Lúcás 17
17
1Agus adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, Ní féidir nach dtiocfadh scannail: acht monuar do’n té sin tré n‐a dtigid! 2Ba mhaith dhó dá gcrochtaidhe bró muilinn ar a mhuineál, agus dá gcaithtidhe é isteach sa bhfairrge, ’ná go scannlóchadh sé duine de’n mhuinntir bhig seo. 3Tabhraidh aire dhaoibh fhéin: má ghní do dhearbhrátair peacadh id’ aghaidh, ceartuigh é; agus má ghní sé aithrighe ann, maith dhó é. 4Agus má ghní sé peacadh seacht h‐uaire sa lá, agus má fhilleann sé chugat seacht h‐uaire, g‐á rádh, Atá aithreachas orm; caithfidh tú a mhaitheamh dhó.
5Agus adubhairt na h‐abstail leis an Tighearna, Méaduigh ár gcreideamh. 6Agus adubhairt an Tighearna, Dá mbéadh oiread gráinne síl mustaird de chreideamh agaibh, adéarfadh sibh leis an gcrann siceamóra so, Tarraingtear as do fhréamhachaibh tú, agus curtar sa bhfairrge thú; agus do‐ghéanadh sé de réir mar d’órduighis. 7Acht cia agaibh‐se go bhfuil seirbhíseach aige ag treabhadh nó ag aodhaireacht caorach, agus adéarfas leis, nuair thiocfas sé isteach ó’n bpáirc, Tar anois agus suidh síos chum bidh; 8agus nach é adéarfaidh sé leis, Ullmhuigh nidh le n’ite dhom, agus cuir crioslach ort, agus déan friotáileamh orm, go mbéidh ithte agus ólta agam; agus ’n‐a dhiaidh sin íosfair agus ólfair‐se? 9An dtugann sé buidheachas do’n tseirbhíseach toisc go ndearna sé ar h‐órduigheadh dhó? 10Mar sin daoibh féin, nuair bhéas gach ar h‐órduigheadh dhaoibh déanta agaibh, abraidh, Seirbhísigh neamh‐fhoghanta sinne; do‐rinneamar an nídh ba dhual dúinn do dhéanamh.
11Agus tharla, sa tslighe dhóibh ag dul go h‐Iarúsalem, go raibh sé ag gabháil tré lár Shamária agus Ghalilé. 12Agus ag dul isteach i mbaile beag áirithe dhó, do casadh air deichneabhar do bhí ’n‐a lobharaibh, agus do stadadar i bhfad uaidh: 13agus d’éigheadar go h‐árd‐ghlórach, g‐á rádh, A Íosa, a Mháighistir, déan trócaire orainn. 14Agus nuair do chonnaic sé iad, adubhairt sé leo, Imthighidh agus taisbeánaidh sibh féin do na sagartaibh. Agus tharla, sa tslighe dhóibh, gur leigheasadh iad. 15Agus do bhí duine aca, agus nuair thug sé fá deara go raibh sé leigheasta, do chas sé ar ais, agus é ag moladh Dé de ghuth árd; 16agus do thuit sé ar a aghaidh ag a chosaibh, ag gabháil a bhuidheachais leis: agus Samáritánach ab eadh é. 17Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé, Nár glanadh deichneabhar? acht cá bhfuil an naonbhar? 18An amhlaidh nach bhfrith ag filleadh le buidheachas do thabhairt do Dhia, acht an coimhightheach so? 19Agus adubhairt sé leis, Éirigh agus imthigh leat: do shlánuigh do chreideamh thú.
20Agus d’fhiafruigh na Fairisínigh dhe, Cá h‐uair thiocfaidh ríoghacht Dé, d’fhreagair sé iad agus adubhairt, Ní h‐i riocht go mbraithfear é thiocfas ríoghacht Dé: 21agus ní abróchar, Féach annso í! nó, Féach annsúd í! óir, féach, is istigh ionnaibh atá ríoghacht Dé.
22Agus adubhairt sé leis na deisceablaibh, Tiocfaidh na laethe ’n‐a mbéidh sibh ag tnút le lá amháin de laethibh Mhic an Duine o’fheicsin, agus ní fheicfidh sibh é. 23Agus adéarfaidh siad libh, Féach annsúd í! agus, Féach annso í! ná h‐imthighidh g‐á leanamhain: 24óir fá mar lasann an teintreach ó áird amháin de’n spéir go dtí an áird eile, agus í ag splanncadh, mar sin is eadh bhéas Mac an Duine ’n‐a lá féin. 25Acht caithfidh sé ar dtús mórán d’fhulang, agus diúltadh d’fhágháil ó’n sliocht so. 26Agus fá mar tharla i n‐aimsir Naoi, mar sin is eadh bhéas i n‐aimsir Mhic an Duine. 27Do bhíodar ag ite, agus ag ól, agus ag pósadh, agus d’á dtabhairt le pósadh, go dtí an lá ’n‐a ndeachaidh Naoi isteach san áirc, agus tháinig an díle agus do chreach sí iad go léir. 28Ar an gcuma chéadna mar tharla i n‐aimsir Loth; do bhíodar ag ithe, agus ag ól, agus ag ceannach, agus ag díol, agus ag cur síl, agus ag tógáil tighthe; 29acht an lá ’n‐ar imthigh Loth amach as Sodom, do thuit cioth teineadh agus ruibhe ó neamh anuas, gur scrios sé iad go léir. 30Mar sin is eadh bhéas, an lá ’n‐a bhfoillseochar Mac an Duine. 31An lá sin, an té bhéas ar bhárr an tighe, agus a mhaoin sa tigh, ná téigheadh sé síos chum a tógála leis: agus an té atá ar an machaire, ná casadh sé ar ais. 32Cuimhnighidh ar mhnaoi Loth. 33Cibé duine iarrfas a anam do shábháil, caillfidh sé é: agus cibé duine chaillfeas a anam, sábhálfaidh sé é. 34Adeirim libh, Béidh beirt fhear i n‐aon leabaidh amháin, an oidhche sin; tógfar duine aca, agus fágfar an duine eile. 35Béidh beirt bhan ag meilt i n‐éinfheacht; tógfar bean aca, agus fágfar an bhean eile. 37Agus ag freagairt dóibh, adubhradar, Cá h‐ionad, a Thighearna? Agus adubhairt sé leo, An áit ’n‐a mbíonn an conablach, is ann cruinneochar na h‐iolair, leis.
Currently Selected:
Lúcás 17: ATN1951
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

: