YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 7

7
CAIBIDIOL VII.
Na Fairisínigh dá n-imdheargadh ag Críost. Inghean na mná ó Chanaan dá leigheas aige, agus an fear a bhí bodhar balbh.
1Agus tháinig Fairisínigh agus raint des na Sgríbhneóiríbh ó Ierúsalem, agus bhailigheadar chuige. 2Agus nuair a chonacadar cuid d’á dheisgiobuil ag ithe aráin agus a lámha coitchian, ’sé sin gan nighe, chasadar leó é. 3Óir ní ithid na Fairisínigh ná na Iúdaigh bia gan a lámha do nighe go minic, ag coimeád nóis na sinsear. 4Agus ar theacht ó’n margadh dhóibh ní ithid bia gan iad féin do nighe, agus tá a lán eile sean-nós atá ortha a choimeád, ar a bhfuil na cupáin do nighe, agus na crúscaí, agus na h-árthaí práis, agus na leapacha. 5Agus d’fhiafraigh na Fairisínigh agus na Sgríbhneóirí dhé: Cad ’n-a thaobh ná siubhlaid do dheisgiobuil-se do réir nóis na sinsear, agus go n-ithid siad bia gan a lámha do nighe? 6Ach d’fhreagair seisean iad agus dubhairt: Is maith an targaireacht a dhein Isáias oraibh-se, a lucht an fhill, mar a bhfuil sgríobhtha: #Isáias 29:13.Molaid na daoine seo mé le n-a mbéal, ach is fada uaim atá a gcroidhe; 7Adhradh folamh a thugaid siad dom, ag múineadh teagasg agus aitheanta daoine.#7:7 Ver. 7. teagasg agus aitheanta daoine. Feic an nótú ar Mait. 15:9,11. 8Óir tréigeann sibh órdú Dé, agus coimeádann sibh nós daoine; deineann sibh na crúscaí agus na cupáin do nighe, agus mórán neithe eile de’n tsórd san. 9Agus dubhairt sé leó: Is maith a chuireann sibh órdú Dé ar neamhnídh chun nós bhúr sinsear do choimeád. 10Óir dubhairt Maois: #Exod. 20:12; Deut. 5:16.Tabhair dot’ athair agus dod’mháthair onóir; agus: #Exod. 21:17; Lebhit. 20:9.An t-é thabharfaidh droch-chaint d’á athair nó d’á mháthair curtar chun báis é. 11Ach dar libh-se: Má deir duine le n-a athair nó le n-a mháthair: #7:11 Gach corban .i. do tugtí do sna Fairisínigh an rud ba cheart a thabhairt do’n athair agus do’n mháthair.Gach corban, (’sé sin, gach tabharthas) d’á dtugaim-se uaim, bíodh a thairbhe agat-sa; 12Agus ní leigeann sibh dó aon nídh eile a dhéanamh d’á athair ná d’á mháthair. 13Ag cun bréithir Dé ar neamhnídh leis na sean-nósaibh a chleachtabhair féin. Agus tá a lán neithe de’n tsórd san agaibh ’á dhéanamh.
14Agus do ghlaoidh sé na daoine chuige airís, agus dubhairt sé leó. 15Ní’l aon rud atá lasmuigh de’n duine, agus a théigheann isteach ann, d’fhéadfadh é shailiú, ach na neithe a tagann amach as an nduine siniad a shailígheann an duine. 16Má tá cluasa chun éisteachta ag duine, éisteadh sé.
17Agus nuair a chuaidh sé isteach i dtigh ó’n sluagh d’fhiafraigh a dheisgiobuil de brígh na soluíde. 18Agus dubhairt sé leó: Agus an bhfuil sibh-se leis gan breitheamhantas mar sin? Ná tuigeann sibh, pé rud a théigheann isteach sa duine ó’n dtaobh amuigh nách féidir do an duine shailiú, 19Mar ní théigheann sé isteach ’n-a chroidhe, ach i n-a bholg a théigheann sé agus téigheann sé amach sa bhfiailteach, ag glanadh gach bídh amach. 20Agus dubhairt sé gur b’iad na neithe a thagann amach as an nduine a shailigheann an duine, 21#Gen. 6:5.Óir is ó’n dtaobh istigh, amach a’ croidhe an duine, a thagann droch-smuínte, agus adhaltranas, agus gníomhartha drúise, agus dúnmharbhadh, 22Guid, saint, éagcóir, feall, mí-gheanmnaigheacht, droch-shúil, diamhasla, uabhar, mí-chiall. 23Ó’n dtaobh istigh iseadh thagaid na h-olca san go léir, agus isiad a shailigheann an duine.
24Agus d’eirigh sé as san, agus chuaidh sé go críochaibh Tuíre agus Sídóin, agus chuaidh sé isteach i dtigh, agus ba mhian leis gan a fhios a bheith ag aoinne, agus níor fhéad sé é féin do cheilt. 25Óir do tháinig chuige agus do chaith í fein agá chosaibh, chómh luath agus d’airigh sí trácht air, bean go raibh spioraid truaillighthe ’n-a h-inghin. 26Agus bean Ghréagach ab eadh í, Sírophoenach do reir chinéil, agus bhí sí ag guidhe chuige go ndéanfadh sé an deamhan do dhíbirt as a h-inghin. 27Agus dubhairt sé léi: Fan go mbeidh a sáith ag an gclainn; óir ní maith an rud bia na clainne thógaint agus é thabhairt do sna gadharaibh. 28Ach d’fhreagair sise agus dubhairt: Iseadh, a Thighearna, óir ithid na coileáin fé’n mbórd an bia briste a thuiteann ó’n gclainn. 29Agus dubhairt seisean: Mar gheall ar an bhfocal san imthigh leat, tá an deamhan imthighthe as t’inghin. 30Agus nuair a chuaidh sí abhaile chun a tighe fuair sí a h-inghean ’n-a luighe ar a leabaidh, agus an deamhan imthighthe aisti.
31Agus chuaidh sé amach airís a’ críchibh Tuíre, agus tháinig sé tré Shídón go muir Ghaililí, tré lár críche Decapolis. 32Agus thugadar chuige duine a bhí bodhar balbh, agus bhíodar ag tathant air a lámh a chur air. 33Agus thóg sé leis i leith taoibh é ó’n sluagh, agus chuir sé a mhéireana isteach ’n-a chluasaibh, agus chuir sé seile amach agus chuir sé an seile ar theangain an duine, 34Agus d’fhéach sé suas chun na bhflathas agus dhein sé osna, agus dubhairt Ephpheta, ’sé sin, Osgail. 35Agus, láithreach, do h-osgaladh a chluasa dhó, agus do bogadh an ceangal d’á theangain, agus do labhair sé cruinn, 36Agus dh’órduigh sé dhóibh gan é dh’innsint d’aoinne. Ach d’á mhéid a dh’órduigh sé dhóibh é iseadh is mó a dh’innseadar é, 37Agus iseadh is mó a dheineadar iongna dhé, agus a deiridís: Deineann sé gach nídh go maith: tugann sé éisteacht do’n bhodhar agus caint do’n bhalbh.

Currently Selected:

Marcus 7: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in