Eoin 13
13
Caibidil XIII
Niġeann Críost cosa a ḋeisciobal. Feall Iúdais. Aiṫne nua an ġráḋa.
1Roiṁ lá ḟéile na Cásca#13, 1 Roiṁ lá ḟéile na Cásca. B’í seo an ceaṫraṁaḋ Cáisc agus an Ċáisc ḋeireannaċ le linn ḃeaṫa ṗuibliḋe Ċríost. Do réir an ċóṁáiriṁ is gnáṫaċ, ṫárla sin nuair a ḃí Críost i n-aois a ṫrí mbliaḋan déag ar ḟiċid agus i mbliaḋain a 4036 d’aois an doṁain. Deir cuid eile de’n luċt ċóṁáiriṁ gur ḟulaing ár Slánuiġṫeoir bás san tseaċtṁaḋ bliaḋain déag ar ḟiċid dá aois. Aċt is cuma cé acu baraṁail a ḃíos ag duine fá’n ċeist sin.,#Mait. 26, 2; Marc. 14, 1; Lúc. 22, 1. ó ḃí a ḟios ag Íosa go dtáinic a uair ċun imṫeaċt ó’n tsaoġal seo go dtí an t-Aṫair: ó ġráḋuiġ sé a ṁuinntir féin a ḃí ar an tsaoġal, ġráḋuiġ sé go deireaḋ iad.
2Agus nuair a ḃí an suipéar ṫart (agus go raiḃ an diaḃal i ndiaiḋ a ċur isteaċ i gcroiḋe Iúdais Iscariot, mac Síomoin, go ndéanfaḋ sé é a ḃraṫ),
3Ó ḃí a ḟios aige go dtug an t-Aṫair na h-uile neiṫe isteaċ ina láṁa dó, agus go dtáinic sé ó Ḋia, agus go raiḃ sé ag dul ċuig Dia:
4Éiriġeann sé ó’n tsuipéar, agus baineann de a ċuid éadaiġ: agus ag glacaḋ línéadaiġ dó, ċuaċ sé ṫart air é.
5Annsin cuireann sé uisce isteaċ i méis, agus ṫoisiġ sé a niġe cosa na ndeisciobal, agus á dtriomuġaḋ leis an línéadaċ a ḃí fá n-a ċoim.
6Tig sé, mar sin, go dtí Síomon Peadar. Agus deir Peadar leis: A Ṫiġearna, an ḃfuil tusa ag niġe mo ċos-sa?
7Duḃairt Íosa leis, ġá ḟreagairt: Ní ḟuil a ḟios agat anois cad é tá dá ḋéanaṁ agam, aċt béiḋ a ḟios agat ina ḋiaiḋ seo.
8Deir Peadar leis: Ní niġfiḋ tú mo ċosa-sa a ċoiḋċe. D’ḟreagair Íosa é: Muna niġiḋ mé ṫú, ní béiḋ páirt agat liom.
9Deir Síomon Peadar leis: A Ṫiġearna, ní aṁáin mo ċosa, aċt fosta mo láṁa agus mo ċeann.
10Deir Íosa leis: An té atá niġte, ní ḟuil feiḋm dó aċt a ċosa a niġe, aċt bíonn sé glan ar fad. Agus tá siḃ-se glan, aċt ní ḟuil siḃ go léir glan.
11Óir ḃí a ḟios aige cérḃ é an té a ḃraiṫfeaḋ é: ar an aḋḃar sin, duḃairt sé: Ní ḟuil siḃ go léir glan.
12Ar an aḋḃar sin, i ndiaiḋ a gcosa a niġe, agus a ċuid éadaiġ a ċur air, nuair a ṡuiḋ sé síos arís, duḃairt sé leo: An ḃfuil a ḟios agaiḃ cad é rinne mé díḃ?
13Ḃeir siḃ-se Máiġistir, agus Tiġearna, orm: agus is maiṫ a deir siḃ é: óir is aṁlaiḋ sin mé.
14Ar an aḋḃar sin, má niġ mise ḃur gcosa-sa, agus gur mé an Tiġearna agus an Máiġistir: is cóir díḃ-se mar an gcéaḋna cosa a ċéile a niġe.
15Óir ṫug mise sompla díḃ, ċun go ndéanaḋ siḃ-se, mar a rinne mise liḃ-se.
16Amén, amén, adeirim liḃ: ní ḟuil an semḃíseaċ níos mó ná a Ṫiġearna:#Mait. 10, 24; Lúc. 6, 40. ná ní ḟuil an t-abstal níos mó ná an té a ċuir uaiḋ é.
17Má tá a ḟios agaíḃ na neiṫe sin, is beannuiġṫe a ḃéas síḃ, má ġní siḃ iad.
18Ní ḟuil mé ag laḃairt oraiḃ uilig: tá a ḟios agam cé h-iad atá toiġte agam: aċt ċun go gcóiṁlíontaí an scrioptúir:#Sailm 40, 10. An té atá ag iṫe aráin i mo ċuideaċta, tógfaiḋ sé a ṡál i m’aġaiḋ.
19Tá mé ġá innse díḃ anois, sul a dtárluiġiḋ sé: ċun go gcreidiḋ siḃ, nuair a ṫárlóċas sé, gur mise an té is mé.
20Amén, amén adeirim liḃ: an té a ġaḃas ċuige cibé a ċuirfeas mise uaim, gaḃann sé mise ċuige: agus an té a ġaḃas mise ċuige, gaḃann sé ċuige an té a ċuir uaiḋ mé.#Mait. 10, 40; Lúc. 10, 16.
21Nuair a duḃairt Íosa na neiṫe sin, ṫáinic buaiḋreaṁ ina spiorad air: agus ḋeiṁniġ sé, agus duḃairt: Amén, amén adeirim liḃ, go mbraiṫfiḋ duine agaíḃ mé.#Mait. 26, 21; Marc. 14, 18; Lúc. 22, 21.
22Ar an aḋḃar sin, d’aṁarc na deisciobail ar a ċéile, agus aṁras orṫa fá cé h-é ar laḃair sé air.
23Agus ḃí ina luiġe ar uċt Íosa duine dá ḋeisciobail a raiḃ gráḋ ag Íosa dó.
24Ar an aḋḃar sin, rinne Síomon Peadar cóṁarṫa dó-san, agus duḃairt leis: Cé h-é an té a ḃfuil sé ag cainnt air?
25Dá ḃríġ sin, ar luiġe dó-san ar uċt Íosa, deir sé leis: Cé h-é é, a Ṫiġearna?
26D’ḟreagair Íosa: An té a sínfiḋ mise arán tomṫa ċuige, is é sin é. Agus nuair a ṫom sé an t-arán, ṫug sé do Iúdas Iscariot, mac Síomoin, é.
27Agus i ndiaiḋ an ġreim aráin, ċuaiḋ Satan isteaċ ann. Agus duḃairt Íosa leis: An rud atá tú a ḋéanaṁ, déan go tapaiḋ#13, 27 An rud atá tú a ḋéanaṁ, déan go tapaiḋ. Ní h-aṁlaiḋ a ċeaduiġ Críost do Iúdas, agus is cinnte nár órduiġ sé dó, an feall a ḋéanaṁ. Aċt ḃí Críost ġá ċur i n-iúl naċ gcuirfeaḋ sé bac ná cosc ar an ġraiṫe a ḃí ina rún ag Iúdas, agus go ḃféadfaḋ sé é a ḋéanaṁ cóṁ luaṫ agus a ba ṁian leis. Ní aṁáin go raiḃ sé féin réiḋ le bás d’ḟulang le sinn a ṡlánuġaḋ, aċt ḃí fonn air sin a ḋéanaṁ..
28Aċt ní raiḃ a ḟios ag aoinneaċ dá raiḃ ina suiḋe ag an tábla, cad ċuige ar ḋuḃairt sé sin leis.
29Óir ṡíl cuid acu, ó ḃíoḋ an sparán ag Iúdas, go raiḃ Íosa ag ráḋ leis: Ceannuiġ na neiṫe atá do ḋíṫ orainn fá ċoinne lá na féile: nó rud éigin a ṫaḃairt do na boċta.
30Dá ḃríġ sin, nuair a ġlac seisean an greim, ċuaiḋ sé amaċ láiṫreaċ. Agus ḃí an oiḋċe ann.
31Nuair a d’imṫiġ seisean amaċ, duḃairt Íosa, ar an aḋḃar sin: Anois tá glóir tugṫa do Ṁac an Duine: agus ann-san tá glóir tugṫa do Ḋia.
32Má tá glóir tugṫa do Ḋia ann-san, ḃéarfaiḋ Dia glóir dó ann féin fosta: agus ḃéarfaiḋ sé glóir dó gan ṁoill.
33A ċlann ḃeag, ar feaḋ tamaill ḃig go fóill tá mé i ḃur measc. Béiḋ siḃ ar mo lorg: agus mar a duḃairt mé leis na h-Iúdaiġ: Mar a dtéiġim-se, ní féidir díḃ-se ṫeaċt: agus deirim liḃ-se anois é.
34Ḃeirim aiṫne nua díḃ:#Leiḃ. 19, 18; Mait. 22, 39. Go raiḃ gráḋ agaiḃ dá ċéile, mar a ġráḋuiġ mise siḃ-se, go ngráḋuiġiḋ siḃ-se a ċéile mar an gcéadna.
35Ar seo a aiṫneoċas gaċ aoinneaċ gur deisciobail daṁ-sa siḃ, má ḃíonn gráḋ agaiḃ dá ċéile.
36Deir Síomon Peádar leis: A Ṫiġearna, cá ḃfuil tú ag dul? D’ḟreagair Íosa: Mar a dtéiġim-se, ní féidir duit-se; mé a leanaṁaint anois: aċt leanfarḋ tú mé ina ḋiaiḋ seo.
37Deir Peadar leis: Cad ċuige naċ féidir daṁ ṫú a leanaṁaint anois? Ḃéarfaiḋ mé mo ḃeaṫa ar do ṡon.#Mait. 26, 35; Marc. 14, 29; Lúc. 22, 33.
38D’ḟreagair Íosa é: An dtaḃarfaiḋ tú do ḃeaṫa ar mo ṡon? Amén, amén adeirim leat: Ní scairtfiḋ an coíleaċ, sul a séanaiḋ tú trí h-uaire mé.
Currently Selected:
Eoin 13: ASN1943G
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland

: