YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 23

23
CAIBIDIOL XXIII.
Do chómhairligh Críost deagh-theagasg na Sgríbhneóirí agus na bhFarisíneach do ghlacadh agus a ndroch-shampla do sheachnadh, fógrann sé ar a Dheisgiobulaibh gan aithris do dhéanamh ar a n-uaillmhian. A lán mairgí aige d’á bhagairt ortha mar gheall ar an gceilg a bhí ionta agus mar gheall ar a ndaille.
1Ansan do labhair Íosa leis an bpobul agus le n-a dheisgiobuil,
2Agus dubhairt sé: Táid na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh suidhte i gcathaoir Mhaoise. 3D’á bhrígh sin pé rud a déarfaid siad libh a choimeád, coimeádaidh é agus deinidh é; ach na deinidh do réir a n-oibreacha; óir deirid siad, agus ní dheinid siad. 4Óir ceangalaid siad ualaí troma do-iompuir, agus cuirid siad ar ghuailnibh na ndaoine iad; ach ní h-áil leó féin oiread agus méar a chur ’ghá gcoruighe. 5Deinid siad gach obair leó, ámhthach, ionus go bhfeicfeadh na daoine iad; leathnuighid siad a bhfulactéirí agus méaduighid siad fabhraí a mbrat.#23:5 Ver. 5. bhfulactéirí, .i., giotaí beaga meamruim agus na deich n-aitheanta sgríobhtha ortha, agus iad d’á gcaitheamh agus na Fairisíneachaibh ar a n-éadan, ag taisbeáint a bhfíoraontachta, mar go raibh “an dlígh os cómhair a súl i gcómhnuidhe.” Bhíodh na meamruim níba leithne ag na Fairisínigh ’ná ag daoinibh eile, ’ghá chur i n-úil gur mhó an meas a bhí acu ar an ndlígh. 6Is maith leó ceann cláir ag suidhe chun bídh dóibh, agus na suidhcháin uachtaracha ins na sinagógaibh. 7Agus fáiltiú dhóibh i n-áit an mhargaidh, agus go dtabharfadh na daoine Rabbí ortha. 8Ach ná tugtar #23:8 .i. Ná loirgidh é, le h-uabhar.Rabbí oraibh-se: óir is aoinne amháin atá ’n-a Mháighistir oraibh, agus is bráithre sibh go léir. 9Agus #Mal. 1:6.ná tugaidh bhúr n-athair ar aoinne ar an dtalamh so: óir is aoinne amháin is Athair agaibh, an t-é atá ins na flathais.#23:9 Ver. 9,10. ná tugaidh bhúr n-athair ar aoinne ⁊rl., .i. Ní féidir aon athair do chur i gcomparáid le n-ár n-Athair atá ar neamh, agus ní ceart rud a dhéanamh ar aon mháighistir a sheolfadh amú sinn ó Chríost. Ní choisgeann san sinn, ámhthach, ar onóir a thabhairt, do réir dlíghe Dé, d’ár n-athair agus d’ár máthair saoghalta, agus d’ár n-aithreachaibh spirideálta, agus d’ár máigh-stiríbh agus d’ár dteagasgóiribh. (Feic 1 Cor. 4:15.) 10Agus ná tugtar máighistirí oraibh: óir is aoinne amháin is Máighistir agaibh, .i. Críosd. 11An t-é is fearr oraibh, beidh sé ’n-a sheirbhíseach agaibh. 12Óir an t-é a dh’árdóchaidh é féin, ísleófar é; agus an t-é a dh’ísleóchaidh é féin, árdófar é.
13Ach is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir do dhúnabhair rígheacht na bhflathas i n-aghaidh na ndaoine; mar, ní théigheann sibh isteach, ná ní leigeann sibh isteach na daoine atá ag dul isteach.
14Is mairg daoibh a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir itheann sibh tighthe na mbaintreach, ag déanamh úrnuighthe fada; mar gheall air sin is truime-de an bhreith a tabharfar oraibh.
15Is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir siubhlann sibh muir agus tir chun aoinne amháin a thabhairt chun bhúr gcreidimh; agus nuair a thugann sibh libh é déineann sibh mac-fhrinn de níosa dhá mheasa ’ná sibh féin.
16Is mairg daoibh-se, a ghiollaí dalla adeir: Pé duine a dhearbhóchaidh dar an teampal, is neamhnidh é; ach an t-é dhearbhóchaidh dar ór an teampail tá an ceangal air. 17A dhaoine dalla gan chiall: cé’cu is mó le rádh, an t-ór, nó an teampal a bheannuigheann an t-ór? 18Agus: Pé duine dhearbhóchaidh dar an altóir, is neamhnídh é; ach pé duine a dhearbhóchaidh dar an dtabharthas atá ar an altóir, tá an ceangal air. 19A dhaoine dalla: Cé’cu is mó, an tabharthas nó an altóir a chuireann an bheannuightheacht ar an dtabharthas? 20D’á bhrígh sin, an t-é dearbhuigheann dar an altóir, dearbhuigheann sé dar an altóir agus gach a bhfuil uirthi. 21Agus an t-é a dhearbhuigheann dar an teampal, dearbhuigheann sé dar an teampal agus dar an t-é atá ’n-a chómhnuidhe ann. 22Agus an t-é dhearbhuigheann dar neamh, dearbhuigheann sé dar cathaoir ríoga Dé, agus dar an t-é atá ’n-a shuidhe inti.
23Is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir tugann sibh deachmhadh as an miontais agus as an ainise agus as an gcuimin, agus d’fhágabhair gan cómhlíonadh na neithe is truime sa dlígh, #Mích. 6:8.breitheamhantas, agus trócaire, agus creideamh; bhí sé ceart agaibh iad-san do dhéanamh agus gan iad-súd do leigint ar lár. 24A ghiollaí dalla, sgagann sibh amach an chuil agus sloigeann sibh an camal.
25Is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir glanann sibh an taobh amuigh de’n chupán agus de’n mhéis; ach táthaoí lán, laistigh, de bhraduíol agus de shailightheacht. 26A Fhairisínigh dhaill, glan ar dtúis an taobh istigh de’n chupán agus de’n mhéis, ionus go mbeadh an taobh amuigh glan.
27Is mairg daoibh, a Sgribhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir is cuma sibh nó uaghna aolta, a fhéachann go h-áluinn lasmuigh, sé shúilibh daoine, ach laistigh táid siad lán de chnámhaibh daoine marbha, agus de’n uile shaghas bréantais. 28Ar an gcuma gcéadna féachann sibh-se fíoraonta ar an dtaobh amuigh, fé shúilibh daoine; ach laistigh táthaoí lán de’n fheall agus de’n mhalluightheacht.
29Is mairg daoibh, a Sgríbhneóiri agus a Fhairisíneacha an fhill: a dheineann tuamaí do chur suas do sna fáidhibh; agus a chuireann na h-órnáidí ar uaghnaibh na bhfíoraon, Agus deireann sibh:#23:29 Ver. 29. a dheineann tuamaí Ní deir an chaint sin gur droch-nídh uaghna na bhfáidh do dhéanamh agus órnáid do chur ortha. Cáineann sí an feall a bhí ins na Fairisínigh a bhiodh ag onórú uaghna na bhfáidh mar dh’eadh, agus easonóir acu ’a thabhairt do thighearna na bhfáidh. 30Dá mbeimís-ne beó le linn ár sínsear ní bheimís páirteach leó i bhfuil na bhfáidh. 31D’á bhrígh sin is fínnithe sibh oraibh féin gur sibh sliocht na ndaoine a mhairbh na fáidhe. 32Líonaidh-se suas, mar sin, tómhas bhúr sínsear. 33A aithreacha nimhe, a shliocht na n-aithreach nimhe, cad é an dul atá agaibh-se ó bhreith ifrinn? 34D’á bhrígh sin, féach, cuirim-se chúghaibh fáidhe, agus lucht eagna, agus lucht sgríbhinne; agus marbhóchaidh sibh cuid acu, agus céasfaidh sibh ar chrosaibh cuid acu agus sgiúrsálfaidh sibh cuid acu i nbhúr sinagógaibh, agus ruaigfidh sibh iad ó cathair go cathair. 35Ionus go dtiocfadh oraibh gach fuil fhíoraonta d’ár doirteadh ar an dtalamh, ó fhuil an fhíoraoin #Gen. 4:8.Abel go fuil #2 Par. 24:22.Shacariais mic Bharachiais a mharbhabhair idir an teampal agus an altóir.#23:35 Ver. 35. Ionus go dtiocfadh oraibh — Ní ’ghá rádh é gur mhó an pionós a thiocfadh ortha ná mar a bhí tuillte aca, ach ’ghá rádh go dtiocfadh an uair sin ortha aon dhíbhfeirg amháin ’n-a mbeadh ann cothrom ar cuireadh riamh de dhíbhfeirgíbh agus de phionóisíbh ar lucht fola a bheadh neamhchiontach do dhortadh. 36Go deimhin adeirim libh, tiocfaidh na neithe sin go léir ar an sliocht so.
37A Ierúsalem, a Ierúsalem, a mharbhuigheann na fáidhe, agus a ghabhann do chlochaibh ins na daoine a curtar chúghat, cad é a mhiniceacht dob’ áil liom do chlann a bhailiú chugham mar a bhailigheann an chearc a h-ál fé n-a sgiathánaibh, agus níor bh’áil leat! 38Féach, fágfar bhúr dtigh i n’uaigneas agaibh. 39Óir adeirim libh, ní fheicfidh sibh mise feasda go n-abraidh sibh: Moladh leis an t-é atá ag teacht i n-ainim an Tighearna.

Currently Selected:

Maitiú 23: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in