Gníomhartha 11
11
1Agus do‐chuala na h‐abstail agus na bráithre do bhí i nIúdaea go bhfuair na Cineadhaigh féin briathar Dé. 2Agus nuair chuaidh Peadar suas go h‐Iarúsalem, do‐rinne lucht an timcheall‐ghearrtha gearán leis, g‐á rádh, 3Do‐chuadhais‐se isteach i measc daoine gan timcheall‐ghearradh ortha, agus do chaithis biadh ’n‐a bhfochair. 4Acht do thosnuigh Peadar ar an scéal do mhíniú dhóibh tríd síos, g‐á rádh, 5Is amhlaidh do bhí mé i gcathair Ioppé ag guidhe: agus i néall dom do chonnacas aisling, soitheach mar bhéadh seol mór g‐á leigin ó’n spéir anuas le n‐a cheithre cúinnibh; agus tháinig sé im’ aice: 6agus ag caitheadh mo shúl go géar air, do bhreathnuigheas, agus do chonnacas beithidhigh ceathar‐chosacha na talmhan, agus ainmhidhthe allta agus piastaí agus éanlaithe an aeir. 7Agus do‐chualas an guth g‐á rádh liom, Éirigh, a Ph adair; marbh agus ith. 8Acht adubhras‐sa, Ní dhéanfad, a Thighearna: óir ní dheachaidh éinnidh coitcheann ná neamh‐ghlan isteach im’ bhéal‐sa riamh. 9Acht d’fhreagair an guth an dara h‐uair ó’n spéir, An nidh atá glanta ag Dia, ná déan‐sa neamh‐ghlan é. 10Do‐rinneadh sin trí h‐uaire as a chéile: agus do tógadh gach uile nidh suas san spéir arís. 11Agus féach, ar an láthair do bhí triúr fear ’n‐a seasamh os cómhair an tighe ’n‐a rabhamar, do cuireadh chugam ó Chéasaria. 12Agus adubhairt an Spiorad liom dul i n‐éinfheacht leo gan aon cheist bheith orm. Agus tháinig an seisear bráthar so ’n‐ár gcuideachtain; agus do chuadhamar isteach i dtigh an fhir: 13agus d’innis sé dhúinn cionnas do chonnaic sé an t‐aingeal ’n‐a sheasamh ’n‐a thigh, agus go ndubhairt sé, Cuir fios go h‐Ioppé agus tabhair libh Síomón ar a dtugtar Peadar; 14labharfaidh seisean briathra leat shlánóchas thú féin, agus muinntear do theaghlaigh go léir. 15Agus ní túisce do thosnuigheas ar labhairt ’ná thuirling an Spiorad Naomh ortha‐san, fá mar thuirling sé orainne ar dtús. 16Agus ba chuimhin líom briathar an Tighearna, mar dubhairt sé, Do bhaist Eoin le h‐uisce, acht baistfear sibh‐se leis an Spiorad Naomh. 17D’á bhrigh sin, má thug Dia dhóibh‐sean an bronntanas céadna tugadh dhúinne, nuair do chreideamar san Tighearna Íosa Críost, cia’rbh é mise go bhféadfainn cosc do chur le Dia? 18Agus nuair do‐chualadar an méid sin, do chiúnuigh siad, agus thugadar glóir do Dhia, g‐á rádh, Is léir, mar sin, go bhfuil aithrighe chum na beathadh tabhartha ag Dia do na Cineadhachaibh féin.
19Na daoine do scaipeadh mar gheall ar an ngéirleanmhain d’éirigh i dtaobh Stiofáin, do chuadar chómh fada le Foinícia agus le Cuprus, agus le h‐Antuaigh, gan an briathar do labhairt acht leis na h‐Iúdachaibh amháin. 20Acht do bhí cuid aca, daoine as Cuprus agus as Curéné, agus, nuair tháinig siad go h‐Antuaigh, do labhair siad leis na Gréagachaibh féin, ag innsint soiscéil an Tighearna Íosa. 21Agus do bhí lámh an Tighearna leo: agus do bhí cuid mhór díobh‐san do chreid agus d’iompuigh chum an Tighearna. 22Agus tháinig scéala ’n‐a dtaobh go cluasaibh muinntire na h‐eaglaise do bhí i nIarúsalem: agus do chuireadar Barnabas uatha chómh fada le h‐Antuaigh: 23agus nuair tháinig seisean, agus nuair do chonnaic sé grása Dé, bhí áthas air; agus do spreag sé iad go léir go gclaoidhfidís le díoghrais croidhe do’n Tighearna: 24óir fear maith ab eadh é, agus do bhí sé lán de’n Spiorad Naomh agus de chreideamh: agus ba mhór an méid daoine tugadh chum an Tighearna. 25Agus do chuaidh Barnabas go Tarsus ar lorg Shaul: 26agus nuair fuair sé é, thug sé leis go h‐Antuaigh é. Agus ar feadh bliadhna do ghnáthuigheadar cómhluadar na h‐eaglaise, agus thugadar teagasc do mhórán daoine; agus thárla gur i nAntuaigh tugadh Críostaidhthe ar dtús ar na deisceablaibh.
27Agus ins na laethibh sin tháinig fáidhe ó Iarúsalem go h‐Antuaigh. 28Agus d’éirigh duine aca darbh ainm Agabus, agus thug sé le tuigsin dóibh tríd an Spiorad go raibh gorta mhór le teacht ar an saoghal uile, rud tháinig chum críche i n‐aimsir Chlaudiuis. 29Agus do shocruigh na deisceabail cabhair, de réir gustail gach duine, do chur chum na mbráithreach do bhí ’n‐a gcómhnaidhe i nIúdaea: 30agus do‐rinneadar sin, g‐á cur chum na seanóir tré lámhaibh Bharnabais agus Shaul.
Currently Selected:
Gníomhartha 11: ATN1951
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

: