuair a chonaic sé Íosa do chaith sé é féin ar an dtalamh ’n-a láthair agus do labhair sé do ghuth árd: Cad é an chuid atá agat díom-sa, a Íosa, a Mhic an Árd-Dhia? Iarraim ort gan mé phianadh. 29Óir bhí sé ’ghá órdú do’n annsprid teacht amach as an nduine. Óir do bheireadh sé air go minic; agus do ceangailtí é le slabhraibh agus le geimhlibh, agus do bhriseadh sé na slabhraí agus chomáineadh an deamhan amach fé’n bhfásach é. 30Agus do cheistigh Íosa é agus dubhairt: Cad é an ainim atá ort? Agus dubhairt seisean: Leigión; mar bhí mórán deamhan tar éis dul isteach ann. 31Agus bhíodar ’ghá iarraidh air gan a dh’órdú dhóibh dul síos sa n-aibhéis. 32Agus bhí tréad mór muc sa n-áit agus iad ag inníor ar an sliabh, agus d’iarradar air leigint dóibh dul isteach ionta. Agus do leig. 33Ansan d’imthigh na deamhain as an nduine agus chuadar isteach ins na mucaibh, agus do ghluais an tréad, le buile, ar mhullach a gcinn isteach sa loch agus do báthadh iad. 34Agus nuair chonaic an lucht fosaidheachta an nídh a thárla, do ritheadar agus d’innseadar, sa chathair é agus ins na bailtibh. 35Agus tháinig ná daoine amach go bhfeicfidís cad a bhí tuitithe amach, agus thánadar ag triall ar Íosa; agus fuaradar, ’n-a shuidhe ag cosaibh Íosa, ’n-a ghlan-mheabhair agus éadach uime, an duine as ar imthigh na deamhain, agus bhí eagal ortha. 36Agus an mhuintir a chonaic é d’innseadar dóibh conus a slánuigheadh é ó’n leigión; 37Agus d’iarr pobul na nGerasénach go léir air imtheacht uatha, mar bhí eagla ana-mhór ortha. Agus chuaidh sé an bórd na luinge agus tháinig sé thar n-ais. 38Agus an fear gur imthigh na deamhain ar d’iarr sé air leigint dó dul leis. Ach do chuir Íosa uaidh é, agus dubhairt sé leis: 39Imthigh chun do thighe féin agus innis na neithe móra atá déanta ag Dia dhuit. Agus d’imthigh sé agus d’fhógair sé tríd an gcathair go léir na neithe móra a dhein Íosa dhó.
40Agus do thárla, ar a theacht thar n-air d’Íosa, gur ghlac sluagh mhór é, mar bhíodar go léir ag feitheamh leis. 41#Mait. 9:18; Marc. 5:22.Agus féach, tháinig chuige fear dár bh’ ainim Iaírus, agus dob’ é uachtarán na sinagóige é; agus do chaith sé é féin ag cosaibh Íosa ’gha iarraidh air dul chun a thighe, 42Mar go raibh aon inghean amháin aige agus í tímpal dhá bhliain déag, agus go raibh sí ag dul chun báis. Agus, ag dul ann dó, do tharla go raibh an tsluagh ag brúth air.
43Agus bhí bean áirithe a bhí ag cailleamhaint a cod’ fola ar feadh dhá bhliain déag roimis sin, agus go raibh a maoin saoghalta caillte aici le dochtúiríbh agus é teipithe ortha í leigheas; 44Agus thainig sí chuige, lastiar dé, agus chuir sí a lámh ar fhabhra a bhrait, agus do stad an fhuil láithreach bonn aici. 45Agus dubhairt Íosa: Cé h-é a theangbhaidh liom? Agus do shéan gach aoinne, agus dubhairt Peadar agus an mhuintir a bhí i n’fhochair: A Máighistir, tá an tsluagh ag brúth ort agus at’ chiapadh, agus a’ ndeirir, Cé h-é a theangbhaidh liom? 46Agus dubhairt Íosa: Do theangbhaidh duine éigin liom; óir is eól dómh-sa go ndeaghaidh cómhacht amach uaim. 47Agus nuair a thuig an bhean nár chuaidh sí gan aithint, tháinig sí agus chaith sí í féin agá chosaibh agus í ag crith, agus d’innis sí os cómhair na ndaoine go léir cad é an chúis n-ar theangbhaidh sí leis, agus conus mar a leighiseadh í láithreach. 48Agus dubhairt seisean léi: Do leighis do chreideamh thú, a ’nghean ó; imthigh leat i síothcháin.
49Agus é ag rádh na cainte sin tháinig duine chun uachtarain na sinagóige agus dubhairt sé leis: Tá t’inghean thar éis bháis, ná bí ’ghá chur chun trioblóide. 50Agus d’airigh Íosa an focal agus dubhairt sé le h-athair an chailín: Ná bíodh eagal ort: creid amháin, agus beidh sí slán. 51Agus nuair a shrois sé an tigh níor leig sé aoinne isteach i n-aonfheacht leir ach Peadar agus Séamus agus Eóin, agus athair agus máthair an chailín. 52Agus bhí na daoine go léir ag gol agus ag caoi ’n-a diaidh. Agus dubhairt sé leó: Ná bídhidh ag gol; ní marbh atá an cailín, ach ’n-a codla. 53Agus bhíodar ag gáirí uime, mar bhí fhios acu í bheith marbh. 54Ach do rug sé féin an láimh uirthi, agus do labhair sé do ghuth árd agus dubhairt: A chailín, eirigh. 55Agus tháinig a h-anam thar n-ais, agus d’eirigh sí láithreach. Agus dubhairt sé rud le n-ithe thabhairt di. 56Águs bhí sgárd ar a h-athair agus ar a máthair; ach dubhairt sé leó gan a dh’innsint d’aoinne cad a bhí tuitithe amach.

Currently Selected:

Lúcás 8: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in