Gníoṁarṫa 24
24
Caibidil XXIV
Dearḃann Pól a neiṁċionntaċt i láṫair an uaċtaráin, Felics. Míniġeann sé an creideaṁ dó.
1Agus i gcionn ċúig lá ṫáinic uaċtarán na sagart, Ananías, anuas, mar aon le cuid de na seanóirí, agus le h-óráidiḋe áiriṫe, darḃ ainm Tertullus, agus ċuaiḋ siad ċuig an uaċtarán i n-aġaiḋ Ṗóil.
2Agus nuair a goireaḋ Pól i láṫair, ṫoisiġ Tertullus a ċionntuġaḋ, ag ráḋ: De ḃríġ go mairimíd fá ṡíoṫċáin ṁóir tríd-se, agus go ḃfuil mórán neiṫe dá gceartuġaḋ faoi do riar,
3Adṁuiġimíd sin i gcóṁnaiḋe agus i ngaċ áit, a Ḟelics ró-oirḋeirc, go lán-ḃuiḋeaċ.
4Aċt ar eagla go gcuirinn níos mó moille ort, guiḋim ṫú as uċt do ċeannsaċta éisteaċt le h-aiṫġiorraċt cainnte uainn.
5Fuaireamar an duine seo ina ṗláiġ, agus é ag tógáil ċeannairc imeasc na n-Iúdaċ go léir ar fud an doṁain, agus ina uġdar le ceannairc aicme na Nasarḋaċ.
6Agus ṫug sé iarraiḋ fosta an teampall a ṫruailliuġaḋ, agus nuair a rugamar air, ḃí dúil againn breiṫeaṁnas a ṫaḃairt air do réir ár ndliġe.
7Aċt ṫáinic an ceann feaḋain, Lisias, orainn, agus sciob sé as ár láṁa é le foiréigean ṁór,
8Agus d’órduiġ sé do luċt a ċionntuiġṫe a ṫeaċt ċugat-sa: Agus tré n-a ċeistiuġaḋ béiḋ tú féin i n-inniṁ fios d’ḟaġáil uaiḋ-sean ar gaċ níḋ acu sin dá gcuirimíd ina leiṫ.
9Agus d’aontuiġ na h-Iúdaiġ leis, ag ráḋ go raiḃ na neiṫe sin aṁlaiḋ.
10Annsin d’ḟreagair Pól (nuair a ṫug an t-uaċtarán cóṁarṫa dó laḃairt): De ḃríġ gurab eol daṁ tusa a ḃeiṫ i do ḃreiṫeaṁ ar an ċineaḋ seo le mórán bliaḋan, is ró-ḟonnṁar a laḃarfas mé ar mo ṡon féin.
11Óir féadaiḋ tú a ḟios d’ḟaġáil, naċ ḃfuil sé níos mó ná ḋá lá ḋéag ó ċuaiḋ mise suas, a ṫaḃairt aḋarṫa i n-Ierusalem:
12Agus ní ḟuair siad mé ag díospóireaċt le h-aoinneaċ, ná ag taḃairt sluaiġ i gcionn a ċéile, san teampall, ná ins na sineagóga, ná san ċaṫair:
13Ná ní ṫig leo na neiṫe sin atá dá gcur i mo leiṫ anois acu a ċruṫuġaḋ duit.
14Aċt adṁuiġim seo duit, go ndéanaim seirḃís do’n Aṫair agus mo Ḋia do réir na h-aicme sin, a ngoireann siad-san éirse dí, ag creidḃeáil daṁ i ngaċ níḋ dá ḃfuil scríoḃṫa san dliġe agus ins na fáiḋe:
15Agus dóċas i nDia agam, rud a ḃfuil siad-san ag súil leis fosta, go mbéiḋ eiséirġe na ḃfíréan agus na neiṁḟíréan ann.
16Agus san níḋ seo ḃeirim iarraiḋ de ṡíor coinsias a ḃeiṫ agam naċ gcionntuiġeann i n-aġaiḋ Dé ná daoine.
17Agus i gcionn mórán bliaḋan ṫáinic mé ċuig mo ċineaḋ féin, ċun déirc, agus ofrála, agus móide a ḋéanaṁ.
18Agus fuair siad glanta san teampall mé, agus mé ag gaḃáil de na neiṫe sin, agus gan sluaġ liom, ná gleo,
19Iúdaiġ áiriṫe as an Aisia, ar ċóir dóiḃ a ḃeiṫ annseo ós do ċóṁair, agus dá mbéaḋ aon níḋ acu i m’aġaiḋ, é ċur i mo leiṫ:
20Nó abraḋ siad seo má fuair siad urċóid ar biṫ ionnam, nuair a ḃí mé i mo ṡeasaṁ i láṫair a gcóṁairle,
21Aċt aṁáin an t-aon ġuṫ seo le n-ar scairt mé amaċ, agus mé i mo ṡeasaṁ ina measc: Is fá eiséirġe na marḃ atá breiṫeaṁ-nas dá ṫaḃairt agaiḃ orm indiu.
22Agus ċuir Felics ar aṫlá iad, óir ba ró-ṁaiṫ a ḃí fios na sliġe seo aige, agus duḃairt: Nuair a ṫiocfas Lisias, an ceann feaḋain, anuas, éistfiḋ mé liḃ.
23Agus d’órduiġ sé do ċeanntúir é a ċoiṁéad, agus sócaṁal a ṫaḃairt dó, agus gan aoinneaċ dá ċáirde a ċosc ó ḟreastal a ḋéanaṁ dó.
24Agus i gcionn seal laeṫe, ṫáinic Felics, mar aon le n-a ṁnaoi, Drusilla, arḃ Iúdaċ í, agus ċuir siad fá ċoinne Ṗoil, gur ċuala uaiḋ fá’n ċreideaṁ atá i gCríost Íosa.
25Agus nuair a laḃair sé ar ċóir, agus ar ġeanmnaiḋeaċt, agus ar an ḃreiṫeaṁnas a ḃí le ṫeaċt, ġlac Felics eagla, agus d’ḟreagair sé: Imṫiġ leat anois: aċt nuair a ḃéas uain ḟóirstineaċ agam, cuirfiḋ mé fá do ċoinne.
26Agus ḃí súil aige san am ċéadna go dtaḃarfaḋ Pól airgead dó, agus dá ḃríġ sin, ċuireaḋ sé go minic fá n-a ċoirne, agus laḃaraḋ sé leis.
27Aċt nuair a ċuaiḋ ḋá ḃliaḋain ṫart, ṫáinic Portius Festus ina ċóṁarba ag Felics. Agus ó ḃí fonn ar Ḟelics na h-Iúdaiġ a ṡásaṁ, d’ḟág sé Pól ina príosúnaċ.
Currently Selected:
Gníoṁarṫa 24: ASN1943G
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland