Gníoṁarṫa 6
6
Caibidil VI.
Órdnaḋ na seaċt ndeoċan. Dúṫraċt Steaṗáin.
1Agus, ins na laeṫe sin, mar go raiḃ líon na ndeisciobal ag méaduġaḋ, ṫárla monaḃar ag na Gréagaiġ#6, 1 Gréagaiġ. B’iad sin na h-Iúdaiġ a rugaḋ agus a tógaḋ san Ġréig. i n-aġaiḋ na n-Eaḃraċ, go raḃṫas ag cur a gcuid baintreaḃaċ i neaṁṡuim san ḟrioṫálaṁ laeṫeaṁail.
2Annsin ġoir an dáréag an sluaġ deisciobal i gcionn a ċéile, agus duḃairt: Ní cuiḃe dúinne briaṫar Dé d’ḟágáil, agus a ḃeiṫ ag freastal ag táblaí.
3Ar an aḋḃar sin, a ḃráiṫre, cuartuiġigiḋ i ḃur measc seaċt ḃfir ḋeiġ-ċliúiteaċa, lán de’n Spiorad Naoṁ agus d’eagna, a ċuirfimíd i mbun na h-oibre seo.
4Aċt béiḋ sinne de ṡíor ag gaḃáil d’urnaiġe, agus de ḟrioṫálaṁ an ḃriaṫair.
5Agus ṫaitin an ċainnt leis an tsluaġ go léir. Agus ṫoġ siad Steaṗán, fear lán de ċreideaṁ agus de’n Spiorad Naoṁ, agus Pilip, agus Proċorus, agus Nicanor, agus Tiomón, agus Parmenas, agus Nioclás, coṁalta nua as an Antuaiġ.
6Ċuir siad iad seo i láṫair na n-Abstal: agus ag guiḋe dóḃṫasan, leig siad a láṁa orṫa.
7Agus d’ḟás briaṫar Dé, agus ṁéaduiġ líon na ndeisciobal i n-Ierusalem go mór: agus ġéill cuid ṁór de na sagairt fosta do’n ċreideaṁ.
8Agus ġníoḋ Steaṗán, a ḃí lán de ġrásta agus de neart, iongantaisí agus míorḃailte móra imeasc na ndaoine.
9Agus daoine áiriṫe de’n tsineagóig, dá ngoirtear sineagóg na Saoirsineaċ, agus na gCuiréineaċ, agus ṁuinntir Ċaṫair Alastair, agus de’n ṁuinntir a ḃí ó Ċilicia agus ó’n Aisia, d’éiriġ siad a ḋíospóireaċt le Steaṗán:
10Agus ní raiḃ siad ábalta cur i n-aġaiḋ na h-eagna agus an Spioraid a laḃair.
11Annsin ṫug siad fir i láṫair le n-a ḋearḃaḋ go bréagaċ gur ċuala siad féin é ag laḃairt briaṫra diaṁaslaċa i n-aġaiḋ Ṁaoise agus i n-aġaiḋ Dé.
12Ar an aḋḃar sin, ġríosuiġ siad an pobal, agus na seanóirí, agus na Scríoḃaiḋṫe: agus ag riṫ i n-aoinḟeaċt dóiḃ, rug siad air, agus ṫug siad go dtí an ċóṁairle é,
13Agus ċuir siad fiaḋnaisiġ ḃréagaċa i láṫair, a ráḋ: Ní stadann an duine seo de laḃairt briaṫra i n-aġaiḋ na h-áite naoṁṫa agus an dliġe.
14Óir ċualamar é ag ráḋ, go millfeaḋ an t-Íosa seo as Nasair an áit seo, agus go n-aṫróċaḋ sé na sean-ġnáis a ṫug Maoise dúinn.
15Agus ag coiṁéad air dóḃṫa sin uilig a ḃí ina suiḋe ar an ċóṁairle, ċonnaic siad a aġaiḋ mar ḃéaḋ aġaiḋ aingil ann.
Currently Selected:
Gníoṁarṫa 6: ASN1943G
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland

: