YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 26

26
CAIBIDIOL XXVI.
Na h-Iúdaigh ag déanamh ceilge i n-aghaidh Chríost. Máire ’ghá ungadh. Feall Iúdáis. An suipéar deirineach. An ghuidhe sa gháirdín. Gabháil ár dTighearnia. An cor do tugadh air i dtigh Chaiphas.
1Agus do tharla, nuair a chríochnuigh Íosa na briathra san go léir, go ndubhairt sé le n-a dheisgiobulaibh: 2Is eól daoibh go mbeidh an Cháisg ann tar éis dhá lá, agus tabharfar Mac an Duine suas chun a chéasda.
3Ansan do tháinig i bhfochair a chéile uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobuil i halla an árd-shagairt, dár, bh’ainim Caiphas; 4Agus dheineadar cómhairle chun go ndéanfaidís Íosa do ghabháil le ceilg, agus é chur chun bháis. 5Dubhradar, ámhthach, Ná deintear é lá na féile, le h-eagla go mbeadh toirmeasg sa phobul.
6Ach nuair a bhí Íosa i mBetánia, i dtigh Shímóin, an lobhar, 7Tháinig #26:7 Máire ab ainim di, agus drifiúr ab eadh í do Lasarus a tógadh ó’n mbás.bhean chuige agus árthach alabastair aici a bhí lán d’ungadh ana-dhaor, agus do dhoirt sí ar a cheann é, agus é ’n-a luighe. 8Agus nuair a chonaic na deisgiobuil san, bhí díombádh ortha, agus dubhradar: Cad chuige an bhásta so? 9D’fhéadfaí é sin do dhíol ar mhórán, agus é thabhairt dos na bochtaibh. 10Do thuig Íosa, ámhthach, agus dubhairt leó: Cad chuige dhaoibh bheith ag iomaigh leis an mnaoi seo? Is gníomh maith atá déanta aici orm-sa. 11Óir táid na boicht i gcómhnuighe agaibh i nbhúr bhfochair, ach ní’lim se i gcómhnuighe agaibh.#26:11 Ver. 11. Ní’lim se i gcómhnuighe agaibh .i. go sofheicse, mar a bhí sé anso ar an saoghal ’n-a measg, agus mar atáid na boicht againn, chun cabhruighthe leó i n-aghaidh an lae. 12Mar, nuair a chuir sí seo an ungadh so ar mo chorp-sa, is chun m’adhlactha a dhein sí é. 13Go deimhin adeirim libh, pé áit ar fuid an domhain go léir go gcraobhsgaoílfar an Soisgéal so ann, ’neósfar, leis, mar chuimhne uirthi seo, an gníomh so atá déanta aici.
14Ansan d’imthigh duine de’n daréag, dár bh’ainim Iúdás Iscariot, ag triall ar uachtaránaibh na sagart, 15Agus dubhairt sé leó: Cad is toil libh a thabhairt dómh-sa agus tabharfad suas daoibh é? Agus shocaruigheadar-san leis ar thríochad píosa airgid. 16Agus as san amach bhí sé ag faire ar chaoi chun é thabhairt suas.
17An chéad lá, ámhthach, de laethantaibh féile an aráin gan giost tháinig a dheisgiobuil chun Íosa, agus dubhradar: Cár mhaith leat go ndéanfaimís an cháisg d’ollamhú dhuit le caitheamh? 18Agus dubhairt Íosa: Téighidh as chathair chun duine áirithe, agus abraidh leis: Deir an Máighistir: Tá m’aimsir i ngoireacht dom; déanfad féin agus mo dheisgiobuil an Cháisg agat-sa. 19Agus dhein na deisgiobuil mar a dh’órduigh Íosa dhóibh, agus d’ollamhuigheadar an Cháisg.
20Agus nuair a bhí an tráthnóna ann, do shuidh sé i bhfochair a dháréag deisgiobul. 21Agus nuair a bhíodar ag ithe, dubhairt sé: Go deimhin adeirim libh go bhfuil duine agaibh atá chun mé dhíol. 22Agus tháinig ana-bhuairt ortha, agus chromadar, gach duine, ar a rádh, An mise é, a Thighearna? 23Agus dubhairt seisean ’ghá bhfreagra: An t-é a chuir a lám sa mhéis am’ chuíbhreann, díolfaidh sé mé. 24Tá Mac an Duine ag imtheacht, #Salm 40:10.fé mar atá sgríobhtha ’n-a thaobh; ach is mairg do’n fhear san tré a ndéanfar Mac an Duine do dhíol. Ba mhaith an rud do’n fhear san gan é teacht riamh ar an saoghal. 25Ansan, do fhreagair Iúdás, an fear a dhíol é, agus dubhairt: An mise é, a Máighistir? Dubhairt sé leis: Dubhraís é.
26An fhaid a bhíodar ag ithe, do thóg Íosa arán, agus bheannuigh é, agus bhris é, agus thug d’a dheisgiobulaibh é; agus dubhairt: Glacaidh agus ithidh: Is é mo chorp é seo.#26:26 Ver. 26. Is é mo chorp é seo. — Ní deir sé, “figiúir mo chuirp é seo,” ach “Isé mo chorp é seo.” (An tarna Cómhairle ag Níce, acht a 6.) Ná ní deir sé “sa nídh seo atá mo chorp,” ná “ag an nídh séo atá mo chorp.” ach lom díreach, “Isé mo chorp é seo,” caint a thugann transubhsantiátio le tuisgin go soiléir. 27Ansan do thóg sé an chailís agus ghaibh sé buidheachas: agus thug sé dhóibh, agus dubhairt: Ólaidh go léir as so.#26:27 Ver. 27. Ólaidh go léir as so. Do labhradh an chaint sin leis an daréag asbol, mar bhíodar go léir láithreach, agus d’óladar go léir as, mar adeir, Marc. 14:23. Ach ní thaisbheánann san go bhfuil ar na Críostaidhthibh go léir ól as an gcailís; ach chómh beag agus a thaisbheánann sé go bhfuil ceangailte ortha go léir an chonsecrátio do déanamh. Nú an Corp Naomhtha do raint ar an bpobul, de bhrígh gur órduigh Críost dos na h-Asboil an uair chéadna an nídh sin do déanamh, nuair adubhairt sé (Lúc. 22:19) “déinidh an nídh seo mar chuímhneamh ormsa.” 28Óir is í mo chuidh fola, fuil an tiomna nua, í seo a doirtfar ar son a lán chun peacaí do mhaitheam.#26:28 Ver. 28. fuil an tiomna nua, — Fé mar a thiodhnaic Maoís an seana-thiomna le fuil na neithe a h-ídhbireadh, nuair adubhairt se: “fuil an tiomna an fhuil seo,” ⁊rl. (Eabhr. 9:20.), ar an gcuma gcéadna, tíodhnactar agus curtar ar bun, an tiomna nua anso, i bhfuil Críost, dá dortadh go rúndiamharach, leis na focalaibh seo “Isí mo chuid fola í seo, fuil an tiomna nua,” ⁊rl. 29Deirim libh, ámhthach: Ní ólfad airís de’n toradh so na fíneamhna go dtí an lá san ’n-a n-ólfad é go nua mar aon libh-se i rígheacht m’Athar.#26:29 Ver. 29. toradh so na fíneamhna — Do réir chúntais Lúc. 22:18, ní h-ar chailís an tsácramínt do labhradh na focail sin ach ar an bhfíon a h-óladh leis an uan cásga. Ach d’fhéadfí “toradh na fíneamhna” do thabhairt ar chailís an tsácramínt leis, oír is ó fhíon do coisreacadh é agus do lean air gné an fhíona agus cáilídheachtaí eile an fhíona.
30Agus tar éis himna do rádh dhóibh, chuadar amach go cnoc Olibhet.
31Ansan dubhairt Íosa leó: Glacfaidh sibh go léir sgannal umam-sa anocht. Óir tá sgríobhtha: #Zach. 13:7.Buailfad an t-aodhaire agus sgaipfar caoire an tréada.#26:31 Ver. 31. sgannal umam-sa .i., de bhrígh go scuirfidh mo ghabháil fhéachaint oraibh go léir teithe agus me thréigean. 32Ach tar éis aiseirighthe dhom raghad rómhaibh sa nGaililí. 33Agus dubhairt Peadar ’ghá fhreagra: Bíodh go nglacfaidh an uile dhuine sgannal umat, ní ghlacfad-sa sgannal umat choídhche. 34Dubhairt Íosa leis: Go deimhin adeirim leat, anocht féin, sar a nglaoidhfidh an coileach, séanfair-se mise trí h-uaire. 35Dubhairt Peadar leis: Bíodh go mbheadh orm bhas d’ fhághail i n-aonfheacht leat ní shéanfad thu. Dubhairt na deisgiobuil go léir an chaint chéadna.
36Ansan do tháinig Íosa agus iad fein chun an bhaile ar a dtugtar Getsemaní; agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Suidhidh-se anso go dtéighead-sa ansúd anonn chun úrnuighthe dhéanamh. 37Agus thóg sé leis Peadar agus beirt mhac Sebedé agus thusnuigh sé ar bheith go buartha agus go brónach. 38Ansan dubhairt sé leó: Tá brón an bháis ar m’anam: Fanaidh anso agus deinidh faire am’ theannta. 39Ansan do dhruid sé tamall uatha, agus do thuit sé ar a aghaidh, ag guidhe, agus dubhairt sé: A Athair, má’s féidir é, gabhadh #26:39 .i. An pháis.an chailís seo tharam; ach sa n-am gcéadna, ná deintear mar is toil liom-sa, ach mar is toil leat-sa. 40Agus a tháinig sé chun a dheisgiobul, agus fuair sé ’n-a gcodladh iad, agus dubhairt sé le Peadar: An amhlaidh nár fhéadabhair faire dhéanamh aon uair a’ chluig amháin liom? 41Deinidh faire agus úrnuighthe, ionus ná raghadh sibh i gcathaíbh. Tá an spioraid tugtha, ach tá an fheóil lag. 42Chuaidh sé i leith taoibh airís ag guidhe, agus dubhairt: A Athair, mura féidir an chailís seo do dhul tharm gan me ’ghá h-ól, do thoil-se go ndeintear. 43Agus thainig sé airís agus fuair sé ’n-a gcodladh iad; óir do bhí mairbhitíghe ar a súilibh. 44Agus d’fhág sé iad, agus d’imthigh sé airís, agus dhein sé guidhe an trímhadh h-uair, ag rádh na cainte céadna. 45Ansan tháinig sé chun na ndeisgiobul, agus dubhairt leó: Deinid codladh anois, agus glacaidh suaimhneas: féach, tá an uair buailte linn agus tabharfar Mac an Duine i lámhaibh na bpeacach. 46Eirighidh, gluaisimís: Féach, tá an fear a bhrathfaidh mé ag teacht.
47Agus é ag rádh na bhfocal san, féach, tháinig Iúdás, duine de’n dáréag, agus sluagh le n-a chois a chuir uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobuil leis, agus claidhmhte acu agus bataí. 48An fear a bhrath é, ámhthach, thug sé cómhartha dhóibh; dubhairt sé leó: An t-é go dtabharfad-sa póg dó, siné é; gabhaidh greim air. 49Agus láithreach tháinig sé chun Íosa, agus dubhairt: Go mbeannuighthear duit a Mháighistir. Agus thug sé póg dó. 50Agus dubhairt Íosa leis: A chara, cad chuige go dtánaís? Ansan thánadar agus chuireadar a lámha ar Íosa agus choimeádadar greim air. 51Agus féach, duine de’n mhuintir a bhí i bhfochair Íosa do shín sé a lámh, agus tharaing sé a chlaidheamh; agus bhuail sé seirbhíseach an árd-shagairt, agus bhain sé an chluas de. 52Ansan dubhairt Íosa leis: Cuir do chlaidheamh thar n-ais i n-a inead féin. Óir, #Gen. 9:6; Apoc. 13:10.gach duine a thógfaidh claidheamh, is le claidheamh a thuitfidh sé. 53An amhlaidh is dóigh leat nách féidir dómh-sa a iarraidh ar m’Athair, agus cuirfidh sé chúgham láithreach níos mó ’ná dhá #26:53 legión Ioir cheithre mhíle fear agus sé mhíle fear a bhíodh sa legión Rómhánach.legión déag aingeal? 54Conus, d’á bhrígh sin, a cómhlíonfar an #Isáias 53:10.scriptiúir, óir ní foláir a thuitim amach mar seo. 55An uair sin dubhairt Íosa leis an sluagh: Thánabhair amach chun beirthe orm, agus claidhmhte agus bataí agaibh, mar a thiocfadh sibh chun beirthe ar bhitheamhnach. Bhíos am’ shuidhe sa teampall gach lá ag teagasg i nbhúr measg, agus níor rugabhair orm. 56Ach tá so go léir déanta chun go gcómhlíonfaí scriptiúirí na bhfáidh.#Éagcaoine 4:20. Ansan d’fhág a dheisgiobuil go léir é, agus do theitheadar.
57Ach do choimeád an mhuintir eile greim ar Íosa, agus do rugadar leó é i láthair an árd-shagairt, Caiphas, mar a raibh na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh cruinnighthe. 58Do lean Peadar é, ámhthach, abhfad siar, go dtí teaghlach an árd-shagairt; agus chuaidh sé isteach agus shuid sé ameasg na seirbhíseach, go bhfeicfeadh sé deire na h-oibre.
59Agus bhí uachtaráin na sagart agus an chómhairle go léir ag lorg fiadhnaise bréige i n-aghaidh Íosa, chun go ndaorfaidís chun bháis é; 60Agus do theip ortha, bíodh go dtáinig a lán fínnithe bréige suas. Fé dheire tháinig beirt fhínnithe bréige, 61Agus dubhradar: Deir sé seo: Tá ar mo chumas-sa teampal Dé do leagadh, agus é chur suas airís i gceann trí lá. 62Ansan d’eirigh an t-árdshagart ’n-a sheasamh, agus dubhairt sé leis: Ná h-abrann tú focal leis na neithibh atá acu so dh’á dhearbhúghadh ort? 63Ach níor labhair Íosa. Agus dubhairt an t-árdshagart leis: Iarraim ort i n-ainim Dé atá bheó go neósfá dhúinn an tu an Críost, Mac Dé. Dubhairt Íosa leis: Dubhraís é. 64Ach ní lúgha adeirim-se libh-se, #Supra 16:27; Rómh. 14:10; 1 Tess. 4:16.Chífidh sibh ’n-a dhiaidh so Mac an Duine ’n-a shuidhe ar deasláimh nirt Dé, agus ag teacht i néallaibh neimhe. 65Ansan do strac an t-árdshagart a cuid éadaigh, agus dubhairt: Tá diamhasla déanta aige; cad is gádh dhúinn a thuille fínnithe? Féach, anois do chloiseabhair an diamhasla: 66Cad a chítear daoibh? Agus dubhradar san ’ghá fhreagra: Tá bhás tuillte aige. 67#Isáias 50:6.Ansan do chaitheadar seilí sa n-aghaidh air, agus bhuaileadar le dóirnibh é; agus bhuail cuid eile acu le n-a mbhasaibh sa n-aghaidh é, Agus deiridís: 68Targair dúinn, a Chríost, cé h-é a bhuail tu?
69Ach bhí Peadar ’n-a shuidhe amuigh sa ríghtheaghlach; agus tháinig duine de sna cailíníbh chuige, agus dubhairt sí: Bhís-se, leis, i bhfochair Íosa, an Gaililíach. 70Agus do shéan seisean os a gcómhair go léir, agus dubhairt sé: Ní fheadar cad ’tá agat d’á rádh. 71Agus bhí sé ag gabháil an dorus amach, agus chonaic cailín eile é, agus dubhairt sí leis na daoine a bhí láithreach: Bhí sé seo, leis, i bhfochair Íosa, an Nasarénach. 72Agus do shéan seisean airís agus do dhearbhuigh sé: Ní’l aon aithne agam ar an nduine. 73Agus tar éis tamaill bhig tháinig na daoine a bhí láithreach agus dubhradar le Peadar: Go deimhin is díobh súd tusa, mar nochtann do chaint tú. 74Ansan do chrom sé ar a dheimhniú agus ar a dhearbhú ná raibh aon aithne aige ar an nduine. Agus le n-a linn sin do ghlaoidh an coileach. 75Agus do chuímhnigh Peadar ar an bhfocal úd adubhairt Íosa; Sar a nglaoldh-fidh an coileach séanfair-se mise trí h-uaire. Agus d’imthigh sé amach, agus do ghoil sé go dúbhach.

Currently Selected:

Maitiú 26: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in