Gníoṁarṫa 26
26
Caibidil XXVI.
Ḃeir Pól tuairisc do Agrippa ar a ḃeaṫa, ar a ṫionntóḋ ċun creidiṁ, agus ar a ġairm.
1Agus duḃairt Agrippa le Pól: Tá cead agat laḃairt ar do ṡon féin. Annsin ṡín Pól amaċ a láṁ, agus ṫoisiġ sé a ṫaḃairt a ṫuairisce.
2Measaim gur méanar daṁ, a rí Agrippa, a ḃeiṫ ar tí laḃairt ar mo ṡon féin indiu i do láṫair-se, i dtaoiḃ na neiṫe sin uilig atá curṫa i mo leiṫ ag na h-Iúdaiġ,
3Go h-áiriṫe ó tá a ḟios agat-sa gaċ gnás agus gaċ ceist dá mbíonn imeasc na n-Iúdaċ: ar an aḋḃar sin guiḋim ṫú éisteaċt liom go foiġdeaċ.
4Agus leoga is eol do na h-Iúdaiġ go h-uile mo ḃeaṫa ó m’óige, a ḃí ó ṫús imeasc mo ċiniḋ féin i n-Ierusalem:
5Agus ḃí aiṫne acu orm ó ṫús, (dá mba ṁian leo fiaḋnaise a ḋéanaṁ) mar ṁair mé i mo Ḟairisíneaċ do réir na h-aicme is déine dár gcreideaṁ.
6Agus anois is mar ġeall ar ḋóċas na geallaṁna a ṫug Dia dár n-aiṫreaċa a ṡeasaim faoi ḃreiṫeaṁnas:
7Agus tá súil ag ár ndá ṫreiḃ ḋéag leis, agus iad ag déanaṁ seirḃíse lá agus oiḋċe. Agus is fá’n dóċas sin, a rí, atá na h-Iúdaiġ ag cur i mo leiṫ.
8Cad ċuige a meastar do-ċreidṫe agaiḃ é, go dtógann Dia na mairḃ?
9Agus go dearḃṫa ṡíl mé féin gur ċóir daṁ mórán neiṫe a ḋéanaṁ i n-aġaiḋ ainm Íosa as Nasair.
10Agus rinne mé sin i n-Ierusalem, agus ḋruid mé mórán de na naoiṁ i bpríosúin, ar ḟaġáil uġdaráis daṁ ó uaċtaráin na sagart: agus nuair a cuireaḋ ċun báis iad, ṫug mise m’aontuġaḋ.
11Agus ġá bpianaḋ daṁ go minic i ngaċ sineagóig, ḃeirinn orṫa laḃairt go diaṁaslaċ: agus ag éirġe ní ḃa ṁire daṁ ina n-éadan, rinne mé iad a ġéirleanaṁaint fiú i gcaṫraċa coiṁiġṫeaċa.
12Le n-a linn sin nuair a ḃí mé ag dul ċun na Damaisce le h-uġdarás agus le cead ó uaċtaráin na sagart,
13Ċonnaic mé ar an ḃealaċ, a rí, ag meaḋón lae solus ó neaṁ ní ba ṁó ná gile na gréine ag soillsiuġaḋ ṫart fá dtaoiḃ díom féin agus fá dtaoiḃ dá raiḃ i n-aoinḟeaċt liom.
14Agus nuair a ṫuiteamar uilig ar an talaṁ, ċuala mé guṫ ag laḃairt liom i dteangaiḋ na h-Eaḃraise: A Ṡauil, a Ṡauil, cad ċuige a ndéan tú mé a ġéirleanaṁaint? Is doiliġ duit ḃeiṫ ag bualaḋ na sál i n-aġaiḋ an ḃruid.
15Agus duḃairt mise: Cé ṫú féin, a Ṫiġearna? Agus d’ḟreagair an Tiġearna: Is mé Íosa ar a ḃfuil tusa ag déanaṁ géirleánaṁna.
16Aċt éiriġ agus seasuiġ suas ar do ċosa: óir is fá n-a ċoinne seo a d’ḟoillsiġ mé mé féin duit, go ndéanainn seirḃíseaċ agus fiaḋnaiseaċ díoc ar na neiṫe sin a ċonnaic tú, agus ar na neiṫe sin ma ḃfoillseoċaiḋ mise mé féin duit,
17Do ṡaoraḋ daṁ ó’n ṗobal, agus ó na ciniḋeaċa ċuig a ḃfuil mé do ċur anois,
18A ḟosclaḋ na súl dóiḃ, ċun go dtionntuiġiḋ siad ó ḋorċadas go solus, agus ó ċuṁaċt Ṡatain ċun Dé, go ḃfaġaiḋ siad maiṫeaṁ-nas peacaiḋe, agus oiġreaċt imeasc na naoṁ tré ċreideaṁ ionnam-sa.
19Dá ḃríġ sin, a rí Agrippa, ní raiḃ mé mí-ċreidṁeaċ san ḟís neaṁḋa:
20Aċt d’ḟuagair mé ar dtús do ṁuinntir na Damaisce, agus i n-Ierusalem, agus ar fud ċeanntar Iudaia go h-uile, agus do na ciniḋeaċa, aiṫriġe a ḋéanaṁ, agus tionntóḋ ċun Dé, tré déanaṁ oibreaċa a d’ḟóirfeaḋ do’n aiṫriġe.
21Ar a ṡon sin rug na h-Iúdaiġ orm, nuair a ḃí mé san teampall, agus ṫug siad iarraiḋ mé a ṁarḃaḋ.
22Aċt tré ḟaġáil ċaḃarṫa ó Ḋia, seasuiġim go dtí an lá atá indiu ann ag taḃairt ḟiaḋnaise do’n ḃeag agus do’n ṁór, agus gan dadaṁ dá ráḋ agam aċt na neiṫe sin ar ḋuḃairt na fáiḋe agus Maoise go raiḃ siad le ṫeaċt,
23Go ḃfulaingeoċaḋ an Críost, gurḃ é a d’éireoċaḋ a ċéadraḋ ó na mairḃ, agus go ḃfoillseoċaḋ sé solus do’n ṗobal agus do na ciniḋeaċa.
24Agus nuair a duḃairt sé na neiṫe sin, ag taḃairt a ṫuairisce dó, laḃair Festus de ġuṫ árd: A Ṗóil, tá tú as do ċéill: tá an iomad léiġinn do ċur as do ċéill.
25Agus duḃairt Pól: Ní fuil mé as mo ċéill, a Ḟestuis ró-oirḋeirc, aċt laḃraim briaṫra a ḃfuil fírinne agus stuaim leo.
26Óir is eol do’n ríġ na neiṫe seo, agus laḃraim-se go dána ina láṫair. Óir measaim naċ ḃfuil aon níḋ acu seo ceilte air. Ná ní i gcoirnéal a ṫárla aon níḋ acu seo.
27An gcreideann tú ins na fáiḋe, a rí Agrippa? Tá a ḟios agam go gcreideann.
28Agus duḃairt Agrippa le Pól: Is beag naċ dtugann tú orm a ḃeiṫ i mo Ċríostaiḋe.
29Agus duḃairt Pól: Is í mo ṁian i nDia ní aṁáin ṫusa, aċt fosta a ḃfuil ag éisteaċt liom indiu, a ḃeiṫ san ḃeag agus san ṁór mar atá mise, aċt aṁáin ins na geiṁleaċa seo.
30Agus d’éiriġ an rí, agus an t-uaċtarán, agus Bernice, agus an méid a ḃí ina suiḋe ina ḃfoċair.
31Agus nuair a ċuaiḋ siad i leat taoiḃ, laḃair siad eatorṫa féin, ag ráḋ: Ní ḋearna an duine seo aon níḋ a ṫuilleas bás ná geiṁleaċa.
32Agus duḃairt Agrippa le Festus: D’ḟéadfaiḋe an duine seo a leigin saor, munarḃ é go ndeaċaiḋ sé ar ċoimirce Ċaesair.
Currently Selected:
Gníoṁarṫa 26: ASN1943G
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland