YouVersion Logo
Search Icon

Matha 12

12
1Ins an am sin do chuaidh Íosa tré ghortaibh cruithneachtan, lá na sabóide; agus do bhí ocras ar a dheisceablaibh, agus do thosnuigheadar ar na diasaibh do stothadh, agus d’ithe. 2Acht na Fairisínigh, nuair do chonnacadar‐san é, adubhradar leis, Féach, atá do dheisceabail ag déanamh nidh nach dleaghthach a dhéanamh, lá na sabóide. 3Acht adubhairt seisean leo, An é nár léigheabhar créad do‐rinne Dáibhi, an tráth ’n‐a raibh ocras air féin, agus ortha‐san do bhí ’n‐a fhochair; 4cionnas do chuaidh sé isteach i dtigh Dé, agus d’ith sé arán na h‐íodhbartha, nár dhleaghthach dó‐san d’ithe, ná do’n muinntir do bhí ’n‐a fhochair, acht amháin do na sagartaibh? 5Nó, an é nár léigheabhar sa dlighe, go mbriseann na sagairt sa teampall an tsaoire, lá na sabóide, gan bheith cionntach? 6Acht adeirim‐se libh, go bhfuil duine is mó ’ná an teampall annso. 7Acht dá mb’eol daoibh créad is bun dó so, Trócaire is áil liom, agus ní h‐íodhbairt, ní dhaorfadh sibh daoine atá neamh‐chionntach. 8Óir atá Mac an an Duine ’n‐a Thighearna ar an tsabóid féin.
9Ag imtheacht dó as an áit sin, do chuaidh sé isteach ’n‐a sionagóig: 10agus féach, do bhí duine ann, agus lámh leis seargtha. Agus d’fhiafruigheadar de, g‐á rádh, An dleaghthach leigheas do dhéanamh, lá na sabóide? 11chum go mbéadh cúis aca air. Agus adubhairt seisean leo, cia h‐é an duine agaibh, ag a mbéidh caora amháin, agus go dtuitfidh sí isteach i bpoll, lá na sabóide, nach mbéarfaidh uirthi, agus nach dtógfaidh aníos í? 12Nach mó le rádh go mór duine ’ná caora! D’á bhrigh sin is dleaghthach maith do dhéanamh, lá na sabóide. 13Annsin adeir sé leis an duine, sín amach do lámh. Agus do shín; agus d’éirigh sí chómh slán leis an láimh eile. 14Acht d’imthigh na Fairisínigh amach, agus do chuadar i gcómhairle le chéile ’n‐a choinnibh, chum go millfidís é. 15Agus ar n‐a fheicsin sin d’Íosa, d’imthigh sé as an áit sin: agus do lean a lán daoine é; 16agus do leigheas né iad go léir, agus d’órduigh sé dhóibh gan é do chur i n‐umhail: 17ionnas go gcóimhlíonfaidhe an nidh adubhradh tré Ésáias fáidh,
18Féach, mo sheirbhíseach atá toghtha agam;
An té is ionmhain liom ’n‐a bhfuil aoibhneas m’anma:
Cuirfead mo Spiorad air,
Agus fógróchaidh Sé breitheamhnas do na Geintibh.
19Ní dhéanfaidh Sé achrann, ná ní dhéanfaidh sé gáir;
Ná ní cluirfear a ghlór ar na sráidibh.
20Ní bhrisfidh sé an ghiolcach bhrúighte,
Agus ní mhúchfaidh sé an líon atá ag cur deataigh.
Nó go dtugaidh sé breitheamhnas chum buadha.
21Agus is as a ainm‐sean bhéas muinighín ag na Geintibh.
22Annsin tugadh chuige duine ’n‐a raibh deamhan, agus é dall, bodhar: agus do leigheas sé é, ionnas gur labhair an balbhán, agus go raibh radharc aige. 23Agus do bhí iongnadh mór ar na sluaightibh, agus adubhradar, An é seo mac Dháibhi? 24Acht nuair do‐chuala na Fairisínigh é, adubhradar, Ní chaitheann an fear so na deamhain amach acht tré Bhelsibub, prionnsa na ndeamhan. 25Agus b’eol dó‐san a smaointe, agus adubhairt sé leo, Gac ríoghacht atá deaghailte innti féin, bascthar í; agus gach cathair nó líon tighe atá deaghailte i gcoinnibh a chéile, ní sheasfaidh sé: 26agus má chaitheann Sátan Sátan amach, atá seisean deaghailte ann féin; cionnas, d’á bhrigh sin, sheasfas a ríoghacht? 27Agus má chaithim‐se amach na deamhain le cumhacht Bhelsibub, cia leis an gcaitheann bhúr gclann‐sa amach iad? D’á bhrigh sin, is iad‐san bhéas ’n‐a mbreitheamhnaibh oraibh. 28Acht má’s le Spiorad Dé chaithim‐se na deamhain amach, is léir go bhfuil ríoghacht Dé tagtha chugaibh. 29Nó, cionnas is féidir do dhuine dul isteach i dtigh an fhir láidir, agus a chuid d’fhuadach, muna gceanglaidh sé ar dtús an fear láidir? 30annsin sladfaidh sé a theach. An té nach bfuil liom, atá sé im’ aghaidh; agus an té nach gcruinnigheann liom‐sa, scaipeann sé. 31D’á bhrigh sin adeirim libh, Maithfear do na daoinibh gach peacadh agus gach dia‐mhasladh; acht dia‐mhasladh i n‐aghaidh an Spioraid ní maithfear dóibh é. 32Agus an té adéarfas focal i n‐aghaidh Mhic an Duine, maithfear dó é; acht an té labharfas i n‐aghaidh an Spioraid Naoimh, ní maithfear dó é, ar an saoghal so, ná ar an saoghal atá le teacht. 33Déanaidh an crann maith agus a thoradh maith; nó déanaidh an crann lobhtha agus a thoradh lobhtha: óir ar a thoradh is eadh aithnightear an crann. 34A shliocht na nathrach nimhe, cionnas is féidir libh‐se deagh‐neithe do labhairt, agus sibh go h‐olc? óir is as líonmhaireacht an chroidhe labhras an béal. 35Do‐bheir an deagh‐dhuine deagh‐neithe amach as a dheagh‐stór; agus do‐bheir an droch‐dhuine droch‐neithe amach as a dhroch‐stór. 36Agus adeirim‐se libh, Gach focal díomhaoin labharfas daoine, caithfidh siad cunntas do thabhairt ann, lá an bhreitheamhnais. 37Óir is as do bhriathraibh féin saorfar thú, agus is as do bhriathraibh féin daorfar thú.
38Annsin d’fhreagair cuid de na scríobhaidhthibh agus de na Fairisíneachaibh, agus adubhradar, A Mháighistir, ba mhian linn cómhartha d’fheicsin uait. 39Agus d’fhreagair sé agus adubhairt sé leo, Iarrann droch‐shliocht adhaltrannach cómhartha; agus ní tabharfar cómharta dhóibh acht cómhartha Iónáis fáidh. 40Óir, fá mar do bhí Iónás trí lá agus trí oidhche i mbolg an mhíl mhóir; mar sin bhéas Mac an Duine trí lá agus trí oidhche i gcroidhe na talmhan. 41Éireochaidh muinntir Ninibhe sa mbreitheamhnas leis an ngeinealach so, agus daorfaid‐sean é; agus féach, atá duine is mó ’ná Iónás annso. 42Éireochaidh bainríoghan an deiscirt sa mbreitheamhnas i n‐aghaidh an gheinealaigh so, agus daorfaidh sise é: óir tháinig sí ó fhoircheann an domhain chum éisteachta le n‐eagna Sholaimh; agus féach, atá duine is mó na Solamh annso. 43Acht an spioraid neamh‐ghlan, nuair théigheas sí as an duine amach, siubhlann sé ar fán tríd na h‐áiteannaibh tiorma, ar lorg suaimhnis, agus ní fhaghann sí é. 44Annsin adeir sí, Fillfead ar ais chum mo thighe féin as a dtáinig mé; agus ar dteacht dí, do‐gheibh sí folamh, scuabtha, deisighthe é. 45Annsin imthigheann sí, agus beireann sí léi seacht spioraidí eile is measa ’ná í féin, agus, téigheann siad isteach, agus cómhnuigheann siad ann: agus is aindeise an duine sin ar deireadh ’ná ar dtús. Agus is mar sin bhéas an scéal ag an droch‐shliocht so.
46Le linn cainnte leis an bpobal dó, féach, do bhí a mháthair agus a dhearbhráithre amuigh, agus iad ag iarraidh labhairt leis. 47Agus adubhairt duine éigin leis, Féach, atá do mháthair agus do dhearbhráithre ’n‐a seasamh amuigh, agus iad ag iarraidh labhairt leat. 48Acht d’fhreagair sé, agus adubhairt sé leis an duine d’innis dó é, Cé h‐í mo mháthair? agus cé h‐iad mo bhráithre? 49Agus do shín sé a lámh chum a dheisceabal, agus adubhairt sé, Féach, mo mháthair agus mo bhráithre‐se! Óir cibé duine dhéanfas toil m’Athar atá ar neamh, 50is é sin mo dhearbhráthair, agus mo dheirbhshiúr, agus mo mháthair.

Currently Selected:

Matha 12: ATN1951

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in