Gníoṁarṫa 22
22
Caibidil XXII.
Ḃeir Pól tuairisc do’n ṗobal ar a ṫionntóḋ ċun creidiṁ. Seaċnann sé sciúrsáil tré éileaṁ priḃléid Róṁánaiġ.
1A ḟeara, a ḃráiṫre, agus a aiṫreaċa, éistigiḋ leis an tuarasc-ḃáil a ḃeirim díḃ anois.
2Agus nuair a ċuala siad go raiḃ sé ag laḃairt leo i dteangaiḋ na h-Eaḃraise, ba ṁóide a d’ḟan siad ina dtost.
3Agus deir sé: Is Iúdaċ mise, a rugaḋ i dTarsus i gCilicia, aċt ba san ċaṫair seo ag cosa Ġamaliéil a h-oileaḋ mé, agus múineaḋ go fíor mé i ndliġe ár n-aiṫreaċ, agus mé dúṫraċtaċ ar leiṫ an dliġe, mar atá siḃ-se uilig mar an gcéadna indiu:
4Agus ḃínn ag géirleanaṁaint na sliġe seo go dtí an bás, ag ceangal fear agus ban, agus ġá gcur i bpríosún,
5Mar a ġní uaċtarán na sagart, agus na seanóirí go léir fiaḋnaise daṁ: agus ar ḟaġáil litreaċ daṁ uaṫa do na bráiṫré, ċuaiḋ mé ċun na Damaisce, ċun go dtaḃarainn liom ceangailte iad as sin go h-Ierusalem le pionós d’ḟaġáil.
6Agus ṫárla daṁ ar mo ṫuras, agus mé ag teaċt i ngaoḃar do’n Damaisc ag meaḋón lae, gur ṡoillsiġ solus mór ó neaṁ go tobann tart fá dtaoiḃ díom:
7Agus ar ṫuitim ar an talaṁ daṁ, ċuala mé guṫ ag ráḋ liom: A Ṡauil, a Ṡauil, cad ċuige a ndéan tú mé a ġéirleanaṁaint?
8Agus d’ḟreagair mise: Cé tú féin, a Ṫiġearna? Agus duḃairt sé liom: Is mise Íosa as Nasair, a ndéan tusa géirleanaṁaint orm.
9Agus go dearḃta ċonnaic siad sin a ḃí i m’ḟoċair an solus, aċt ní ċuala siad guṫ#22, 9 Ní ċuala siad guṫ. Is é sin le ráḋ, giḋ gur ċuala siad an guṫ, níor ṫuig siad na focla, Gníoṁ. 9, 7. an té a laḃair liom.
10Agus duḃairt mé: Cad é ḋéanfas mé, a Ṫiġearna? Agus duḃairt an Tiġearna liom: Éiriġ, agus gaḃ isteaċ ċun na Damaisce: agus innseoċar duit annsin fá gaċ níḋ dá gcaitfiḋ tú a ḋéanaṁ.
11Agus mar naċ raiḃ mo raḋarc agam, mar ġeall ar ġile an tsoluis úd, ṫreoruiġ mo ċompánaiġ ar ġreim láiṁe mé, agus ṫáinic mé go dtí an Damasc.
12Agus fear áiriṫe, darḃ ainm Ananías, a ḃí diaḋa do réir an dliġe, agus a raiḃ cliú ṁaiṫ air ó na h-Iúdaiġ go léir a ḃí ina gcóṁnaiḋe annsin,
13Ṫáinic sé ċugam, agus ina ṡeásaṁ ag mo ṫaoiḃ dó, duḃairt sé liom: A Ṡauil, a ḃrátair, aṁarc. Agus ar an uair ċéadna sin d’aṁarc mé féin air.
14Agus ḋuḃairt seisean: Ṫoġ Dia ár n-aiṫreaċ ṫusa roiṁ ré, ċun go mbéaḋ fios a ṫola agat, agus go ḃfeicṫeá an Neaċ Cóir#22, 14 Neaċ Cóir. Ár Slánuiġṫeoir, a ṫaisbeán é féin do Naoṁ Pól. Gníoṁ. 9, 17., agus go gcluinṫeá guṫ as a ḃéal-san féin.
15Óir béiḋ tú i d’ḟiaḋnaiseaċ aige do na h-uile ḋaoine, ar na neiṫe sin a ċonnaic tú, agus a ċuala tú.
16Agus anois cad ċuige ag déanaṁ moille tú? Éiriġ, agus glac baisteaḋ, agus niġ díot do ṗeacaiḋe, ag gairm ar a ainm-sean duit.
17Agus tárla, nuair a ṗill mé go h-Ierusalem arís, agus mé ag guiḋe san teampall, go dtáinic táiṁnéall ar m’aigne,
18Agus ċonnaic mé é ag ráḋ liom: Déan deifre, agus imṫiġ amaċ go tapaiḋ as Ierusalem: óir ní ġlacfaiḋ siad d’ḟiaḋnaise-se fá dtaoiḃ díom-sa.
19Agus duḃairt mise: A Ṫiġearna, tá a ḟios acu go mbínn-se ag cur na ndaoine a ċreroeaḋ ionnat-sa isteaċ i bpríosún, agus ġá mbualaḋ i ngaċ sineagóig:
20Agus nuair a ḃí fuil d’ḟiaḋnaisiġ, Steaṗán, dá dortaḋ, ḃí mise i látair, agus mé ag aontuġaḋ, agus ḃí mé ag coiṁéad a gcuid éadaiġ dóḃta sin a ḃí ġá ṁarḃaḋ.
21Agus ḋuḃairt sé liom: Imṫiġ, óir is ċuig na ciniḋeaċa i gcéin a ċuirfeas mé tú.
22Agus d’éist siad leis go dtí an focal sin, agus annsin d’árduiġ siad a nguṫ, ag ráḋ: Beir uainn ó’n tsaoġal a leitéiḋ seo de ḋuine: óir ní cóir é beiṫ beo.
23Agus nuair a ḃí siad ag béiciġ, agus ag caiteaṁ díoḃ a gcuid éadaiġ, agus ag cur dusta san aer,
24D’órduiġ an ceann feaḋain#22, 24 Ceann feaḋain. i.e. Lisias. é taḃairt isteaċ san ċampa, agus é a sciúrsáil, agus a ṗianaḋ, ċun go mbéaḋ a ḟios aige cad ċuige a raiḃ siad ag scairtiġ mar siúd ina aġaiḋ.
25Agus nuair a ḃí sé ceangailte le córdaí acu, deir Pól leis an ċeanntúir a ḃí ina ṡeasaṁ ag a ṫaoiḃ: An ḃfuil sé dlisteannaċ agaiḃ duine a sciúrsáil ar Róṁánaċ é, agus gan é ḋaorṫa?
26Ar a ċluinstin sin do’n ċeanntúir, ċuaiḋ sé ċuig an ċionn feaḋain, agus d’innis dó é, ag ráḋ: Cad é tá ar tí a ḋéanta agat? Óir is caṫarḋaċ Róṁánaċ an duine seo.
27Agus ṫáinic an ceann feaḋain ċuige, agus duḃairt leis: Innis daṁ, an Róṁánaċ ṫú? Agus duḃairt seisean: Is eaḋ.
28Agus d’ḟreagair an ceann feaḋain: Ċeannuiġ mise saoirse na caṫraċ sin ar luaċ mór. Aċc ḋuḃairt Pól: Rugaḋ mise aṁlaiḋ.
29Ar an aḋḃar sin d’imṫiġ uaiḋ ar an ḃomaite an luċt a ḃí ag dul a ṗianaḋ. Agus ḃí eagla ar an ċionn feaḋain fosta, nuair a ṫuig sé gur ċaṫarḋaċ Róṁánaċ é, agus gur ċeangail sé féin é.
30Agus lá ar n-a ḃáraċ d’ḟonn a ḟaġáil amaċ ní ba ċruinne cad é ḃí ag na h-Iúdaiġ le cur ina leiṫ, scaoil sé é, agus d’órduiġ sé do na sagairt, agus do’n ċóṁairle uilig, a ṫeaċt i gcionn a ċéile, agus ar ṫaḃairt Ṗóil amaċ dó, ċuir sé ós a gcóṁair é.
Currently Selected:
Gníoṁarṫa 22: ASN1943G
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland

: