YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 7

7
CAIBIDIOL VII.
An trímhadh cuid de’n tseanmóin ar an gcnoc.
1Ná beiridh breith, #Lúc. 6:37; Rómh. 2:1.ionus na béarfaí breith oraibh. 2Mar is do réir na breithe a thabharfaidh sibh a tabharfar breith oraibh; agus an tómhas le n-a dtómhaisfidh síbh, is leis a tómhasfar chúghaibh. 3Cad chuige dhuit an dúradán d’fheisgint i súil do bhráthar, agus ná feiceann tu an tsail atá ad’ shúil féin? 4Nó cad chuige dhuit a rádh led’ bhráthair: Leig dom an dúradán a bhaint as do shúil; agus sin sail ad’ shúil féin? 5A chluanaire, bain an tsail as do shúil féin ar dtúis, agus ansan chífir conus an dúradán a bhaint a’ súil do bhráthar.
6Ná tugaidh an nídh naomhtha dos na madraíbh#7:6 .i. do sna droch-dhaoinibh a thabharfadh masla do’n nídh naomtha.; agus na caithidh bhúr bpéarlaí chun na muc, le h-eagla go ngeóbhaidís do chosaibh ionta, agus ansan go n-iompóchaidís oraibh agus go stracfaidís sibh.
7Iarraidh, agus tabharfar daoibh; loirgidh, agus gheóbhaidh sibh; buailidh, agus osgalófar daoibh. 8Óir gach aoinne a iarrann tugtar dó; agus gach aoinne a loirgeann gheibheann sé, agus gach aoinne a bhuaileann osgal-tar dó. 9#Lúc. 11:11.cé h-é an duine agaibh-se go n-iarrfaidh a mhac arán air agus gur cloch a thabharfaidh sé dhó? 10Nó má iarrann sé iasg air a’ dtabharfaidh sé athair nimhe dhó? 11Má’s eól, d’á bhrígh sin, daoibh-se atá go h-olc, conus neithe fóghanta thabhairt d’bhúr gclainn, nách dóichíghe gó mór go dtabharfaidh bhúr n-Athair atá ins na flathais neithe fóghanta dhaoibh-se ach iad d’iarraidh air?
12 # Tobias 4:16; Lúc. 6:31. Gach nídh, d’á bhrígh sin, ba mhaith libh a dhéanfadh daoine dhaoibh-se deinidh-se dhóibh-sin. Siné agaibh an dlígh agus na fáidhe.
13Téighidh isteach an dorus cumhang, óir is fairsing an dorus agus is leathan an bóthar a sheólann chun díthe, agus tá a lán a leanann é. 14Is ana-chumhang an dorus agus is ana-chaol an bóthar a sheólann chun na beatha, agus ní mór a gheibheann eólus air.
15Seachanaidh na fáidhe fallsa, a thagann chúghaibh i gclúid na gcaorach agus gur faolchoin chraosacha laistigh iad. 16Ó n-a dtorthaíbh iseadh dh’aithneóchaidh sibh iad. An mbaintear caora fíneamhna de dhriseach nó fígí d’ fheóchadánaibh? 17Mar sin tugann gach crann fóghanta toradh fóghanta uaidh, agus tugann an droch-chrann droch-thoradh uaidh. 18Ní féidir do’n chrann fhóghanta droch-thoradh thabhairt ná do’n droch-chrann toradh fóghanta thabhairt. 19Gach crann ná tugann toradh fóghanta, gearrfar é agus curfar sa teine é. 20D’á bhrígh sin, as a dtorthaíbh iseadh dh’ aithneóchaidh sibh iad.
21Ní h-é gach aoinne adeir liom-sa, A Thighearna, a Thighearna, do raghaidh isteach i rígheacht na bhflathas; ach an t-é a dhéanfaidh toil m’Athar atá ins na flathais, siné a raghaidh isteach i rígheacht na bhflathas. 22Déarfaid a lán daoine liom-sa an lá san; A Thighearna, a Thighearna, nách ad’ ainim-se a dheineamair targaireacht, agus nách ad’ ainim-se a dheineamair na deamhain do chur amach, agus nách ad’ ainim-se dheineamair mórán mírbhuiltí? 23Agus ansan admhóchaidh mé dhóibh: Níor chuireas-sa aithne riamh oraibh; #Salm 6:9; Lúc. 13:27.Imthighidh uaim, a lucht an uilc a dhéanamh.
24 # Lúc. 6:48. Gach duine, d’á bhrígh sin, a chloiseann an chaint seo adeirim-se agus do dheineann beart d’á réir, samhlófar é le duine ciallmhar a dhein a thigh ar an gcaraig. 25Agus do thuit an fhearthainn, agus do tháinig na h-aibhní, agus d’eirigh an ghaoth, agus do ghluaiseadar i gcoinnibh an tighe sin; agus níor thuit sé; mar bhí sé ’n-a sheasamh ar an gcaraig. 26Agus gach duine a chloiseann na focail seo uaim-se agus ná deineann beart d’á réir, beidh sé ar nós an amadáin a dhein a thigh ar an ngainimh; 27Agus do thuit an fhearthainn, agus do tháinig na h-aibhní, agus d’eirigh an ghaoth, agus ghluaiseadar i gcoinnibh an tighe sin, agus do thuit sé; agus ba thiubaisteach é a thuitim.
28Agus do thárla nuair a bhí an chaint sin críochnuighthe ag Íosa go raibh na daoine ag déanamh iongna d’á theagasg. 29Óir do dhein sé an teagasg mar a dhéanfadh duine go raibh cómhacht aige, murar bh’ionan agus na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh.

Currently Selected:

Maitiú 7: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in