YouVersion Logo
Search Icon

Matha 10

10
1Agus do ghlaodh sé chuige a dháréag deisceabal, agus thug sé cumhacht dóibh ar na spioraidibh neamh‐ghlana, chum iad do chaitheamh amach, agus chum gach galar agus gach breoiteacht do leigheas.
2Agus is iad so ainmneacha an dáréag abstal: An chéad duine, Síomón, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias a dhearbhráthair; Séamas mac Shebedé, agus Eoin a dhearbhráthair; 3Pilib agus Parthalán; Tomás, agus Matha, poibleacán; Séamas mac Alfaeuis, agus Taddéus; 4Síomón Cánaníteach, agus lúdás Iscariót, an té do bhraith é. 5Do chuir Íosa an dáréag sin amach, agus thug sé órdú dhóibh, g‐á rádh,
Ná téighidh isteach i slighe na bPágánach, agus na téighidh isteach i gcathrachaibh na Samáritánach; 6acht téighidh fá dhéin na gcaorach fáin de theaghlach Israel thar chách. 7Agus, sa tslighe dhaoibh, bidhidh ag craobhscaoileadh, g‐á rádh, Atá rioghacht neimhe i ngiorracht daoibh. 8Leigheasaidh na h‐easláin, dúisighidh na mairbh, glanaidh na lobhair, caithidh amach na deamhain: i n‐aisce do fuarabhar, tabhraidh uaibh i n‐aisce. 9Ná soláthruighidh ór, ná airgead, ná prás i n‐bhúr gcreasaibh; 10ná mála i gcómhair an aistir, ná dhá chasóig, ná bróga, ná bata: óir is fiú an t‐oibridhe a chuid bidh. 11Agus cibé cathair nó baile beag ’n‐a rachaidh sibh isteach, cuiridh tuairisc deagh‐dhuine ann; agus fanaidh annsin nó go raibh sibh ag imtheacht. 12Agus ag dul isteach sa tigh dhaoibh, beannuighidh dhó. 13Agus má’s fiú an teach sin é, tigeadh síothcháin uaibh ar an tigh: acht muna fiú, filleadh bhúr síothcháin oraibh féin. 14Agus cibé duine nach nglacfaidh sibh, nó nach n‐éistfidh le n‐bhúr mbriathraibh, ag imtheacht as an tigh, nó as an gcathair sin daoibh, crothaidh an luaithreadh de bhúr gcosaibh. 15Go fírinneach adeirim libh, Is fearr go mór éireochas le tír Shodom agus Ghomorra, lá an bhreitheamhnais, ’ná leis an gcathair sin.
16Féachaidh, cuirim uaim amach sibh ar nós caorach i measc madadh allta: bidhidh, d’á bhrigh sin, chómh glic leis na nathrachaibh nimhe, agus chómh símplidhe leis na colmaibh. 17Acht seachnaidh sibh féin ar na daoinibh: óir do‐bhéaraidh siad ar láimh sibh do na cómhairlibh, agus sciúrsálfaidh siad sibh ’n‐a sionagógaibh; 18agus béarfaidh siad sibh i láthair uachtarán agus ríogh ar mo shon‐sa, mar fhiadhnaise dhóibh‐sean agus do na Págánachaibh. 19Acht nuair bhéarfas siad ar láimh sibh, ná bíodh sé n‐a chás agaibh cionnas labharfas sibh, nó créad adéarfas sibh: óir dobhéarfar daoibh, an uair sin féin, an nidh labharfas sibh. 20Óir ní sibh féin labharfas, acht Spiorad bhúr n‐Athar labharfas ionnaibh. 21Agus do‐bhéarfaidh an dearbhráthair a dhearbhráthair chum báis, agus an t‐athair a mhac: agus éireochaidh an chlann i n‐aghaidh a n‐aithreach agus a máithreach, agus imreochaid bás ortha. 22Agus béidh fuath ag gach uile dhuine dhaoibh mar gheall ar m’ainm‐se: acht an té bhéas buantseasmhach go deireadh, is é slánóchar. 23Ach nuair déanfar géir‐leanamhain oraibh i n‐aon chathair, teichidh isteach sa gcéad chathair eile: óir adeirim libh go fírinneach, Ní bhéidh deireadh bhúr dturais i gcathrachaibh Israel déanta agaibh sara dtiocfaidh Mac an Duine.
24Ní sháruigheann an deisceabal a mhúinteoir, agus ní sháruigheann an searbhónta a thighearna. 25Is leor do’n deisceabal bheith mar a mhúinteoir, agus do’n tsearbhónta bheith mar a thighearna. Má thugadar Belsibub ar fhear an tighe, nach mó ’ná sin go mór do‐bhéarfaid ar mhuinntir a theaghlaigh é! 26Ná bíodh eagla oraibh rómpa, d’á bhrigh sin: óir ní fhuil aon nidh fá chlúid nach nochtfar; agus ni fhuil aon nidh fá cheilt nach n‐aithneochar. 27An méid adeirim libh sa dorchadas, abraidh‐se sa tsolas é: agus an méid chluineas sibh sa gcluais, craobhscaoilidh ar bhárraibh na dtighthe é. 28Agus ná bíodh eagla oraibh roimh na daoinibh mharbhas an corp, agus nach bhfuil ar chumas dóibh an t‐anam do mharbhadh: ach bíodh eagla oraibh roimh an té úd gur féidir leis idir anam agus corp do bhascadh i n‐ifreann. 29Nach ndíoltar dhá ghealbhan ar fheoirling? Agus ní féidir go dtuitfeadh gealbhan aca chum talmhan gan cead bhúr n‐Athar: 30ach maidir libh‐se, atá ribí bhúr ngruaige féin cómhairighthe. 31Ná bíodh eagla oraibh, d’á bhrigh sin; is mó le rádh sibh‐se go mór ’ná mórán gealbhan. 32D’á bhrigh sin, gach duine admhóchas mise i láthair na ndaoine, admhóchad‐sa eisean i láthair m’Athar atá ar neamh. 33Acht an té shéanfas mé i láthair na ndaoine, séanfadsa eisean i láthair m’Athar atá ar neamh.
34Ná measaidh gur chum síothcháin do chur ar an dtalamh thánag‐sa: ní chum síothcháin do chur thánag, acht chum claidheamh do chur ann. 35Óir thánag chum an duine do chur i gcoinnibh a athar, agus an inghean do chur i gcoinnibh a máthar, agus bean an mhic do chur i gcoinnibh máthar a céile: 36agus is iad muinntear a thighe féin bhéas mar náimhdibh ag an duine. 37An té gurb annsa leis a athair nó a mháthair ’ná mise, ní fiú liom é; agus an té gurb annsa leis a mhac nó a inghean ’ná mise ní fiu é mise. 38Agus an té nach dtógann a chros agus nach leanann im’ dhiaidh‐se, ní fiú liom é. 39Cibé duine gheobhas a anam caillfidh sé é; agus cibé chaillfeas a anam ar mo shon‐sa, do‐gheobhaidh sé é.
40An té ghlacas sibh‐se glacann sé mise, agus an té ghlacas mise glacann sé an té do chuir uaidh mé. 41An té ghlacas fáidh i n‐ainm fáidhe do‐gheobhaidh sé luach fáidhe; agus an té ghlacas fíréan i n‐ainm fíréin, do‐gheobhaidh sé luach fíréin. 42Agus cibé duine bhéarfas fiú cupáin fíor‐uisce d’aoinneach de na daoinibh beaga so, i n‐ainm deisceabail, adeirim libh go fírinneach nach gcaillfidh sé a luaigheacht.

Currently Selected:

Matha 10: ATN1951

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in