YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 28:12-15

Maitiú 28:12-15 POL

Agus thánadar-san i bhfochair a chéile, mar aon leis na seanóiríbh, agus chuadar i gcómhairle, agus thugadar cuid mhór airgid dos na saighdiúiríbh, Agus dubhradar leó: Abraidh, táinig a dheisgiobuil sa n-oidhche, agus ghoideadar é agus sinne i n-ár gcodladh, Agus má airigheann an riaghaltóir an sgéal labharfaimíd-ne leis, agus cuirfimíd sibh-se ó bhaoghal. Agus do ghlacadar-san an t-airgead, agus dheineadar mar a dubhradh leó. Agus tá an sgéal san leathta a measg na n-Iúdach go dtí an lá indiu.