YouVersion Logo
Search Icon

Gníoṁarṫa 23

23
Caibidil XXIII
Pól ina ṡeasaṁ i láṫair na ċóṁairle: cóṁrún eadar na h-Iúdaiġ é ċur ċun báis. Cuirtear ar ṡiuḃal go Caesarea é.
1Agus ag dearcaḋ do Ṗól ar an ċóṁairle, duḃairt sé: A ḟeara, agus a ḃráiṫre, rinne ṁise seirḃís do Ḋia le coinsias ṁaiṫ ar fad go dtí an lá indiu.
2Agus d’órduiġ Ananias, uaċtarán na sagart, dóḃṫa sin a ḃí ina seasaṁ le n-a ṫaoiḃ, é a ḃualaḋ san ḃéal.
3Annsin duḃairt Pól leis: Buailfiḋ Dia ṫusa, a ḃalla aoldaiṫte. Óir an suiḋeann tú a ṫaḃairt ḃreiṫeaṁnais orm-sa do néir an dliġe, agus an dtugann tú órduġaḋ mé a ḃualaḋ i n-aġaiḋ an dliġe?
4Agus duḃairt na daoine a ḃí ina seasaṁ annsin: An ḃfuil tusa ag cáineaḋ árdṡagart Dé?
5Agus duḃairt Pól: Ní raiḃ a ḟios agam, a ḃráiṫre, gurab é uaċtarán na sagart é. Óir tá scríoḃṫa: Ní ċáinfiḋ tú prionnsa do ṗobail.#Ecs. 22, 28.
6Agus ó ḃí a ḟios ag Pól go raiḃ cuid acu ina Sadducaiġ, agus an ċuid eile ina ḃFairisíniġ, scairt sé amaċ san ċóṁairle: A ḟeara, agus a ḃráiṫre, is Fairisíneaċ, agus mac le Fairisíniġ mise:#Pilip. 3, 5. is fá ḋóċas agus fá eiséirġe na marḃ atáṫar mo ċeistuiġaḋ.
7Agus nuair a duḃairt sé sin, d’éiriġ aċrann eadar na Fairisíniġ agus na Sadducaiġ: agus roinneaḋ an sluaġ.
8Óir deir na Sadducaiġ naċ mbíonn eiséirġe ann,#Mait. 22, 23. ná aingeal, ná spiorad: aċt adṁuiġeann na Fairisíniġ iad sin araon.
9Agus d’éiriġ callán mór ann. Agus d’éiriġ cuid de na Fairisíniġ a ṫaḃairt caṫa, agus duḃairt: Ní ḟaġamuid olc ar bit san duine seo: cad é, má laḃair spiorad, nó aingeal leis?
10Agus tráṫ d’éiriġ aċrann mór ann, ar eagla go strócaidís Pól as a ċéile, d’órduiġ an ceann feaḋain do na saiġdiuirí dul síos, agus é ḃreiṫ uaṫa, agus a ṫaḃairt isteaċ san ċampa.
11Agus an oiḋċe ina ḋiaiḋ sin, ṡeasuiġ an Tiġearna ag a ṫaoiḃ, agus duḃairt: Bíoḋ misneaċ agat: óir mar rinne tú fiaḋnaise daṁ i n-Ierusalem, is mar sin is, éigean duit fiaḋnaise a ḋéanaṁ fosta san Róiṁ.
12Agus nuair a ṫáinic an lá, ċruinniġ cuid de na h-Iúdaiġ i gcionn a ċéile, agus ċeangail siad iaḋ féin faoi ṁionna, ag ráḋ, naċ gcaiṫfidís biaḋ ná deoċ, nó go marḃaidís Pól.
13Agus ḃí ós cionn ḋaiċead fear ann, a rinne an connraḋ ceilge sin:
14Agus ṫáinic siad ċuig uaċtaráin na sagart agus na seanóirí, agus duḃairt: Ṁionnuiġeamar le móid gan aon níḋ a ḃlaiseaḋ, nó go marḃamuid Pól.
15Anois, dá ḃríġ sin, cuirigiḋ-se, mar aon leis an ċóṁairle, i n-iúl do’n ċionn feaḋain é ṫaḃairt amaċ ċugaiḃ, aṁail agus dá mba ṁian liḃ eolas níos iomláine ḋ’ḟaġáil fá dtaoiḃ de. Agus sul a dtigiḋ sé ḟad liḃ, tá sinne ullaṁ ċun é a ṁarḃaḋ.
16Nuair a ċuala mac ḋeirḃṡiúr Ṗóil fá’n ċeilg, ṫáinic sé, agus ċuaiḋ isteaċ san ċampa gur innis do Ṗól.
17Agus ġoir Pól ċuige duine de na ceanntúirí, agus duḃairt: Taḃair an t-óigḟear seo ċuig an cionn feaḋain, óir tá rud éigin aige le h-innse dó.
18Agus ġá ḃreiṫ leis dó-san, ṫug sé go dtí an ceann feaḋain é, agus duḃairt: D’iarr an príosúnaċ Pól orm an t-óigḟear seo a ṫaḃairt ċugat, mar go ḃfuil rud éigin aige le ráḋ leat.
19Agus ġá ḃreit leis ar ġreim láiṁe do’n ċionn feaḋain, ċuaiḋ sé i leat taoiḃ leis, agus d’ḟiafruiġ de: Cad é tá agat le h-innse daṁ?
20Agus duḃairt seisean: Tá socair ag na h-Iúdaiġ iarraiḋ ort-sa Pól a ṫaḃairt amaċ ċun na cóṁairle i mbáraċ, aṁail agus dá mbéaḋ siad ar tí tuairisc éigin níos iomláine air a ċuartuġaḋ:
21Aċt ná creid ṫusa iad, óir tá ós cionn ḋaiċeaḋ fear acu ag déanaṁ luiġeaċáin roiṁe, agus ċeangail siad iad féin faoi ṁionna gan biaḋ ná deoċ a ċaiṫeaṁ nó go marḃaidís é: agus tá siad ullaṁ anois, ag feiṫeaṁ le do ġeallaṁaint-se.
22Ar an aḋḃar sin, leig an ceann feaḋain an t-óigḟear ċun siuḃail, agus ċros sé air innse do ḋuine ar biṫ gur ċuir sé na neiṫe sin i n-iúl dó féin.
23Agus ġoir sé beirt ċeanntúir ċuige, agus duḃairt leo: Ullṁuiġigiḋ fá ċoinne na tríoṁaḋ h-uaire de’n oiḋċe ḋá ċéad saiġdiuir le dul go Caesarea, agus deiċ agus trí fiċid marcaċ, agus bá ċéad lannaire:
24Agus faġaigiḋ beiṫiḋiġ, go gcuiriḋ siad Pól a ṁarcaiḋeaċt, agus go dtugaiḋ siad slán é go dtí an t-uaċtarán Felics.
25(Óir ḃí eagla air go mb’ḟéidir go ndéanaḋ na h-Iúdaiġ é d’ḟuadaċ agus a ṁarḃaḋ, agus go gcuirtí bréag air féin ina ḋiaiḋ sin, aṁail agus dá mbéaḋ sé ar tí airgead a ġlacaḋ).
26Agus scríoḃ sé litir a raiḃ seo inntí: Sláinte ó Ċluad Lisias ċuig an uaċtarán ró-oirḋearc Felics.
27Rug na h-Iúdaiġ ar an ḟear seo, agus ḃí siad ar tí a ṁarḃaḋ, nuair a ṫáinic mise orṫa le h-arm, agus sciob mé uaṫa é, ar a ṫuigḃeáil daṁ gur Róṁánaċ é:
28Agus d’ḟonn fios d’ḟaġáil ar an ċoir a ḃí dá cur ina leiṫ acu, ṫug mé ċun a gcóṁairle é.
29Agus fuair mé amaċ gur fá ċeisteanna a ndliġe féin a ḃí siad a ċionntuġaḋ, aċt gan aon ċoir ann a ṫuill bás ná geiṁleaċa.
30Agus nuair a h-innseaḋ daṁ fá luiġeaċán a ḃí dá ullṁuġaḋ acu roiṁe, ċuir mé ċugat-sa é, agus d’ḟuagair mé fosta do luċt a ċionntuiġṫe a gcás a ċur ós do ċóṁair-se. Slán agat.
31Ar an aḋḃar sin, ṫug na saiġḋiuirí leo Pól, ḋo réir mar h-órduiġeaḋ dóiḃ, agus ṫreoruiġ siad san oiḋċe go h-Antipatris é.
32Agus lá ar n-a ḃáraċ leig siad uaṫa na marcaiġ le dul leis, agus ṗill siad ċun an ċampa.
33Agus nuair a ṫáinic siad-san go Caesarea, agus ṫug siad an litir do’n uaċtarán, ċuir siad Pól ina ṡeasaṁ ós a ċóṁair fosta.
34Agus nuair a ḃí sí léiġte aige, agus d’ḟiafruiġ sé cé an ċúige arḃ as dó: agus nuair a ṫuig sé gurḃ as Cilicia dó:
35Duḃairt sé: Éistfiḋ mé leat, nuair a ṫiocfas luċt do ċionntuiġṫe. Agus d’órduiġ sé é a ċongḃáil i gcúirt Ioruaid.

Currently Selected:

Gníoṁarṫa 23: ASN1943G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in